Cinneann Comhairle na hEorpa gur Sháraigh Éire Oibleagáidí Ceart Saothair

Tá Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas tar éis a imní a léiriú faoi chinneadh Chomhairle na hEorpa go bhfuil Éire fós ag sárú a hOibleagáidí Ceart Saothair faoi Chairt Shóisialta na hEorpa Athbhreithnithe (‘an Chairt’).
Is conradh ceangailteach um chearta an duine í an Chairt a dhaingnigh Éire in 2000.

Breithníodh nár chomhlíon Éire an Chairt i réimsí éagsúla, ina measc: mainneachtain “caighdeán sásúil maireachtála” a chinntiú d’oibrithe óga ar an bpá íosta; srianta iomarcacha ar an gceart chun stailce, ceart a dhiúltaítear do na Gardaí mar shampla; agus tréimhse fógraí atá “míréasúnta go follasach” le haghaidh oibrithe agus státseirbhíseach.

Chinn an Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta (ECSR) freisin nach gcloíonn an cás in Éirinn maidir leis an gceart eagrúcháin leis an gCairt, toisc go n-údaraítear roinnt cleachtais tí dhúnta faoin dlí, agus nach gcosnaíonn an dlí intíre gach oibrí ar dhífhostú ar an bhforas ballraíochta nó rannpháirtíochta i gceardchumann.

Sa tuarascáil is deireanaí uaidh, d’fhoilsigh ECSR na Conclúidí seo maidir le 33 Stát, Éire ina measc, ar airteagail na Cairte a bhaineann le Ceart Saothair.
Luaitear agus tagraítear go díreach sa tuarascáil dár n-aighneacht i mí Iúil 2022, agus chinn ECSR inniu go bhfuil an Stát fós ag sárú go leor dá oibleagáidí Ceart Saothair a théann i gcion ar ár n-oibrithe is leochailí.

Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:

“Deir Comhairle na hEorpa go soiléir go bhfuil ag teip ar Éirinn in go leor réimsí a hoibrithe ar fad a chosaint go comhionann agus go leordhóthanach. Tá cearta na n-oibrithe riachtanach chun a chinntiú gur féidir leas a bhaint as go leor cearta eile, ar nós sláinte agus tithíochta.

“I rith ár ngéarchéimeanna costais maireachtála agus tithíochta faoi láthair, tá daoine ag obair uaireanta fada ar thuarastal íosta nó íseal, le droch-chinnteacht fostaíochta, gan cead dul ar stailc go minic nó gan cead cosaint ceardchumainn a úsáid – tá siad thar a bheith leochaileach agus i mbaol mór bochtanais, fadhbanna meabhairshláinte nó easpa dídine.
“Athdhearbhaímid arís ár n-imní go gcaithfidh Éire gníomhú chun cosaint cheart a thabhairt do chearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha i ndlí intíre na hÉireann, agus tiomantais idirnáisiúnta na hÉireann a chomhlíonadh ina n-iomláine.
Molaimid arís go dtabharfadh cuimsiú na gceart sin inár mBunreacht sciath chosanta do na hoibrithe is leochailí agus dá dteaghlaigh.”

CRÍOCH/

Nótaí chuig na hEagarthóirí:

Is comhlacht réigiúnach um chearta an duine é ECSR a mhaoirsíonn cosaint ceart áirithe eacnamaíoch agus sóisialta i bhformhór na hEorpa. Is eagraíocht ar leith é i measc na sásraí réigiúnacha um chearta an duine mar gheall ar a shásra gearáin comhchoiteann (seachas aonair), agus an tsolúbthacht a thugann sé do Stáit maidir lena gcinneadh cé na forálacha ó Chairt Shóisialta na hEorpa Athbhreithnithe (‘an Chairt’) a nglacfaidh siad.

Áiríodh leis na Cearta Saothair a mheasúnaigh ECSR:

  •  an ceart chun dálaí córa oibre
  • an ceart chun luach saothair cóir a fháil
  • an ceart eagrúcháin
  •  an ceart chun cómhargála
  •  an ceart chun faisnéise agus comhairliúcháin
  •  an ceart chun páirt a ghlacadh i gcinneadh agus feabhsú na ndálaí oibre agus na timpeallachta oibre, an ceart chun dínite ag an obair
  •  an ceart go dtabharfaí cosaint d’ionadaithe oibrithe san fhiontar agus sna saoráidí
  •  an ceart chun faisnéise agus comhairliúcháin i nósanna imeachta comhchoiteanna iomarcaíochta

Is féidir teacht ar Chonclúidí ESCR ag https://www.coe.int/en/web/portal/-/conclusioni-del-comitato-europeo-dei-diritti-sociali-sui-diritti-dei-lavoratori