Fáiltíonn an Coimisiún roimh Thoradh Fabhrach i nDúshlán Imirce

Thug Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) cabhair dhlíthiúil le deireanaí do náisiúnach de SAM agus tacadóir míchumais, ar thug an Ard-Chúirt cead di mí Dheireadh Fómhair seo caite dúshlán a thabhairt in aghaidh cinneadh imirce trí athbhreithniú breithiúnach.

D’fhéach an t-iarratasóir le hagóid a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Aire Dlí agus Cirt gan cead a thabhairt d’iarratas cead imirce Stampa 1 dá cuid a athrú chun go bhféadfadh sí a bheith féinfhostaithe nó gnó a thosú. Bhí an cead teoranta di a bheith i bhfostaíocht amháin, ach bhí deiseanna féinfhostaíochta ag ár gcliant, duine atá faoi mhíchumas, ar theastaigh uaithi a thapú agus thug sí faoin dúshlán dá bharr sin.

Ghlac an Coimisiún leis an gcás agus é feasach ar na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine atá faoi mhíchumas teacht ar fhostaíocht. In 2019, léirigh tuarascáil a chomhfhoilsigh an Coimisiún go raibh an ráta fostaíochta do dhaoine atá faoi mhíchumas (41 faoin gcéad) 32 pointe céatadáin faoi bhun an mheáin náisiúnta (73 faoin gcéad), rud a tharraing aird ar bhearna shuntasach i bhfostaíocht.

Socraíodh an cás i bhfabhar ár gcliaint agus fáiltíonn an Coimisiún roimh an toradh dearfach. Tá iarratas nua an chliaint ar athrú ar a cead á machnamh as an nua anois agus leanann an Coimisiún ag soláthar cabhair dhlíthiúil.

Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:

 “Táimid an-sásta go rabhaimid in ann cabhrú lenár gcliant toradh fabhrach a bhaint amach sna himeachtaí seo. Léiríodh i dTuarascáil Tíre 2022 an Choimisiúin Eorpaigh d’Éirinn go bhfuil an bhearna fostaíochta míchumais is mó san Aontas Eorpach ag Éirinn, ag 38.6%. Tá sé de dhualgas orainn ar fad ár seacht míle dícheall a dhéanamh cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas a bheith páirteach sa lucht saothair más mian leo. Leanann IHREC ag cabhrú lenár gcliant cead a fháil a bheith féinfhostaithe ionas gur féidir léi páirt dhearfach a ghlacadh i sochaí na hÉireann.”

CRÍOCH/