Ní fheicim m’fhadhb

An dlí um chomhionannas in Éirinn

Ní hionann gach difríocht sa chaoi a gcaitear le daoine agus idirdhealú faoi dhlíthe um chomhionannas na hÉireann. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh nach mbeadh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, mar an príomhchomhlacht atá freagrach as cinneadh a dhéanamh faoi idirdhealú in Éirinn, in ann cabhrú leat má cheapann tú go ndearnadh idirdhealú ort ar chúis nach bhfuil ar cheann de na catagóirí cosanta daoine (forais chosanta).

Níos mó eolais faoin dlí um chomhionannas in Éirinn

An dlí um chearta an duine in Éirinn

D’fhéadfadh go mbaineann na fadhbanna atá agat le coincheap chearta an duine, seachas comhionannas. Is iad cearta an duine na cearta agus na saoirsí bunúsacha sin atá ag gach duine, agus a chosnaítear in go leor dlíthe Éireannacha agus idirnáisiúnta. Cinneann na cúirteanna cásanna chearta an duine a thionscnaíonn daoine agus eagraíochtaí trína ndlíodóirí.

Níos mó eolais faoin dlí um chearta an duine in Éirinn

Téigh i dteagmháil linn

Is féidir leis an tseirbhís Do Chearta eolas a thabhairt duit faoi do chearta agus na réitigh atá ar fáil duit faoin dlí um chomhionannas agus cearta an duine in Éirinn. Tabhair faoi deara nach dtugann Do Chearta comhairle dhlí agus nach ndéanann sé tráchtaireacht ar fheidhmiú an dlí i gcúinsí ar leith.

Níos mó eolais faoin gcaoi le dul i dteagmháil linn

Téigh i dteagmháil le heagraíocht eile

Tá go leor eagraíochtaí agus comhlachtaí in Éirinn a d’fhéadfadh cabhrú leat leis an bhfadhb atá agat le cearta an duine agus comhionannas.

Tabhair spléachadh ar an mbunachar sonraí d’eagraíochtaí a oibríonn ar cheisteanna chearta an duine agus comhionannais in Éirinn