Gearán a dhéanamh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann
-
Má chreideann tú go ndearnadh idirdhealú ort faoi théarmaí na nAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018 (‘na hAchtanna’), féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.
Ar an gcéad dul síos, caithfidh tú scríobh chuig an soláthraí seirbhíse leis an bhfoirm ES1, ag insint dóibh faoi do ghearán agus ag rá mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra go ndéanfaidh tú gearán leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Is féidir le tuismitheoir nó caomhnóir gearán a dhéanamh thar ceann páiste nó duine faoi mhíchumas intleachtúil nó duine ag a bhfuil deacracht meabhairshláinte.
Caithfear é sin a dhéanamh laistigh de dhá mhí den dáta is deireanaí a rinneadh idirdhealú ort. Is féidir leat an fhoirm ES1 a úsáid chun fógra a thabhairt don soláthraí seirbhíse. Is féidir an fhoirm seo a fháil ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.
Is féidir leis an soláthraí seirbhíse freagra a thabhairt ar an bhfógra sin, leis an bhfoirm ES2, ach níl aon iallach orthu sin a dhéanamh.
Mura bhfaigheann tú freagra laistigh de mhí amháin, nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, is féidir leat gearán a dhéanamh ansin leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Caithfear é sin a dhéanamh laistigh de shé mhí den dáta is deireanaí a rinneadh idirdhealú ort.
I gcásanna eisceachtúla, is féidir na teorainneacha ama a shíneadh, ach iarratas a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Is féidir iad a shíneadh go ceithre mhí (le haghaidh thréimhse an fhógra) agus go 12 mhí (le gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre).
-
Má bhaineann do ghearán le hidirdhealú a tharlaíonn in áitreabh nó ag an mbealach isteach chuig áitreabh a dhíolann alcól, caithfear an gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche.
-
Chomh maith leis sin, má bhaineann do ghearán le club cláraithe, d’fhéadfadh rialacha difriúla a bheith i bhfeidhm, agus d’fhéadfadh go mbeadh ort gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche.
Léigh níos mó faoin gcaoi le gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche.