Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2021–22 ar Oscailt d’Iarratais

Tacóidh an clár €350,000 le tionscadail chun cearta a chur chun cinn agus ciníochas a shárú

Iarrtar ar eagraíochtaí ar fud na hÉireann a oibríonn ar cheisteanna chearta an duine agus comhionannais iarratas a dhéanamh ar Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2021–22 a osclaíonn inniu.

Bronnfaidh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) deontais bheaga suas le €6,000 agus deontais ghinearálta suas le €20,000 chun tacú le gníomhaíochtaí faoi thrí shnáithe:

  • Cearta agus Comhionannas Sóisialta agus Eacnamaíoch a Chur Chun Cinn
  • Ciníochas agus Idirdhealú Ciníoch a Shárú
  • Cearta Daoine Atá Faoi Mhíchumas a Chur Chun Cinn

Tá an scéim ar oscailt d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, grúpaí faoi stiúir daoine a bhfuil cearta acu agus pobal, agus ceardchumainn ar fud na tíre, a mholfaidh tograí chun daoine agus pobail a chumasú chun a gcearta a thuiscint agus a éileamh agus a bheith páirteach sa chinnteoireacht a théann i gcion orthu. Áirítear leo sin daoine atá i mbaol idirdhealú a chosnaítear faoi na naoi bhforas i reachtaíocht chomhionannais na hÉireann: inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, aois, gnéaschlaonadh, míchumas, cine, reiligiún agus duine den Lucht Siúil, agus daoine atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta.

Áirítear leis na gníomhaíochtaí lena dtacaíonn Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2021–22:

  • Gníomhaíochtaí rannpháirtíochta oideachais agus oiliúna
  • Tionscadail a dhíríonn ar dhaoine a bheith rannpháirteach in athchóiriú beartais agus reachtaíochta a mhúnlú
  • Comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe comhleibhéil
  • Feachtais agus uirlisí clóite nó digiteacha
  • Taighde agus anailís bheartais rannpháirtíochta
  • Monatóireacht ar chomhlíonadh chearta an duine agus comhionannais i measc comhlachtaí poiblí

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

“Tá an-áthas orainn tús a chur leis an séú bliain de Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais dár gcuid. Go dtí seo, thacaíomar le os cionn 150 tionscadal ar fud na hÉireann, ag cabhrú le heagraíochtaí chun guthanna na ndaoine sin a raibh constaicí ina mbealach chun ceartas a bhaint amach a mhéadú agus a thabhairt chun cinn.

“Is bealach é an maoiniú chun daoine a chumasú chun a chinntiú gur féidir leo a gcearta a éileamh agus guth a bheith acu sna cinntí a théann i gcion orthu agus tacú le hobair thábhachtach atá dírithe ar chearta i measc na bpobal in Éirinn a ndéantar idirdhealú orthu mar gheall ar chine, stádas eacnamaíoch agus míchumas.”

Áirítear le tionscadail a fuair maoiniú roimhe seo cláir thaighde, gníomhaíochtaí oiliúna nó acmhainní, comhdhálacha nó imeachtaí agus tionscnaimh chultúrtha.

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil Déardaoin, 22 Aibreán ag a 4.00 i.n. go beacht agus tá na sonraí iomlána faoin scéim deontas ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.