Tá aird mar is cuí tugtha ar na Treoirlínte a d’eisigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an scéim seo á hullmhú. Ina theannta sin, tugadh faoi phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara uile.
Tá Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas á threorú ag an bprionsabal gur cheart go mbeadh soláthar seirbhísí Gaeilge bunaithe ar:
Tá an scéim seo curtha le chéile leis an aidhm go gcomhlíonfaí gach oibleagáid ábhartha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ar bhonn céimnithe, tríd an scéim seo agus trí scéimeanna amach anseo.