Tá Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) ag soláthar ionadaíocht dhlíthiúil d’iarratasóir ar thug an Ard-Chúirt cead di Dé Luain dúshlán a thabhairt in aghaidh cinneadh imirce trí athbhreithniú breithiúnach.
Tá an t-iarratasóir, ar tacadóir míchumais agus náisiúnach de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá í, ag tabhairt dúshlán chinneadh an Aire Dlí agus Cirt diúltú cead a thabhairt di a bheith féinfhostaithe nó gnó a bhunú mar choinníoll dá cead imirce.
Áitíonn an t-iarratasóir go ndearna an tAire Dlí agus Cirt earráid fíorais ábhartha nuair a cinneadh a hiarratas ar athrú ar a cead imirce, toisc gur áitigh an tAire nach dtugtar cead le cónaitheacht Stampa 1 a bheith féinfhostaithe nó gnó a bhunú, ach gur féidir agus go dtugann an tAire ar uairibh cead do Stampa 1 a bheith féinfhostaithe nó gnó a bhunú.
Toisc go bhfuil an cás sub judice (á bhreithniú ag an gCúirt) faoi láthair, ní dhéanfaidh an Coimisiún aon tráchtaireacht eile an tráth seo.
CRÍOCH/
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,
01 852 9641 / 087 468 7760
Lean muid ar twitter @_IHREC
Nóta Eagarthóra
Toisc go bhfuil Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas páirteach go foirmiúil anois in imeachtaí an cháis, coisctear orainn aon tráchtaireacht eile a dhéanamh ó tharla go bhfuil an cás os comhair na Cúirte.
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát.
Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.