Scéim Deontais Chearta an Duine agus Comhionannais, 2023 ar Oscailt anois le haghaidh Iarratas

Clár Náisiúnta €400,000 ag Lorg Tionscadal chun Dul Chun Cinn a Dhéanamh ar Theacht ar Cheartas agus Cearta agus chun Deireadh le Cumasachas, Aoiseachas, Ciníochas, Gnéasachas, Homafóibe agus Trasfhóibe a Chur Chun Cinn

Iarrtar ar eagraíochtaí agus grúpaí ar fud na hÉireann a oibríonn ar cheisteanna chearta an duine agus comhionannais iarratas a dhéanamh ar Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2023 a d’oscail Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas inniu.

Tacóidh Scéim Deontas na bliana seo le tionscadail a dhíríonn ar cheann de dhá shnáithe.

  • Snáithe A: Dul Chun Cinn a Dhéanamh ar Theacht ar Cheartas agus Cearta – tionscadail a chuireann teacht ar cheartas chun cinn agus a chuireann ar a gcumas do dhaoine a gcearta comhionannais agus daonna a thuiscint, a éileamh agus a chosaint níos fearr, agus
  • Snáithe B: Deireadh le Cumasachas, Aoiseachas, Ciníochas, Gnéasachas, Homafóibe agus Trasfhóibe a Chur Chun Cinn – tionscadail a chuireann chun cinn deireadh a chur le ciníochas, cumasachas, aoiseachas, gnéasachas, homafóibe agus trasfhóibe trí thuiscint an phobail agus gníomh an Stáit.

Féadfaidh eagraíochtaí sochaí sibhialta a chuireann isteach ar mhaoiniú faoin Scéim Deontas iarratas a dhéanamh ar dheontas beag (suas le €6,000) nó deontas ginearálta (suas le €20,000), agus beidh €400,000 ar fáil san iomlán.

Tá deontais ar fáil d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, ina measc grúpaí pobail agus deonacha náisiúnta nó áitiúla, líonraí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí daoine a bhfuil cearta acu, grúpaí pobail bunaithe ar cheantar, grúpaí pobail sainleasa, agus ceardchumainn. Fáiltítear freisin roimh iarratais ina bhfuil comhpháirtíocht chomhoibríoch idir dhá eagraíocht nó níos mó.

Táthar ag súil go gcuirfidh iarratasóirí tograí isteach chun daoine agus grúpaí a bhfuil na constaicí is mó ina mbealach chun a gcearta a bhaint amach a chumasú agus ina bhfuil guth agus gníomhú na ndaoine a mbíonn an neamhionannas is mó ina mbealach páirteach. Áirítear orthu sin grúpaí a chosnaítear faoi na naoi bhforas sa reachtaíocht chomhionannais: inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, aois, gnéaschlaonadh, míchumas, cine, reiligiún agus duine den Lucht Siúil, anuas ar dhaoine a fhulaingíonn mar gheall ar an mbochtaineacht, agus idirdhealú nó eisiamh socheacnamaíoch, iad siúd a lorgaíonn cosaint idirnáisiúnta agus pobail imirceach ina measc.

Seo an t-ochtú bliain den Scéim Deontas, scéim a mhaoinigh 210 tionscadal um chearta an duine agus comhionannas cheana féin ar fud na hÉireann, ina measc cláir thaighde, gníomhaíochtaí oiliúna agus acmhainní, comhdhálacha, imeachtaí agus tionscnaimh chultúrtha. Ó cuireadh tús léi, lean an Scéim ag fás agus ag forbairt i dteannta ár nDeontaithe, ag léiriú a riachtanas, a ndúshlán agus an obair thábhachtach a dhéanann siad.

Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte Dé Céadaoin, 26 Aibreán 2023, ag a 3.00 i.n. go beacht.

Tá na sonraí iomlána faoin Scéim Deontas ar fáil anois i dTreoircháipéis an Choimisiúin.

Cuirfidh an Coimisiún trí Sheisiún Eolais ar líne ar bun faoi Scéim Deontas 2023–24 ar an 24, 28 agus 29 Márta 2023.

Tá sonraí breise ar fáil ar leathanach gréasáin na nDeontas ar https://www.ihrec.ie/ga/our-work/human-rights-and-equality-grants-scheme

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

“Tá ról riachtanach ag an tsochaí shibhialta i dtacú agus cumhachtú na ndaoine sin inár sochaí a mbíonn an neamhionannas is mó le sárú acu agus nach gcloistear a nguth go minic.

Tá suíomh ar leith ag na heagraíochtaí sa tsochaí shibhialta, mar gheall ar chomh gar agus a bhíonn siad leis na pobail ar a bhfreastalaíonn siad, chun éisteacht leo siúd is mó a dtéann ceisteanna chearta an duine agus comhionannais i bhfeidhm orthu agus iad a dhéanamh páirteach i ndáiríre ina gcuid oibre, rud a fhágann go bhfuil a n-ionchur thar a bheith luachmhar chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint.

Éilím ar gach grúpa incháilithe cur isteach ar ár Scéim Deontas.”

CRÍOCH/