Caithfear neamhspleáchas Chomhlachtaí Maoirseachta an Gharda Síochána a neartú, dar leis an gCoimisiún

Caithfear sainmhíniú soiléir a thabhairt ar na cumhachtaí a úsáideann an Rialtas chun treoracha a eisiúint do chomhlachtaí maoirseachta póilíneachta agus caithfidh cosaintí cuí dul leo, chun cur isteach polaitiúil a íoslaghdú, a mhol Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) inár nAighneacht maidir leis an mBille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail.

Tá sé d’aidhm leis an mBille creat nua a sholáthar le haghaidh póilíneachta, slándála agus sábháilteacht pobail in Éirinn, trí cheithre chomhlacht nua a bhunú i measc gníomhartha eile. Is iad sin: an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (a chónascann feidhmeanna an Údaráis Póilíneachta agus feidhmeanna cigireachta Chigireacht an Gharda Síochána); Oifig an Ombudsman Póilíneachta (ainm nua ar Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána); Bord an Gharda Síochána nua neamhfheidhmiúcháin; agus an Scrúdaitheoir Neamhspleách um Reachtaíocht Slándála.

Inár n-aighneacht, mholamar nach bhforáiltear le codanna an Bhille mar atá faoi láthair do dhóthain neamhspleáchais ó rialú Feidhmeannais le haghaidh na gcomhlachtaí sin. Mar shampla, faoin reachtaíocht a bheartaítear, féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt treoir scríofa a eisiúint do Choimisinéir an Gharda Síochána i dtaobh ‘aon ní’. Molaimid gur cheart é sin a athrú chun a shoiléiriú nach féidir go mbeadh baint ag an treoir le ní a gcaithfidh neamhspleáchas iomlán a bheith ag Coimisinéir an Gharda Síochána ina thaobh.

Rinneamar moltaí freisin faoi thrédhearcacht maidir leis an gcaoi a ndéantar agus a gcríochnaítear ceapacháin ar an comhlachtaí sin. Mar a bheartaítear faoi láthair, ní theastaíonn aon chomórtas oscailte le haghaidh athcheapacháin i gcás Bhord an Gharda Síochána, Choimisinéir an Gharda Síochána agus Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána, le haghaidh bhallraíocht an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail ná le haghaidh an Ombudsman agus an Leas-Ombudsman Póilíneachta. Molaimid athbhreithniú ar an reachtaíocht chun próiseas athcheapacháin níos ionchuimsithí agus níos trédhearcaí do na poist sin ar fad a chruthú agus go mbeadh na próisis ceapacháin le haghaidh an Scrúdaitheora Neamhspleách um Reachtaíocht Slándála trédhearcach agus sách neamhspleách ar an rialú Feidhmeannais.

Ar an bpointe cur isteach sin ón bhFeidhmeannas, d’áitíomar gur cheart ranna ábhartha a athbhreithniú chun an chumhacht a thabhairt don Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, don Ombudsman Póilíneachta agus don Scrúdaitheoir Neamhspleách um Reachtaíocht Slándála a dtuarascálacha a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais go díreach, seachas an tAire.

I moltaí eile, molaimid:

  • Ba cheart don reachtaíocht foráil a dhéanamh do bhailiú agus foilsiú sonraí comhionannais imdhealaithe sa Gharda Síochána agus ba cheart di ról a chruthú don Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail i dtionchar a imirt ar cháilíocht, sláine agus inrochtaineacht na sonraí sin.
  • Ba cheart an Bille a leasú chun a chinntiú go gcaithfidh Coimisinéir an Gharda Síochána aird chuí a thabhairt ar Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine. Is freagra é sin ar an bhfriotal a úsáidtear sa Bhille a lagaíonn oibleagáid Choimisinéir an Gharda Síochána i leith an Dualgais sin.
  • Ba cheart an reachtaíocht a athbhreithniú chun foráil a dhéanamh do cheapadh comhairleora neamhspleách um chearta an duine ag an Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail chun a chinntiú go maoirsítear cur i bhfeidhm na gcaighdeán um chearta an duine agus comhionannas sa phóilíneacht.
  • Ba cheart cumhacht an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail tabhairt faoi chuairteanna cigireachta gan choinne a lua go follasach. I bhfianaise ár róil bheartaithe mar an comhlacht comhordaithe le haghaidh Sásraí Náisiúnta Coisctheacha, faoin mBille um Chigireacht ar Áiteanna Coinneála, ba cheart a lua go follasach sa reachtaíocht gur féidir leis an Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail agus Sásra Náisiúnta Coisctheach tabhairt faoi chuairt cigireachta i gcomhpháirt.
  • Ba cheart cumhachtaí imscrúdaithe an Ombudsman Póilíneachta a shoiléiriú agus a neartú agus ba cheart don Bhille ordú follasach a thabhairt go ndéanfaí imscrúduithe an Ombudsman Póilíneachta de réir na bprionsabal agus na gcosaintí céanna le himscrúduithe coiriúla.
  • Ba cheart go mbainfí an ceanglas go rachadh Oifig an Ombudsman Póilíneachta i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána sula ndéantar iarratas ar bharántas cuardaigh sa Chúirt Dúiche chun áitreabh an Gharda Síochána a chuardach.
  • Ba cheart dóthain acmhainní a thabhairt d’Oifig an Ombudsman Póilíneachta ionas gur féidir léi a sainordú a chomhlíonadh, agus brath ar a foireann féin nó saineolaithe seachtracha a fhostú chun tabhairt faoi imscrúduithe neamhspleácha agus neamhchlaonta go pras.
  • Ba cheart na critéir incháilitheachta le haghaidh ról an Scrúdaitheora Neamhspleách um Reachtaíocht Slándála a leathnú chun iarrthóirí neamhbhreithiúnacha a chuimsiú má bhíonn saineolas agus taithí shuntasach acu ar nós dlíodóirí nó acadóirí dlíthiúla a d’fhéadfadh an taithí, na cáilíochtaí, an oiliúint agus an saineolas a theastaíonn don ról a léiriú.

Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:

“Ní féidir leis na comhlachtaí poiblí a bhíonn i mbun maoirseachta an fheidhm sin a chomhlíonadh go héifeachtach mura bhfuil muinín ag an bpobal astu. Caithfidh siad a bheith neamhspleách ar an rialtas, agus caithfidh sé sin a bheith soiléir.

Tá sláine an oibriúcháin, trédhearcacht san earcú agus an chumhacht agus na hacmhainní cuí chun go gcomhlíonfaidís i ndáiríre an dualgas ar bunaíodh iad dá réir lárnach sa mhuinín sin a thógáil.”

CRÍOCH/