Deonaítear Ról Ard-Chúirte don Choimisiún i gCás a Thugann Dúshlán do Scéim Sásaimh Mí-Úsáidí Scoile

Dheonaigh an Ard-Chúirt cead inniu do Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) leas a bhaint as a fheidhm amicus curiae (‘cara na cúirte’) i gcás suntasach a dhíríonn ar shásamh do mharthanóirí a d’fhulaing mí-úsáid ghnéis stairiúil mar pháistí i scoileanna.

Mar amicus curiae sa chás PD v. The Minister for Education, úsáidfidh an Coimisiún a thaithí chun tairbhe cheist na mí-úsáide stairiúla, agus an chaoi ar cheart sásamh a sholáthar d’íospartaigh na mí-úsáide stairiúla i scoileanna faoi chreat chearta an duine faoin Scéim Ex Gratia Athbhreithnithe (‘an Scéim’).

Díríonn an cás ar an gceanglas faoin Scéim go mbeadh marthanóirí tar éis, faoin 1 Iúil 2021, imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh in aghaidh an Stáit ag lorg damáistí as mí-úsáid ghnéis i scoileanna lae roimh 1991 agus 1992 i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna faoi seach, agus i ndiaidh rialú na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine sa chás O’Keeffe v Ireland.

Rinne réamhtheachtaí an Choimisiúin, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine, idirghabháil mar thríú páirtí sa chás O’Keeffe v Ireland agus chuir aighneachtaí i scríbhinn faoi bhráid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in 2011. Tagraíodh do na haighneachtaí sin i mbreithiúnas na cúirte, a thug aghaidh ar mhainneachtain an Stáit O’Keeffe Uas. a chosaint ar mhí-úsáid ghnéis i scoil náisiúnta in 1973 agus córas réiteach leordhóthanach agus éifeachtach a chur i bhfeidhm le haghaidh na mí-úsáide sin.

Ón am sin i leith, phléigh an Coimisiún go díreach leis an gcomhlacht is airde i gComhairle na hEorpa (a Coiste Airí), leis an Aire Oideachais, le Measúnóir Neamhspleách a cheap an Stát, le Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus le Comhaltaí Oireachtais maidir le ceanglais chearta an duine le haghaidh marthanóirí chun go bhfaighidís sásamh.

Measann an Coimisiún go bhfuil an cás seo suntasach i dtaobh chearta daonna mharthanóirí na mí-úsáide stairiúla i scoileanna Éireannacha.

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

“Ag croí na ceiste seo tá íospartaigh atá ag lorg sásamh as mainneachtain an Stáit iad a chosaint ar mhí-úsáid ghnéis, agus a bhfuil bacainní troma agus treallacha os a gcomhair chun an sásamh sin a fháil.

“Bhuaigh Louise O’Keeffe a cás sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ar deireadh, ach mar gheall ar léirmhíniú caol an Stáit ar a rialú in 2014, tá bacainní suntasacha fós le sárú ag marthanóirí mí-úsáide gnéis stairiúla ar pháistí i scoileanna chun sásamh a bhaint amach.

“Ó bunaíodh muid, d’úsáideamar ár gcumhachtaí dlí chun aird a tharraingt ar an ngá ríthábhachtach a bhaineann le scéimeanna sásaimh a chomhlíonann cearta an duine agus atá ar fáil do mharthanóirí mí-úsáide. Tá an obair sin fós ar bun, ach táimid ag obair níos mó agus níos mó i gcomhthéacs ina bhfuil na marthanóirí ag dul in aois agus ina dteastaíonn réiteach práinneach ar na ceisteanna um chearta an duine a tharraingítear anuas sa chás seo. Tá sé tábhachtach go soiléireofar na ceisteanna seo mar ábhar práinne toisc go bhfuil an Scéim le dúnadh i mí Iúil 2023.”

CRÍOCH/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

01 852 9641 / 087 468 7760

sarah.clarkin@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC

Nóta Eagarthóra

Toisc go bhfuil Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas páirteach go foirmiúil anois in imeachtaí an cháis, coisctear orainn aon tráchtaireacht eile a dhéanamh ó tharla go bhfuil an cás os comhair na hArd-Chúirte.

Nuair a chuireann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas aighneachtaí i scríbhinn faoi bhráid na nUaschúirteanna i gcásanna amicus curiae, cuirtear ar fáil iad ar www.ihrec.ie i ndiaidh an cás a éisteacht.

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát.

Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.