An dtagann do chás faoin dlí faoi idirdhealú maidir le seirbhísí?
Ní chlúdaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018 (‘na hAchtanna’) gach difríocht sa gcaoi a gcaitear le duine maidir le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil:
- Ní chlúdaítear ach roinnt cineálacha idirdhealaithe.
- Ní chlúdaítear ach naoi bhforas (tá deich bhforas i gceist le cóiríocht).
- Tá roinnt srianta ar an méid a chaithfidh soláthraithe earraí agus seirbhísí a dhéanamh. Áirítear leis sin, mar shampla, nach gá dul thar chostais ainmniúla a bhaineann le freastal réasúnta a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.
- Tá roinnt cineálacha idirdhealaithe – ar nós idirdhealú dearfach – nach bhfuil in aghaidh an dlí.
Tá roinnt cásanna ann nuair nach mbíonn na hAchtanna i bhfeidhm. Tugtar díolúintí orthu siúd. Tá cineálacha difriúla idirdhealaithe ann:
- Díolúintí ginearálta a bhaineann le gach cineál earra agus seirbhíse
- Díolúintí sonracha a bhaineann le hearraí agus seirbhísí
- Díolúintí sonracha a bhaineann le hoideachas
- Díolúintí sonracha a bhaineann le cóiríocht
- Díolúintí sonracha a bhaineann le clubanna
Cliceáil ar na naisc le feiceáil an mbaineann aon cheann de na díolúintí le do chás féin.
An gceapann tú go ndearnadh idirdhealú ort?
- Seiceáil an mbaineann do chás le dlí faoi leith.
- Faigh amach céard ba cheart duit a dhéanamh má cheapann tú go ndearnadh idirdhealú ort.
- An féidir linne cabhrú leat?