Téigh i dteagmháil le IHREC
Seoladh:
16-22 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
D07 CR20
Ríomhphost: info@ihrec.ie
Guthán: 01-8589601
Bíonn na línte gutháin ar oscailt idir a 10:30 r.n. agus a 12:30 i.n. agus idir a 1:45 i.n. agus a 3:15 i.n., Luan go hAoine
Cuirtear fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge.

An Chairt Seirbhísí do Chustaiméirí
Déantar cur síos inár gCairt Custaiméirí ar an leibhéal seirbhíse is féidir le custaiméir a bheith ag súil leis ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC). Tugtar breac-chuntas sa Chairt Custaiméirí seo freisin ar na socruithe atá i bhfeidhm chun Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí a éascú.
Tá an Chairt seo bunaithe ar thimthriall leanúnach ceithre chéim:
- Comhairliúchán le custaiméirí/páirtithe leasmhara
- Tiomantas do chaighdeáin seirbhíse
- Meastóireacht ar fheidhmíocht
- Tuairisciú ar thorthaí
Déan gearán faoi sheirbhís a fuair tú ó IHREC
Is deis dhearfach iad gearáin ó chustaiméirí chun ár gcuid seirbhísí a fheabhsú. Tabhair do d’aire gur le haghaidh seirbhís a fuair tú ó IHREC í an nós imeachta seo.
Mura bhfuil tú sásta lenár gcuid seirbhísí , is féidir leat gearán a chur faoi bhráid ár nOifigigh Gearán trí ríomhphost a chur chuig info@ihrec.ie agus é a chur ar aird an Oifigigh Gearán, nó trí ghlaoch a chur orainn ar 01-8589601, nó trí scríobh chugainn. Is é an tOifigeach Gearán an Ceannasaí Rialachais agus Seirbhísí Corparáideacha.
Nuair a fhaighimid gearán, déanfaidh an Ceannasaí Rialachais agus Seirbhísí Corparáideacha an méid seo a leanas:
- Seolaimid chuig an bhFoireann is ábhartha é chun dul i ngleic leis
- Ainmnímid oifigeach gearán ar a bhfuil an oiliúint chuí chun dul i ngleic go tapa leis an ngearán
- Logálaimid an gearán agus ár bhfreagra
Deirtear in alt 38 den Acht um Míchumas go bhféadfaidh duine, nó duine sonraithe (féach thíos), gearán a dhéanamh i scríbhinn chuig ceann comhlachta phoiblí mura bhfuil an comhlacht sin ag comhlíonadh an dlí mar a leagtar amach in ailt 25, 26, 27, 28 nó 29 den Acht.
Maidir le duine sonraithe:
- d’fhéadfadh sé gur fear céile nó bean chéile, tuismitheoir duine faoi mhíchumas nó duine gaolta a bheadh ann
- d’fhéadfadh sé gur caomhnóir nó duine atá ag gníomhú thar ceann duine faoi mhíchumas a bheadh ann
- ionadaí dlíthiúil duine faoi mhíchumas
- tacadóir pearsanta atá sannta ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an duine sin
Céard a tharlaíonn ina dhiaidh sin?
Tabharfar do ghearán ar aghaidh chuig Oifigeach Fiosrúcháin lena imscrúdú. Deirtear san Acht um Míchumas nach mór do chomhlachtaí poiblí Oifigigh Fiosrúcháin neamhspleácha a chur i bhfeidhm. Is é obair na nOifigeach Fiosrúcháin scrúdú a dhéanamh ar ghearáin. Ní mór do gach comhlacht poiblí cáipéis a fhoilsiú freisin ina mbeidh treoirlínte faoin gcaoi a ndéileáiltear le gearáin.
Ní mór don Oifigeach Fiosrúcháin tuarascáil a scríobh ina mbeidh torthaí an imscrúdaithe agus cóip a thabhairt do cheann an chomhlachta phoiblí a ndearnadh tú gearán faoi agus duit féin freisin nó don duine a rinne an gearán thar do cheann. Ní mór a léiriú sa tuarascáil sin an méid a fuair an tOifigeach Fiosrúcháin amach faoi do ghearán agus an cinneadh a rinne siad ina leith. Má chinneann an tOifigeach Fiosrúcháin go bhfuil do ghearán bailí, ní mór a rá sa tuarascáil an méid a chaithfidh an comhlacht poiblí a dhéanamh anois chun an fhadhb a chur ina ceart.
Ní mór d’Oifigigh Fiosrúcháin imscrúduithe a dhéanamh go príobháideach.
Ní mór faisnéis a bheith i ngach plean earnála faoin gcaoi le gearán a dhéanamh.
Má tá gearán déanta agat agus mura bhfuil tú sásta le cinneadh an Oifigigh Fiosrúcháin, féadfaidh tú iarraidh ar an Ombudsman breathnú níos grinne ar do ghearán. Más faoi phlean earnála é do ghearán agus mura bhfuil tú sásta leis an Oifigeach Gearán, féadfaidh tú iarraidh ar an Ombudsman do ghearán a scrúdú.
Má thagann an tOmbudsman ar fhadhb leis an gcaoi ar láimhseáladh do ghearán, féadfaidh siad a mholadh go ndéanfaidh an comhlacht poiblí na nithe seo a leanas:
- súil eile a chaitheamh ar do ghearán
- gníomhartha áirithe a dhéanamh chun go mbeidh cúrsaí níos fearr
- na gníomhartha a mhíniú don Ombudsman
Féadfaidh an tOmbudsman a iarraidh go dtabharfar freagairt ar an moladh nó ar na moltaí faoi dháta áirithe.
Ár bhFoirgneamh
Táimid lonnaithe i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath
Is é 16-22 Sráid na Faiche, Baile Átha Cliath 7 ár seoladh. Is é D07 CR20 an tEirchód.
Tá líne gutháin ár ndeisce fáiltithe ar fáil ó Luan go hAoine idir 10.30 r.n. agus 12.30 i.n agus idir 1.45 i.n. agus 3.15 i.n.
*Tabhair do d’aire nach gcuirimid seirbhís ina mbítear i láthair go pearsanta ar fáil. *
Saoráidí Changing Places
Tá saoráid leithreasa Changing Places atá go hiomlán inrochtana ar fáil ag ár n-oifigí. Tá níos mó spáis agus an trealamh iomchuí ar fáil sa tsaoráid do dhaoine a dteastaíonn cúnamh uathu ó chúramóir chun aire a thabhairt dá sláinteachas pearsanta go sábháilte agus go compordach.

Ríomhphost
Le haghaidh ceisteanna ginearálta: info@ihrec.ie
*Tabhair do d’aire nach gcuirimid seirbhís ina mbíonn daoine i láthair go pearsanta ar fáil.*
Guthán
Fáiltiú: + 353 (0) 1 8589601 – Ar oscailt Luan-Aoine 10:30 r.n.-12:30 i.n. agus 1:45 i.n.-3.15 i.n.
Post
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
16-22 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
D07 CR20