Tithíocht & Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta

Tithíocht agus Idirdhealú ar bhonn Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta

Tarlaíonn idirdhealú ar an bhforas cúnaimh tithíochta nuair a dhéileáiltear le duine le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine eile, mar go bhfuil duine amháin ag fáil forlíonadh cíosa, cúnamh tithíochta nó aon íocaíocht leasa shóisialaigh agus nach bhfuil an duine eile.

Tá cosaint ar idirdhealú ar an bhforas cúnaimh tithíochta i bhfeidhm i gcás na cóiríochta amháin, agus ní bhaineann sé le soláthar earraí ná seirbhísí, forais oideachais ná clubanna faoi na hAchtanna.

Is é an riail ghinearálta nach féidir idirdhealú a dhéanamh ar an bhforas Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta maidir le:

  • aon eastát a dhiúscairt;
  • tionóntacht a fhoirceannadh;
  • cóiríocht, nó aon seirbhísí nó taitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht a sholáthar; nó
  • scor de chóiríocht a sholáthar.

Caithfidh an t-áitreabh nó an chóiríocht a bheith ar fáil don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal.

Céard a chuimsítear?

Déanann na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018:

  • comhionannas a chur chun cinn;
  • prohibit certain kinds of discrimination (with some exemptions) across a number of specified grounds (Age, Civil Status, Disability, Family Status, Gender, Housing Assistance Payment, Membership of the Traveller Community, Race, Religion, Sexual Orientation);
  • prohibit sexual harassment and harassment across a number of specified grounds;
  • cosc a chur ar íospairt;
  • freastal réasúnta a éileamh ar dhaoine faoi mhíchumas;
  • raon leathan bearta gníomhaíochta dearfaí a cheadú.

Cuireann na hAchtanna um Stádas Comhionann an dá Threoir seo a leanas ón Aontas Eorpach i bhfeidhm freisin: an Treoir maidir le Cine agus an Treoir maidir le Comhionannas Inscne maidir le Rochtain ar Earraí agus Seirbhísí.

Céard nach gcuimsítear?

Tá cúpla díolúine shuntasach sna hAchtanna um Stádas Comhionann a bhaineann le soláthar tithíochta agus cóiríochta.

Ba cheart na díolúintí sin a léamh go sriantach agus níor cheart go gcuirfidís teorainn mhíchuí ar an gcosc ginearálta ar idirdhealú.

Case Studies

Search database for more case studies

Céard í an chéad chéim eile?

Cuir gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC)

Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) an príomhchomhlacht a éisteann le gearáin agus a chinneann cúiteamh de bharr idirdhealú faoi dhlíthe comhionannais na hÉireann. Ní bhíonn aon táille ar chás a thabhairt os comhair an Choimisiúin agus is féidir gearáin a dhéanamh ar líne.

Learn more about the WRC process

Téigh i dteagmháil linn

Tá ról faoi leith againne, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, troid in aghaidh an idirdhealaithe agus an comhionannas agus cearta an duine a chur chun cinn in Éirinn. Is féidir linn eolas a thabhairt duit faoi do chearta, agus i gcásanna teoranta ar leith is féidir linn cúnamh dlí a thabhairt duit. Ach tabhair faoi deara nach cúirt muid agus nach gcinnimid éilimh idirdhealaithe.

Learn more about how to contact us

Téigh i dteagmháil le heagraíocht eile

D’fhéadfadh go mbeadh eagraíocht eile in ann cúnamh níos fearr a thabhairt duit.

  • Women's rights and equality

    National Women’s Council Ireland

  • Freedom of Information

    Office of the Information Commissioner

  • Disability rights

    Disability Federation of Ireland

  • Transgender persons

    Teni Transgender Equality Network Ireland

  • Immigration and asylum

    International Organization for Migration

  • Traveller Community rights

    Irish Traveller Movement (ITM)

  • Immigration and asylum

    International Protection Office, Irish Naturalisation and Immigration Service

  • Traveller and Roma rights

    Pavee Point Traveller and Roma Centre

  • Rights of people with disabilities

    National Advocacy Service for People with Disabilities

  • Legal advice for Travellers

    Traveller Legal Service – FLAC

Browse the database of organisations working on human rights and equality issues in Ireland.

Contact Us

You do not need to provide contact information below but if you do so we will treat your personal information confidentially and in accordance with our data protection policies