Fógraíocht & Comhaltas den Lucht Siúil

Fógraíocht agus Idirdhealú ar bhonn Comhaltais den Lucht Siúil

Tarlaíonn idirdhealú ar an bhforas comhaltais den Lucht Siúil nuair a dhéileáiltear le duine le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine eile, mar gur duine den Lucht Siúil duine amháin agus nach amhlaidh don duine eile.

Sainmhínítear ‘duine den Lucht Siúil’ mar dhuine de phobal daoine ar a dtugtar an Lucht Siúil go coitianta agus a shainaithnítear (acu féin agus ag daoine eile) mar dhaoine ag a bhfuil stair, cultúr agus traidisiúin i bpáirt, lena n-áirítear, go stairiúil, saol fánaíochta ar oileán na hÉireann.

Tuairiscigh neamhionannas i bhfógraíocht

Má thagann tú ar fhógra a chreideann tú a dhéanann idirdhealú ar an bhforas comhaltais de Lucht Siúil, is féidir leat é a thuairisciú anseo. 

Is féidir le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre nó dul i dteagmháil leis an bhfógróir go díreach i gcás fógraíocht idirdhealaitheach.

Má chreideann tú go bhfuil tionchar díreach ag fógra ar an teacht atá agat ar fhostaíocht, is féidir leat gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre go díreach.

Céard a chuimsítear?

Céard nach gcuimsítear?

Case Studies

Search database for more case studies

Céard í an chéad chéim eile?

Cuir gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC)

Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) an príomhchomhlacht a éisteann le gearáin agus a chinneann cúiteamh de bharr idirdhealú faoi dhlíthe comhionannais na hÉireann. Ní bhíonn aon táille ar chás a thabhairt os comhair an Choimisiúin agus is féidir gearáin a dhéanamh ar líne.

Learn more about the WRC process

Téigh i dteagmháil linn

Tá ról faoi leith againne, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, troid in aghaidh an idirdhealaithe agus an comhionannas agus cearta an duine a chur chun cinn in Éirinn. Is féidir linn eolas a thabhairt duit faoi do chearta, agus i gcásanna teoranta ar leith is féidir linn cúnamh dlí a thabhairt duit. Ach tabhair faoi deara nach cúirt muid agus nach gcinnimid éilimh idirdhealaithe.

Learn more about how to contact us

Téigh i dteagmháil le heagraíocht eile

D’fhéadfadh go mbeadh eagraíocht eile in ann cúnamh níos fearr a thabhairt duit.

  • Employment rights / Equal treatment in services

    Workplace Relations Commission

  • Employment law clinic

    Community Law and Mediation Centre and Arthur Cox

  • Legal advice for Travellers

    Traveller Legal Service - FLAC

  • Traveller Community rights

    Irish Traveller Movement (ITM)

  • Traveller and Roma rights

    Pavee Point Traveller and Roma Centre

  • Anti-racism

    INAR (the Irish Network Against Racism)

  • Workers' rights

    Workers’ Rights Centre

  • Workplace bullying

    Health and Safety Authority

  • Legal advice

    Free Legal Advice Centres

  • Legal aid

    The Legal Aid Board

  • Citizen's Information Centres

    Citizen's Information

Browse the database of organisations working on human rights and equality issues in Ireland.

Contact Us

You do not need to provide contact information below but if you do so we will treat your personal information confidentially and in accordance with our data protection policies