Cad is ualach díréireach ann?
Ní gá d'fhostóirí bearta oiriúnacha a sholáthar d’fhostaithe ná do chuardaitheoirí post dá gcuirfeadh na bearta sin ualach díréireach orthu.
D’fhéadfaí a mheas gur ualach díréireach é beart oiriúnach a chur ar fáil, ach bhraithfeadh sé sin ar:
- an costas a bheadh ag baint leis
- costais eile, mar am foirne, an tionchar ar tháirgiúlacht nó an cur isteach ar chúrsaí a bheadh i gceist
- méid agus acmhainní airgeadais an fhostóra
- an chaoi go mb’fhéidir go bhféadfaí cúnamh poiblí nó cúnamh eile a fháil.
Sampla Beart oiriúnach a bheadh ann ardaitheoir a shuiteáil chun go mbeadh fostaí a úsáideann cathaoir rothaí in ann an áit oibre a rochtain. D'fhéadfadh sé in a bheith ina ualach díréireach do ghnó an-bheag, cé nach fhéadfadh sé a bheith ina ualach díréireach ag cuideachta mhór.
Bíonn maoiniú poiblí, deontais agus cúnamh eile ar fáil i gcúinsí áirithe. Mura gcuireann fostóir beart oiriúnach i bhfeidhm bíonn sé de dhualgas air nó uirthi a chruthú gurbh ualach díréireach a bheadh sa bheart sin.
Sampla Is mian le gnólacht ardaitheoir a shuiteáil chun go mbeadh fostaí a úsáideann cathaoir rothaí in ann an áit oibre a rochtain ach níl sé d’acmhainn acu é sin a dhéanamh. Cuireann siad isteach ar Dheontas Trealaimh/Oiriúnaithe san Áit Oibre a chuireann ar a gcumas an beart cuí a sholáthar.
Is iomaí beart oiriúnach, áfach, nach gcosnaíonn aon rud, mar shampla, uaireanta oibre solúbtha.