Éilíonn an Coimisiún Leasú Bunreachta chun Cearta Eacnamaíocha agus Sóisialta a Chumhdach

Neamhionannas Eacnamaíochta ina Bhacainn do Cheartas Sóisialta, Cuimsiú Sóisialta agus Comhtháthú Sóisialta

D’éiligh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) inniu ar an Stát cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha (‘ESC’) a chumhdach sa Bhunreacht.

Baineann cearta ESC le gnéithe bunúsacha shaol an duine, agus tá siad riachtanach le go mairfidh daoine agus go mbeidh rath orthu. Tá na cearta sin, amhail an ceart chun bia, tithíochta, cúnamh sóisialta agus cúram leighis, riachtanach do shaol agus dínit an duine, agus caithfear cosaint bhunreachtúil a thabhairt dóibh mar a thugtar do chearta sibhialta agus polaitiúla.

I ráiteas beartais a foilsíodh inniu, molann an Coimisiún go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais maidir le Leasú Bunreachta le haghaidh cearta ESC, ag a mbeadh sainordú soiléir chun dréacht-téacs bunreachta a chur i dtoll a chéile le cur faoi bhráid an Oireachtais.

Cinntíonn cosaint bhunreachtúil shoiléir go gcaitear go dáiríre le cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha mar ábhar imní maidir le bunchearta, agus nach gcaitear leo mar chearta nach bhfuil chomh tábhachtach le cosaintí ceart eile.

Go háirithe, cosnaíonn cearta ESC grúpaí a bhíonn i mbaol eisiaimh agus imeallaithe, ar nós daoine atá faoi mhíchumas, ban, tuismitheoirí aonair, daoine scothaosta agus grúpaí mionlaigh. Ba iad na grúpaí sin ba mhó a bhí thíos le paindéim Covid-19 go minic. Dúirt na Náisiúin Aontaithe go bhfuil comhlíonadh na gceart ESC níos práinní ná riamh mar gheall ar an bpaindéim. Anuas air sin, tá dúshláin eacnamaíocha roimh go leor daoine le linn na géarchéime costais maireachtála faoi láthair, agus tabharfaidh cearta ESC cosaint dóibh siúd atá i mbaol fiachais nó bochtaineachta.

Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:

“Is é neamhionannas eacnamaíochta dúshlán cinniúnach um chearta an duine na linne seo. Bíonn tionchar aige ar gach leibhéal den tsochaí, ach bíonn éifeacht mhillteanach aige ar na daoine is leochailí inár bpobail.

“Cinneann cearta ESC íosteorainn nach ligfimid do dhaoine titim faoina bun. Tá freagracht ar an Stát na cearta sin a réadú trí ghníomh leanúnach na reachtóirí. Chinnteodh cosaint Bhunreachtúil go mbíonn siad ann i gcónaí, agus nach féidir neamhaird a thabhairt orthu ná dearmad a dhéanamh orthu.”

Áirítear ar mholtaí eile:

  • Go gceapfadh an Coiste teanga bhunreachtúil a chinnteodh cearta ESC inbhreithnithe agus infhorghníomhaithe, agus aird chuí freisin ar fheidhmeanna gach brainse rialtais;
  • Maidir leis na hathruithe bunreachtúla a mhol an Tionóil Saoránach um Chomhionannas Inscne – go gcuirfí clásal nach sonraítear inscne ann in áit Airteagal 41.2 a leagfadh oibleagáid ar an Stát bearta réasúnta a dhéanamh chun tacú leis an gcúram laistigh den bhaile agus sa phobal níos leithne – go ndéanfaí machnamh orthu i gcomhthéacs cearta ESC níos ginearálta a chur sa Bhunreacht
  • Go dtacófaí le haon ghníomh chun cearta ESC a chur sa Bhunreacht le bearta cuí beartais agus reachtúla

Is féidir teacht ar an bpáipéar anseo: https://www.ihrec.ie/documents/the-incorporation-of-economic-social-and-cultural-rights-into-the-irish-constitution/ 

 

CRÍOCH/