Cabhraíonn an Coimisiún leis an gCúirt Uachtarach i nDúshlán faoi Chearta Teaghlaigh

Foilsítear Aighneachtaí Dlíthiúla Amicus Curiae an Choimisiúin

Tháinig Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) os comhair na Cúirte Uachtaraí chun leas a bhaint as a fheidhm amicus curiae (‘cara na cúirte’) sa chás Middelkamp v. Minister for Justice and Equality.

Díríonn an cás ar Middelkamp Uas., náisiúnach de chuid Cheanada, a tháinig chuig an Stát le bheith i dteannta a fir céile a bhí i láthair agus cead mic léinn aige chun tabhairt faoin bhfiaclóireacht in UCC. Tháinig Middelkamp Uas. isteach sa Stát ar víosa saoire oibre, rud a thug cead di cónaí sa Stát ar feadh dhá bhliain ar a mhéad, gan deis athnuachana.

Toisc go raibh a cead le dul in éag sular chríochnaigh a fear céile a chúrsa fiaclóireachta, chuir Middelkamp Uas. isteach ar chead chun fanacht sa Stát ar Stampa 4, rud a thabharfadh cead oibre di. Dhiúltaigh an tAire dó sin.

In aighneachtaí i scríbhinn a cuireadh os comhair na Cúirte Uachtaraí agus a foilsíodh inniu, scrúdaigh an Coimisiún an dualgas atá ar an Aire cearta bunúsacha Middelkamp Uas. a mheas nuair atá cinneadh á dhéanamh faoi alt 4(7) den Acht Imirce, 2004.

Pléitear in aighneachtaí dlíthiúla an Choimisiúin, ar dtús, an leagann cosaintí faoi Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (CECD) agus ansin faoi Bhunreacht na hÉireann dualgas ar an Aire cearta chun saol príobháideach agus teaghlaigh a mheas i gcinnteoireacht imirce.

Tá aighneachtaí an Choimisiúin den tuairim go bhfuil dualgas ar an Aire machnamh a dhéanamh ar chearta bunúsacha mar a dhearbhaítear iad faoin mBunreacht agus faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus gur cheart an t-achomharc a chaitheamh amach.

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

“Tarraingíonn an cás seo atá os comhair na Cúirte Uachtaraí ceisteanna suntasacha anuas maidir le cearta náisiúnach nach ón Aontas Eorpach iad cónaí go sealadach sa Stát agus maidir le cinnteoireacht i dtaobh ceadanna imirce.”

CRÍOCH/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

01 852 9641 / 087 468 7760

sarah.clarkin@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC

Nóta Eagarthóra

Tá aighneachtaí i scríbhinn an Choimisiúin a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Achomhairc Choiriúil sna himeachtaí ar fáil ag an nasc seo a leanas:

https://www.ihrec.ie/documents/middlekamp-and-minister-for-justice/

Feidhm amicus curiae Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.

Áirítear le feidhmeanna an Choimisiúin faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 gur féidir leis iarratas a dhéanamh ar chead a fháil feidhmiú mar amicus curiae (‘cara na cúirte’) leis na huaschúirteanna in imeachtaí a bhaineann le cearta an duine nó cearta comhionannais do dhuine ar bith.

Leagtar amach feidhmeanna an Choimisiúin in Alt 10 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus foráiltear in Alt 10(2)(e) go mbeidh feidhm ag an gCoimisiún:

“iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Uachtaraí ar chead a fháil láithriú os comhair na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí, de réir mar a bheidh, mar amicus curiae in imeachtaí os comhair na cúirte sin a bhfuil cearta an duine nó na cearta comhionannais atá ag aon duine i gceist iontu nó a bhaineann leis an gcéanna agus láithriú mar amicus curiae den sórt sin ar scór an cead sin a bheith deonaithe (agus cumhachtaítear leis seo do gach ceann de na cúirteanna sin an cead sin a dheonú dá lánrogha féin).”

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát.

Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.