Ní bheidh comhionannas inscne againn go n-aithnímid agus go dtacaímid le Cúram, a deir an Coimisiún agus Feachtas Cúraim Inscne á Sheoladh

Sheol Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) feachtas feasachta náisiúnta suntasach inniu dar teideal Cúram a Dhéanamh den Chomhionannas. Is é seo an tríú cuid den tsraith feachtas “Mar gur daoine muid ar fad, is mar a chéile muid ar fad”.

Cé gur dhírigh na feachtais roimhe seo ar mheonta i leith ciníochais agus míchumais, tugann Cúram a Dhéanamh den Chomhionannas dúshlán na meonta seanbhunaithe sa tsochaí faoi nádúr thar a bheith inscneach an chúraim, idir chúram gan phá agus chúram ar phá íseal, agus an chaoi a dtéann sé sin i bhfeidhm ar mhná san ionad oibre.

Beidh an feachtas náisiúnta gan script ar siúl i gcaitheamh mhí Eanáir ar fhógraíocht teilifíse, raidió, shóisialta agus dhigiteach ó inniu, Dé hAoine, 6 Eanáir, nó Lá Nollag na mBan. Léirítear agallaimh le mná ó chúlraí difriúla agus roinneann siad a ndearcthaí pearsanta ar an gcaoi a dtéann neamhionannas inscne agus obair chúraim i bhfeidhm ar a saol ó lá go lá, ar a bhféidearthachtaí gairme agus ar a dtodhchaí.

Féachann an feachtas le daoine a chumasú le gnéasachas laethúil agus struchtúrtha a aithint agus a dhúshlán a thabhairt sa bhaile agus san ionad oibre, ag nochtadh dhofheictheacht luach an chúraim sa tsochaí agus na neamhionannas inscne dá mbarr.

Dúirt rannpháirtithe an fheachtais:

“Ní ceist a bhaineann le mná amháin é cúram. Baineann cúram le gach duine. Beidh freagrachtaí cúraim orainn ar fad ó chliabhán go cróchar. Caithfimid glacadh leis sin agus caithfimid tacú leis trí chórais agus struchtúir a chur i bhfeidhm do dhaoine, seachas brath ar mhná é a dhéanamh díreach ‘mar gurb in a dhéanann siad’. Linda K.

“Tá an oiread dár n-obair mar dhaoine a thugann aire do dhaoine eile gan phá. Agus nuair a chuirtear i dtimpeallacht ghairmiúil é, tá sé tearc-íoctha. Is éard a léiríonn sé fúinn i ndáiríre ná gur cuma linn. Is cuma linn mar go n-íocaimid na daoine a thugann aire do dhaoine eile, na daoine a dhéanann an obair sin, pá beag bídeach.” Ailbhe S.

Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:

“Rud amháin atá i bpáirt againn ar fad – idir mhná agus fhir, idir óg agus aosta – ná go gcaithfidh daoine eile aire a thabhairt dúinn i rith tréimhsí áirithe dár saol. Tá cúram riachtanach le go mairfimid, mar dhaoine aonair agus mar shochaí. Ní haon áibhéil a rá go dtitfeadh ár sochaí agus an geilleagar mar a thuigimid é as a chéile gan an obair chúraim a dhéanann mná.

“Tá an chaoi a gcaitheann an tsochaí le cúram lárnach sa chomhionannas. Má leantar á mheas faoina luach, táimid ag rá go coinsiasach nach meastar mar an gcéanna an infheistíocht ama agus chúraim a dhéanann leath an daonra.  Agus, dá réir, nach meastar mná mar an gcéanna.

“Má táimid dáiríre faoi chearta an duine agus comhionannas, ní mór d’Éirinn caidreamh nua a aimsiú idir róil fostaíochta íoctha, cúraim agus inscne, agus bearta mar bhonn faoi chun tacú le tuismitheoirí fostaithe agus cúramóirí eile.”

CRÍOCH/

Déanfaidh Fennels grianghraif don fheachtas Cúram a Dhéanamh den Chomhionannas a shindeacáitiú an 5 Eanáir lena n-úsáid an 6 Eanáir.

Tá na fógraí teilifíse ar fáil anseo:

Teilifís: https://vimeo.com/ihrec/lindak

Físeán ar éileamh (VOD): https://vimeo.com/ihrec/ailbhe

Tá leathanach gréasáin an fheachtais ar fáil anseo: www.ihrec.ie/careaboutequality

Rannpháirtithe an Fheachtais

Grúpa Comhairliúcháin an Fheachtais

Gabhaimid buíochas leis na comhaltaí a leanas den ghrúpa comhairliúcháin a chur le forbairt an fheachtais seo:

Bridget Kelly, Claire Duffy, Colm Kelly Ryan, an Dr Rosaleen McDonagh, Karen Kiernan, Mariaam Bhatti, Orla O’Connor, Ursula Barry, Síona Cahill agus Suzy Byrne.