Ráiteas Straitéise 2022–2024
Sainaithnítear sa ráiteas straitéise seo na réimsí seo a leanas a chreidimid ba cheart tús áite a thabhairt dóibh laistigh de chomhthéacs ár gcuid oibre.
Tosaíocht Straitéiseach 1: Comhionannas geilleagrach
Féachfaimid le comhionannas geilleagrach níos fearr a bhaint amach i dtithíocht, fostaíocht, ioncam agus le haghaidh cúramóirí
Tosaíocht Straitéiseach 2: Ceartas
Cosnóimid rochtain ar cheartas agus forlámhas an dlí sa chóras cosanta idirnáisiúnta, sna cúirteanna agus in úsáid na gcumhachtaí poiblí
Tosaíocht Straitéiseach 3: Meas agus aitheantas
Cuirfimid chun cinn deireadh a chur le ciníochas, cumasachas, aoiseachas agus gnéasachas trí thuiscint an phobail agus gníomh an Stáit
Tosaíocht Straitéiseach 4: Seasmhacht i leith na todhchaí
Freagróimid do ghéarchéimeanna a bhagraíonn ar chearta agus comhionannas, paindéim COVID-19 agus an t-athrú aeráide ina measc
Tosaíocht Straitéiseach 5: Dualgas na hEarnála Poiblí
Spreagfaimid comhlíonadh comhlachtaí poiblí, tuairisceoimid air agus cuirfimid i bhfeidhm é