Seoltar Tuarascáil Bhliantúil Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

  • Tarraingítear aird sa Tríú Tuarascáil Bhliantúil arna cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar idirghabhálacha dlíthiúla cinniúnacha.
  • Tharraing an pobal 1,890 cás imní anuas, méadú 6% ar an mbliain roimhe agus bhí cúrsaí idirdhealaithe a bhain le míchumas ar bharr an liosta.
  • Rannpháirtíocht leis an Oireachtas i réimsí tábhachtacha reachtaíochta agus beartais, foilsíodh taighde nua.
  • Tuairisciú foirmiúil ar oibleagáidí idirnáisiúnta na hÉireann ag na Náisiúin Aontaithe.
  • Béim ar thionchar an Bhreatimeachta tríd an gComhchoiste le Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine.
  • Oibleagáidí dlí um chearta an duine agus comhionannas de chuid na gcomhlachtaí poiblí ina bpríomhábhar de sheimineáir náisiúnta agus tacaíocht deontas.

25 Meitheamh 2018 – Sheol Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) a Thuarascáil Bhliantúil arna cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais inniu. Is í sin an tríú tuarascáil ar obair an Choimisiúin mar chomhlacht náisiúnta neamhspleách um chearta an duine agus comhionannas, atá freagrach go díreach don Oireachtas, agus tugtar breac-chuntas inti ar ghníomhaíocht mhéadaithe an Choimisiúin ina fheidhmeanna reachtúla.

Agus an tuarascáil á seoladh aici, chuir an Príomh-Choimisinéir Emily Logan fáilte roimh dhul chun cinn ar chúrsaí chearta an duine agus comhionannais le deireanaí, ach thug sí rabhadh freisin go bhfuil réimsí suntasacha imní fós ann. Tharraing an Príomh-Choimisinéir aird go sonrach ar cheist na tithíochta, agus ar chineálacha agus leibhéal méadaithe an idirdhealaithe a dhéantar ar ghrúpaí áirithe a chónaíonn in Éirinn.

Agus í ag labhairt faoin Tuarascáil Bhliantúil arna cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, dúirt an Príomh-Choimisinéir Emily Logan:

“Rinneadh dul chun cinn ar cheisteanna um chearta an duine agus comhionannais, aitheantas an Stáit d’eitneacht Lucht Siúil ina measc; i gcúram sláinte, i ndiaidh an reifrinn chun an tOchtú leasú a aisghairm; agus daingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas in Éirinn. Ach ní leor cearta a aithint, caithfear iad a chosaint freisin trí sheirbhísí an Stáit agus ár ndlíthe.

“Chonaic an Coimisiún líon suntasach daoine ag teacht i dteagmháil linn go díreach faoi idirdhealú a dhéantar orthu mar gheall ar a míchumas, a stádas tithíochta, a n-inscne agus a gcine, a léiríonn an gá soiléir atá le béim leanúnach ar ghníomhartha chun idirdhealú a dhíbirt in Éirinn.

“Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag fiosrú cé na gníomhartha praiticiúla atá á ndéanamh chun cearta an duine agus comhionannas sa chaoi a gcaitear le daoine a chosaint, go háirithe i gcás na reachtaíochta atá le teacht a rialóidh creat do sheirbhísí ginmhillte, agus reachtaíocht a thabharfaidh éifeacht don Choinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.”

Áirítear le buaicphointí na Tuarascála Bliantúla:

Ról gníomhach an Choimisiúin sna huaschúirteanna mar amicus curiae (cara na cúirte). Tugadh cead feidhmiú sa ról sin i seacht gcás straitéiseacha in 2017, a thóg ar róil amicus a bhí ann cheana féin. D’fhéadfadh toradh na dlíthíochta straitéisí sin tionchar agus tairbhe leathan a chruthú do dhaoine eile.

Díríonn na cásanna amicus ar shaincheisteanna chearta an duine agus comhionannais, agus i measc na gcásanna suntasacha bhí:

  • An t-ordú cinniúnach ón gCúirt Uachtarach ar cheart bunreachtúil daoine i soláthar díreach fostaíocht a lorg (Cás NHV) a shoiléirigh an ceart atá ag daoine aonair fostaíocht a lorg. Shoiléirigh breithiúnas suntasach na Cúirte Uachtaraí go bhfuil neamhshaoránaigh i dteideal brath ar na cearta bunúsacha a rathaítear leis an mBunreacht. Tá an Rialtas ag tabhairt reachtaíocht chun cinn anois mar fhreagra air sin.
  • Cearta daoine a choinnítear in ospidéil mheabhairshláinte in aghaidh a dtola chun agóid a dhéanamh in aghaidh a gcoinneála leanúnaí go rialta nuair a athraíonn a gcúinsí (Cás AB). Chinn an Chúirt Achomhairc go raibh an chuid ábhartha den reachtaíocht míbhunreachtúil.
  • Cearta daoine chun saol príobháideach agus teaghlaigh i gcinntí a bhaineann le stádas víosa a athnuachan nó a athrú (cásanna Balchand agus Luximon). Rialaigh an Chúirt Uachtarach go bhfuil dualgas ar an Aire ceart na dteaghlach chun saol príobháideach agus teaghlaigh a mheas.

Chomh maith leis sin, thug an Coimisiún comhairle dlí nó ionadaíocht dhlíthiúil do 72 duine i raon cásanna a bhain le cúrsaí idirdhealaithe agus chearta an duine.

Tarraingíodh 1,890 cás anuas go díreach leis an gCoimisiún faoi idirdhealú

  • Ba iad na trí phríomhábhar imní don phobal a bhain leis na hAchtanna um Stádas Comhionann idirdhealú ar fhorais míchumais (27%), cúnamh tithíochta a fháil (23%), agus cine (17%).
  • Ba iad na trí phríomhábhar imní don phobal a bhain leis na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta idirdhealú ar fhorais míchumais (31%), cine (19%), agus inscne (18%).

Taighde suntasach curtha chun cinn, a d’fhorbair beartas bunaithe ar fhianaise agus cinnteoireacht ar shaincheisteanna tábhachtacha chearta an duine agus comhionannais

Foilsíodh taighde nua “Who Experiences Discrimination in Ireland” leis an ESRI a léirigh go dtuairiscíonn duine as gach ochtar in Éirinn go ndearnadh idirdhealú orthu. Ba é seo an chéad fhoilseachán ó chlár taighde dhá bhliain leis an ESRI agus dhírigh feachtas feasachta faoi idirdhealú air. Tá taighde suntasach ar bun freisin leis an gComhairle um Thaighde in Éirinn chun anailís a dhéanamh ar fhuathchaint chiníoch ar líne i gcomhthéacs na hÉireann.

Rannpháirtíocht dhíreach ar dhlí agus beartas intíre a bhaineann le cearta an duine agus comhionannas

Foilsíodh ráiteas beartais ar úsáid cóiríocht éigeandála do theaghlaigh gan dídean, i ndiaidh plé le daoine a bhí i moil teaghlaigh.  Rinneadh moltaí le haghaidh athruithe ar rialacháin a rialaíonn úsáid cóiríocht éigeandála do theaghlaigh.

D’fhoilsigh an Coimisiún seasamh beartais, agus chuaigh sé os comhair an Choiste Oireachtais ag moladh go n-aisghairfí an tOchtú Leasú ar an mBunreacht, agus go bhforbrófaí creat rialála le haghaidh rochtana ar sheirbhísí ginmhillte.  Áiríodh i measc na moltaí beartais go bhforbrófaí clár cuimsitheach oideachais faoi shláinte ghnéis agus atáirgthe, agus moltaí mionsonraithe ar agóid choinsiasach.

Lean an Coimisiún ar aghaidh lena athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015, a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2017.  Bíonn an Coimisiún ag plé go háirithe faoi bheartais agus dlí a bhaineann le hathaontú teaghlach agus na rioscaí leanúnacha do leanaí imirceacha nach bhfuil duine fásta leo.

Tuairisciú ar oibleagáidí idirnáisiúnta na hÉireann

Thuairiscigh an Coimisiún go neamhspleách do dhá Chomhlacht Conartha de chuid na Náisiún Aontaithe sa Ghinéiv ar oibleagáidí na hÉireann faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú agus faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Céasadh.

Dul chun cinn suntasach maidir le dualgas comhlachtaí poiblí chun a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le deireadh a chur le hidirdhealú, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus cearta an duine a chosaint, le dhá sheimineár náisiúnta, táirgeadh acmhainní, agus deontais bronnta ar thionscadail cuir i bhfeidhm.

Oibriú ar an mBreatimeacht mar an Comhchoiste le Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste chun breac-chuntas a thabhairt ar an ngá soiléir nach laghdófaí cearta daoine a chónaíonn i dTuaisceart Éireann mar gheall ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.

CRÍOCH/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

01 8589601 / 087 0697095

bdawson@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC

Nótaí chuig na hEagarthóirí:

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil lena híoslódáil anseo.

Tá an leagan Gaeilge den tuarascáil bhliantúil ar fáil anseo.

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainordú reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn, agus cultúr measa ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a thógáil sa Stát.

Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.

Foráiltear in alt 28 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a ullmhú ina bhfuil eolas faoi fheidhmíocht fheidhmeanna an Choimisiúin i rith thréimhse na tuarascála, agus í a chur faoi bhráid Thithe na Oireachtais.

  • Facebook Share Icon
  • Twitter Share Icon