Foilsíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, Ibec agus ICTU Treoir Nua d’Fhostóirí maidir le hIarrthóirí Tearmainn a Fhostú

Tá Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (an Coimisiún) ag iarraidh ar fhostóirí ar fud na hÉireann leas a bhaint as cáilíochtaí, taithí agus scileanna suntasacha na ndaoine atá ag iarraidh tearmainn in Éirinn chun a ngnóthaí a fhás agus a fhorbairt.

Foilsíodh treoir nua ón gCoimisiún inniu, le tacaíocht ó Ghrúpa Fostóirí Gnó na hÉireann, Ibec, agus an Comhlacht Ionadaíochta Ceardchumainn, ICTU, agus tugtar faisnéis inrochtana shoiléir sa treoir faoi fhostú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta – daoine atá ag iarraidh tearmainn. Cuireadh an foilseachán sin i dtoll a chéile trí Choiste Comhairleach an Choimisiúin d’Oibrithe agus d’Fhostóirí.

Seoltar an leabhrán dar teideal “Employing International Protection Applicants” ar an Lá Idirnáisiúnta um Chearta an Duine. Gach bliain ar an 10 Nollaig, déanann an domhan ceiliúradh ar an Lá um Chearta an Duine, mar cheiliúradh ar chomóradh an lae in 1948 ar ghlac na Náisiúin Aontaithe Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.

Leagtar amach sa treoir nua:

  • An tionchar a bhíonn ag stádas cosanta idirnáisiúnta duine ar a n-infhostaitheacht.
  • Samplaí agus taithí ó ghnóthaí atá lonnaithe in Éirinn, ar nós na cuideachta forbartha bogearraí Zartis, agus Deloitte Ireland.
  • Na treoirlínte d’fhostóirí a fhostaíonn iarratasóirí.
  • Céard is Cead Rochtana ar an Margadh Saothair ann, an chuma a bhíonn air agus an chaoi a n-éascaíonn sé rochtain ar fhostaíocht, féinfhostaíocht agus gairmoiliúint.
  • Naisc chuig na foirmeacha a theastaíonn chun duine atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta a fhostú, agus mínithe ar na foirmeacha sin.

Níl sé de cheart ag Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta oibriú in Éirinn ach ó mhí an Mheithimh 2018. Mar a léiríonn líon na n-iarratasóirí a chuir isteach ar chead oibre ó shin, tá an-fhonn orthu fostaíocht a aimsiú agus na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna atá acu a úsáid. Toisc gur forbairt sách nua é seo, d’fhéadfadh nach bhfuil a fhios ag go leor fostóirí faoi agus go bhfuil siad ag cailliúint na deise leas a bhaint as an ngrúpa oilte seo.

Léirítear sna figiúirí is deireanaí gur bronnadh cead oibre, ó mhí Iúil 2018, ar 6,837 iarratasóir ar chosaint oibre as an 9,187 duine a chuir isteach ar chead oibre. Bunaithe ar fhoirmeacha dearbhaithe tuairisceáin fostóirí, tá 60% nó 4,091 fostaithe nó féinfhostaithe. Tá 2,913 duine ina gcónaí i Soláthar Díreach agus ag obair. Tá 1,178 ag obair agus ina gcónaí go neamhspleách.

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

“Tagann iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ó raon leathan tíortha agus cúlraí cultúrtha, agus tugann siad raon cáilíochtaí, scileanna agus taithí leo, líofacht i dteangacha difriúla ina measc.

“Ó 2018, tá cead ag daoine atá ag iarraidh Cosaint Idirnáisiúnta in Éirinn obair a lorg, ach níl a fhios ag dóthain fostóirí cén chaoi le teacht ar na daoine oilte seo.

“Baineann an treoir seo a foilsíodh inniu ar an Lá Idirnáisiúnta um Chearta an Duine leis na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí atá ag daoine atá ag iarraidh tearmainn in Éirinn a mheaitseáil le riachtanais ghnó fostóra.”

Dúirt David Joyce, an tOifigeach Comhionannais, Comhdháil na gCeardchumann (ICTU):

 “D’fhéadfadh daoine atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta in Éirinn a bheith incháilithe le hoibriú in Éirinn.  Ach ní hionann a bheith incháilithe agus a bheith in ann fostaíocht a chinntiú, beag ná mór, mura bhfuil siad in ann na poist a aimsiú ná fostóirí a aithníonn a gcáilíochtaí agus a dtaithí chun an obair chuibhiúil a theastaíonn uathu a sholáthar. Tá sé d’aidhm leis an treoir seo é sin a athrú trí fhreagraí soiléire a thabhairt ar cheisteanna a d’fhéadfadh fostóirí a chur faoi dhaoine atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta a fhostú.”

Dúirt an Dr Kara McGann, an Stiúrthóir Beartais Shóisialta, Ibec:

“Teastaíonn daoine ag a bhfuil cáilíochtaí, treallús agus taithí ó fhostóirí. Trí na scileanna sin a úsáid agus leas a bhaint as an tallann a thairgeann daoine atá ag iarraidh Cosaint Idirnáisiúnta, d’fhéadfaí spreagthóir breise a chruthú d’iomaíochas agus d’fhás an ghnó in Éirinn, agus cabhrú linn freagairt do riachtanais athraithe ár ngeilleagair. Molaim do thionscail, idir bheag agus mhór, an treoir seo a fháil agus smaoineamh ar na bealaí a bhféadfadh rochtain ar na scileanna sin cabhrú lena ngnóthaí a éagsúlú agus a fhás.”

CRÍOCH/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

01 8589601 / 087 0697095

bdawson@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC