Díolúintí ginearálta faoin dlí faoi idirdhealú maidir le seirbhísí

Tá roinnt cásanna nuair nach mbíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018 (‘na hAchtanna’), a bhaineann le hidirdhealú maidir le hearraí agus seirbhísí, i bhfeidhm.  Tugtar díolúintí orthu sin. Tugtar míniú ar roinnt díolúintí ginearálta sna hAchtanna, lena n‑áirítear:

  • Dlíthe eile: Ní chuireann na hAchtanna cosc ar chaitheamh ar bhealach difriúil le daoine éagsúla má éilíonn dlí eile é. Mar shampla, níl sé in aghaidh na nAchtanna íocaíocht leasa shóisialaigh a dhiúltú má deir an dlí leasa shóisialaigh nach bhfuil tú i dteideal na híocaíochta.
  • Náisiúntacht: Níl cosc faoi na hAchtanna ar ghníomh a dhéanann údarás áitiúil maidir le náisiúnach neamh‑Éireannach nach bhfuil sa Stát go dleathach.
  • Iompar: Níl sé in aghaidh na nAchtanna earraí, seirbhísí nó cóiríocht a dhiúltú má tá cúis mhaith ag an soláthraí seirbhíse a chreidiúint go bhfuil baol suntasach ann go mbeadh iompar coiriúil nó mí‑ordúil nó dochar do réadmhaoin mar thoradh ar earraí nó seirbhísí a sholáthar do chustaiméir.

Ní chlúdaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann gach cás féideartha a bhaineann le hidirdhealú maidir le seirbhísí:

Tá cineálacha eile díolúintí ann:

Cliceáil ar na naisc le feiceáil an mbaineann aon cheann de na díolúintí le do chás féin.