Fáiltíonn an Coimisiún um Chearta an Duine agus Comhionannas roimh Rialú na Cúirte Uachtaraí i gCás faoi Cheart chun Triail Chóir

D’fheidhmigh an Coimisiún Ról Amicus Curiae sa Chás os comhair na Cúirte Uachtaraí

Cuireann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (an “Coimisiún”) fáilte roimh bhreithiúnas tábhachtach ón gCúirt Uachtarach i gcás coiriúil a phléigh an bhfuil freaschur an dualgais cruthúnais ar dhuine cúisithe ceadaithe ar “chothrom na dóchúlachta” agus aird ar an ráthaíocht bhunreachtúil de cheart chun triail chóir.

Ciontaíodh an fear sa chás seo as an gcion leanbh atá faoi bhun 17 mbliana d’aois a thruailliú, faoi alt 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006 (arna ionadú le halt 17 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017) (an “reachtaíocht”). Foráiltear sa reachtaíocht do chosaint go ndearnadh botún réasúnta i gcúis truaillithe, sa chás gur féidir leis an duine cúisithe a chruthú go ndearna siad botún réasúnta nuair a chreid siad go raibh an leanbh tar éis 17 mbliana d’aois a shlánú. De réir alt 3(5) den reachtaíocht, i gcás duine cúisithe a mhaíonn go ndearna siad botún faoi aois linbh a bhí faoi bhun 17 mbliana d’aois, bheadh orthu an maíomh sin a chruthú ar chothrom na dóchúlachta, rud a d’fhágfadh go mbeadh ar dhuine cúisithe a chruthú gur dóichí go raibh a gcosaint fíor ná bréagach.  Chinn an Ard-Chúirt sa chás seo go raibh alt 3(5) den reachtaíocht míbhunreachtúil. Rinne an Stát achomharc in aghaidh an chinnidh sin leis an gCúirt Uachtarach.

Ina ról mar amicus curiae, mhaígh an Coimisiún go bhféadfadh dlí a fhreaschuireann an dualgas cruthúnais ar dhuine cúisithe a bheith dlisteanach. Ach teastaíonn údar an-láidir le freaschur an dualgais cruthúnais. D’áitigh an Coimisiún go gcaithfeadh an Chúirt a bheith sásta nach gcuirtear isteach ar cheart an duine chúisithe chun triail chóir, mar a chosnaítear faoin mBunreacht. Dúirt an Coimisiún freisin ní hé go léirítear an t-údar le freaschur an dualgais cruthúnais trí thagairt shimplí do bheartas sóisialta nó tromchúise an chiona, ach gurb é an t-údar a theastaíonn ná go mbeadh ionchúiseamh an chiona “dochurtha i bhfeidhm” dá uireasa.

Ina breithiúnas in CW v. an Aire Dlí agus Cirt, Éire agus an Ard-Aighne, dhíbh an Chúirt Uachtarach achomharc an Stáit agus dheimhnigh cinneadh na hArd-Chúirte go bhfuil alt 3(5) den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006 (arna ionadú le halt 17 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017) míbhunreachtúil.

Chinn an Chúirt Uachtarach “cé gur cuspóir dlisteanach é cuspóir na reachtaíochta gan aon agó, agus go dtugtar údar go mbeadh ar an gcosaint an dualgas cruthúnais a léiriú agus go gcaithfidh an botún a bheith réasúnta, tá socrú an ualaigh sin ag leibhéal chothrom na dóchúlachta ag cur isteach ar an gceart go dtoimhdí thú a bheith neamhchiontach sa mhéid go measfaí é a bheith díréireach agus ag sárú thoimhde neamhchiontachta an bhunreachta, sin nó ní ráthófaí triail mar is cuí de réir dlí mar a cheanglaítear faoi Airteagal 38 den Bhunreacht.”

D’aontaigh an Chúirt d’aon ghuth nach féidir údar a thabhairt d’ualach a chur ar an gcosaint caighdeán cruthúnais chothrom na dóchúlachta a léiriú agus gur chruthaigh sé baol ard gan chúis go gciontófaí duine a rinne an botún sin.

Dúirt Stiúrthóir an Choimisiúin, Deirdre Malone:

“Tarraingíonn breithiúnas na Cúirte aird ar an tábhacht a bhaineann leis an ráthaíocht bhunreachtúil de cheart chun triail chóir. Deimhníonn an breithiúnas nach féidir le haon bheart a chuireann ualach ar dhuine cúisithe cion a bhréagnú cur isteach ar a gceart chun triail chóir seachas mar is cuí de réir dlí.”

CRÍOCH/

Nóta don Eagarthóir

Tá aighneachtaí i scríbhinn an Choimisiúin a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí sna himeachtaí ar fáil ag an nasc seo a leanas:

https://www.ihrec.ie/documents/cw-v-minister-for-justice-ireland-and-the-attorney-general/