“Sárú Soiléir” ar Chearta Páiste faoi Mhíchumas é Nós Imeachta FSS, a Chinneann Cúirt

An Coimisiún ag gníomhú mar amicus curiae i gcás tábhachtach

Fáiltíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) roimh chinneadh na Cúirte Achomhairc inniu, i gcás tábhachtach a bhain le Buan-nósanna Imeachta Oibríochta (BIOnna) FSS i leith Measúnú ar Riachtanais do pháiste faoi mhíchumas. Bhí baint ag an gCoimisiún leis an gcás ina fheidhm Amicus Curiae (‘cara na cúirte’).

Bhain an cás le páiste a atreoraíodh le haghaidh Measúnú ar Riachtanais faoin Acht um Míchumas 2005 i ndiaidh BIO nua FSS, a bhí i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2020. Faoi BIO nua FSS, shainaithin FSS go raibh an páiste faoi mhíchumas, ach dhiúltaigh siad nádúr agus raon an mhíchumais a dhiagnóisiú, ag rá nár cheangail an tAcht um Míchumas 2005 orthu sin a dhéanamh. Ina áit sin, d’atreoraigh FSS an páiste le haghaidh tacaíochtaí agus seirbhísí.

Bhí imní ar thuismitheoirí an Iarratasóra go raibh Neamhord de chuid Speictream an Uathachais ar a bpáiste. Mhaígh siad gur fhág cur chuige FSS go raibh an measúnú easnamhach agus go mbeadh tionchar diúltach aige ar an bpáiste.

Ina aighneachtaí don Chúirt, d’áitigh an Coimisiún go raibh sé riachtanach go léirmhíneofaí forálacha Acht 2005 ar bhealach a thagann le bunchearta agus go háirithe oibleagáidí an Stáit faoin gCoinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD). Rinne an Breitheamh Whelan cur síos ar mhaíomh an Choimisiúin nár ghá don Chúirt imeacht ó theanga shoiléir agus ghonta an Achta chun é a fhorléiriú mar “ceart”.

Ina breithiúnas, dúirt an Breitheamh Whelan:

“Baineann BIO 2020 an bonn go huile is go hiomlán de chearta daoine faoi mhíchumas (…) Ní féidir a rá go bhfuil measúnú ar riachtanais a dhéantar de bhun alt 8 de 2015 iomlán gan measúnú diagnóiseach ar mhíchumas an pháiste seachas más é tuairim réasúnta an oifigigh measúnaithe nach dteastaíonn measúnú diagnóiseach.”

Rinne an Breitheamh Whelan cur síos ar thabhairt isteach BIO FSS mar “athrú suntasach ó bhonn” agus dúirt gur chuir sé “bacainní an-suntasach agus neamhcheadaithe ar deireadh sa bhealach ar dhuine a bheadh ag iarraidh a gceart a éileamh chun measúnú neamhspleách bailí ar riachtanais a fháil (…)  Tá sé an-dian go háirithe i gcúinsí inar páiste an té atá i gceist.”

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir an Choimisiúin:

“Fáiltímid roimh an rialú inniu mar chinneadh cinniúnach tábhachtach agus táimid ag súil go n-eascróidh cinnteacht agus soiléire as do pháistí faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh.

Chinn an Chúirt go bhfuil diagnóis, a theastaíonn i nach mór gach cás seachas iad siúd is eisceachtúla, riachtanach faoin dlí, agus gur sháraigh BIO FSS cearta an pháiste faoi mhíchumas a bhí ag croí an cháis seo.

Tá súil againn go mbeidh siad in ann an Measúnú ar Riachtanais atá thar a bheith tábhachtach dóibh a fháil anois, agus guímid gach rath orthu féin agus a muintir.”

CRÍOCH/