Fógraítear Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2023–24

Bronntar €400,000 ar thionscadal chun Dul Chun Cinn a Dhéanamh ar Theacht ar Cheartas agus Cearta agus chun Deireadh le Cumasachas, Aoiseachas, Ciníochas, Gnéasachas, Homafóibe agus Trasfhóibe a Chur Chun Cinn

D’fhógair Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas inniu an 30 eagraíocht a mbronnfar €400,000 san iomlán orthu mar chistiú le haghaidh tionscadal faoi Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2023–24 dá chuid.

Cuireann tosaíochtaí an Choimisiúin a leagtar amach i Ráiteas Straitéise 2022–2024 dá chuid bonn eolais faoi théamaí Scéim Deontas 2023–24. Thacaigh an Scéim Deontas le tionscadail faoi na snáitheanna seo a leanas i mbliana.

  • Snáithe A: Dul Chun Cinn a Dhéanamh ar Theacht ar Cheartas agus Cearta
  • Snáithe B: Deireadh le Cumasachas, Aoiseachas, Ciníochas, Gnéasachas, Homafóibe agus Trasfhóibe a Chur Chun Cinn

I mbliana, bronnadh deontais ghinearálta suas go €20,000 agus deontais níos lú suas go €6,000 ar thionscadail. Bhí an scéim oscailte d’eagraíochtaí sochaí sibhialta a oibríonn chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn agus do cheardchumainn, chomh maith le grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar phobail a thugann aghaidh ar bhochtanas agus eisiamh sóisialta nó pobail sainleasa a chosnaítear faoi na naoi bhforas comhionannais.

Táimid ag súil leis na tionscadail sin agus tá muinín againn go gcuirfidh na torthaí bonn eolais faoinár gcuid oibre amach anseo.

Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:

 “Tá Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais ina cuid dár dtionscnamh chun tacú le pobail agus eagraíochtaí, agus iad a chumhachtú, chun dul i ngleic le ceisteanna tábhachtacha bunaithe ar chearta, leo siúd is mó a mbíonn tionchar orthu.

Is gné lárnach de dhaonlathas folláin a oibríonn é teacht ar cheartas agus cosaint ar idirdhealú de gach saghas.

“Táimid ag súil leis na torthaí a eascróidh as cumhachtú na ndaoine sin a mbíonn na constaicí is mó ina mbealach chun ceartas a bhaint amach, chun go dtuigfidh agus go n-éileoidh siad a gcearta, trí na tionscadail seo, agus é mar aidhm chomhroinnte sochaí níos ionchuimsithí a chruthú dúinn ar fad.”

CRÍOCH/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,
01 852 9641 / 087 468 7760
sarah.clarkin@ihrec.ie
Lean muid ar twitter @_IHREC

Nóta don Eagarthóir

Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2023–2024 de chuid IHREC

Tá Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais ina cuid de chumhacht reachtúil an Choimisiúin chun deontais a thabhairt chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.

Tá liosta iomlán na n-eagraíochtaí a gheobhaidh Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2023–24 anseo a leanas: