Má dhéantar idirdhealú ort, is féidir leat rud éigin a dhéanamh faoi.
Táimid anseo chun faisnéis a thabhairt duit faoi do chearta faoin dlí i leith comhionannais agus chearta an duine in Éirinn.
Cén chaoi a mbeadh a fhios agam go ndearnadh idirdhealú orm?
Idirdhealú is ea nuair nach gcaitheann duine éigin chomh maith nó ‘fabhrach’ céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar go mbaineann na ‘forais chosanta’ leat.
Is féidir idirdhealú a fhulaingt ar cheithre bhealach ar leith:
Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta dhifriúil a bhaineann leis na forais chosanta.
Seo nuair a chuireann beartas nó foráil atá infheidhme i leith gach duine faoi mhíbhuntáiste thú mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta a bhaineann leis na forais chosanta.
Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leatsa is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, toisc gur mheas an duine sin, cé go raibh siad mícheart, go mbaineann na forais chosanta leat.
Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheamh le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar cheangal nó gaol a bheith agat le duine éigin lena mbaineann na forais chosanta.
Céard iad na forais chosanta?
Faoi dhlí na hÉireann, is iad na forais chosanta:
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil inscne dhifriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas sibhialta difriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas teaghlaigh difriúil agat le duine eile. (Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh go mbainfeadh cuid de na cásanna faoin bhforas seo leis an bhforas inscne freisin.)
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil gnéaschlaonadh difriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú níos sine nó níos óige ná duine eile agus nach bhfuil cúis mhaith leis (‘údar oibiachtúil’). (Tabhair faoi deara: ní chumhdaíonn an foras seo idirdhealú líomhnaithe ar pháistí i scoileanna.)
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil creideamh difriúil agat le duine eile, nó, mar shampla, mar nach bhfuil aon chreideamh agat agus go bhfuil ag duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar gur duine den Lucht Siúil thú agus nach ea an duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil dath craicinn, náisiúntacht nó eitneacht dhifriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfaigheann tú forlíonadh cíosa, íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), nó cineál eile íocaíochta leasa shóisialaigh agus nach bhfaigheann duine eile.
Cé na dlíthe comhionannais a chosnaíonn mé?
Is iad na príomhdhlíthe a chosnaíonn thú ar idirdhealú:
Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta
Cosnaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta thú ar idirdhealú i dtaobh oibre.

Na hAchtanna um Stádas Comhionann
Cosnaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann thú ar idirdhealú agus earraí nó seirbhísí á rochtain

An dtugann an tseirbhís ‘Do Chearta’ comhairle dhlí?
Ní thugann.
Ní féidir leis an tseirbhís ‘Do Chearta’ ach faisnéis a chur ar fáil duit. Ní féidir linn comhairle dlí a chur ort ná tuairimí a léiriú ar aon chás ar leith.
Dá bhrí sin, is féidir linn a rá leat céard a deirtear sa dlí, ach ní fhéadfaimid a rá leat cén bhaint atá ag an dlí le do chás féin, ná céard ba cheart duit a dhéanamh.
Má cheapann tú go bhfuil comhairle dlí uait, téigh chun cainte le haturnae a chuirfidh comhairle ort.
Freastal Réasúnta
Caithfidh fostóirí, fostóirí féideartha agus áiteanna oibre ‘freastal réasúnta’ a dhéanamh ar dhaoine faoi mhíchumas.
Dá bhrí sin, má tá tú faoi mhíchumas, caithfidh d’fhostóir nó d’fhostóir féideartha céimeanna éifeachtacha agus praiticiúla a ghlacadh chun a chur ar do chumas duit do phost a dhéanamh, cur isteach ar phost, freastal ar oiliúint nó dul chun cinn a dhéanamh i do phost.
Tá sé de cheart agat freastal réasúnta a iarraidh ag an gcéim earcaíochta agus ag an obair. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist le freastal réasúnta áitreabh a oiriúnú, uaireanta oibre a athrú nó cúraimí difriúla a thabhairt duit. Caithfidh na bearta a bheith réasúnach don fhostóir freisin áfach, chomh maith leat féin.

Bileoga Eolais
Tá sraith bileoga eolais forbartha againn maidir le raon téamaí ábhartha a thagann chun cinn ónár gcásobair leis an dlí.
Tabharfaidh na bileoga eolais sin faisnéis mhionsonraithe duit faoi thopaicí sonracha.
Tabhair do d’aire gur mar fhoinse eolais amháin a chuirtear na bileoga eolais sin ar fáil agus nach comhairle dlí atá iontu.

Cé lenar féidir liom gearán a dhéanamh?
Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) an comhlacht atá freagrach as líomhaintí idirdhealaithe in Éirinn a chinneadh ar an gcéad dul síos.
Ba cheart gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO).
Pléann CCÁO le líomhaintí a bhaineann le fostaíocht agus le seirbhísí nó earraí.
Is féidir líomhaintí maidir le hidirdhealú ar bhonn inscne a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda nó CCÁO.

Tuairiscigh Fógraíocht Idirdhealaitheach
Má tá fógra feicthe agat a chreideann tú a léiríonn idirdhealú ar an bhforas aoise, is féidir leat é a thuairisciú dúinn.
Tá sé de chumhacht againn gearáin/cásanna idirdhealaithe a thionscnamh inár n-ainm féin os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (‘CCÁO’) más cosúil gur tharla idirdhealú faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó na hAchtanna um Stádas Comhionann agus nach bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go dtionscnóidh an té ar a ndearnadh idirdhealú cás.

Ní fheicim m’fhadhb?
Ní hionann gach difríocht sa chaoi a gcaitear le daoine agus idirdhealú faoi dhlíthe comhionannais na hÉireann.
Dá bhrí sin, d’fhéadfadh nach mbeadh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, mar an príomhchomhlacht atá freagrach as cinneadh a dhéanamh faoi idirdhealú in Éirinn, in ann cabhrú leat má cheapann tú go ndearnadh idirdhealú ort ar chúis nach bhfuil ar cheann de na catagóirí cosanta daoine (forais chosanta).

Séanadh
Is chun críocha faisnéise amháin a thugann an tseirbhís ‘Do Chearta’ aon fhaisnéis, an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo ina measc.
Ní hionann é agus anailís dhlíthiúil ar aon chás sonrach ar leith.
Déanaimid iarracht a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a thugaimid cruinn agus cothrom le dáta. Ach ní léirmhíniú dlíthiúil é ar an dlí agus níor cheart caitheamh leis mar chomhairle dlí.
Má tá comhairle ghairmiúil nó dlí uait, ba cheart duit dul i dteagmháil le duine atá cáilithe go cuí.
*Tabhair do d’aire nach bhfuilimid in ann freastal ar cheisteanna gan choinne ag ár n-oifigí. Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré chun bualadh le haon bhall foirne go pearsanta.*