Seolann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas Ráiteas Straitéise 3 Bliana Nua

Sheol Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) inniu a Ráiteas Straitéise nua le haghaidh 2022–2024 ina sainaithnítear na cúig phríomhthosaíocht a rialóidh obair an Choimisiúin go ceann trí bliana.

Is é seo an tríú Ráiteas Straitéise ón gCoimisiún ó bunaíodh é in 2014, agus chuir próiseas comhairliúcháin le raon daoine aonair, eagraíochtaí agus comhlachtaí ar fud earnáil chearta an duine agus comhionannais in Éirinn bonn eolais faoin Ráiteas.

Cuimsítear ann cuid de na ceisteanna is práinní in Éirinn maidir le cearta an duine agus comhionannas i measc réimsí ar nós tithíochta, idirdhealú, agus neamhionannas geilleagrach.

Sainaithnítear cúig réimse tosaíochta straitéisí an Choimisiúin sa Ráiteas:

  • Comhionannas Geilleagrach – Féachfar le comhionannas geilleagrach níos fearr a bhaint amach i dtithíocht, fostaíocht, ioncam agus le haghaidh cúramóirí
  • Ceartas – Cosnófar rochtain ar cheartas agus forlámhas an dlí sa chóras cosanta idirnáisiúnta, sna cúirteanna agus in úsáid na gcumhachtaí poiblí, lena n-áirítear tionchar an Bhreatimeachta.
  • Meas agus Aitheantas – Cuirfear chun cinn deireadh a chur le ciníochas, cumasachas, aoiseachas agus gnéasachas, trí thuiscint an phobail agus gníomh an Stáit.
  • Seasmhacht i Leith na Todhchaí – Freagrófar do ghéarchéimeanna a bhagraíonn ar chearta agus comhionannas, paindéim COVID-19 agus an t-athrú aeráide ina measc.
  • Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine – Comhlíonadh dhualgas reachtúil na gcomhlachtaí poiblí a spreagadh, tuairisciú air agus é a fhorfheidhmiú.

Tagann an Ráiteas Straitéise agus sonraí ón gCoimisiún ag léiriú go bhfuil béim níos mó ag muintir na hÉireann ar cheisteanna comhionannais. Ina phobalbhreith bhliantúil i mí na Nollag 2021, chonaic IHREC gur chreid 91% de na daoine go bhfuil gach duine i dteideal comhionannas i sochaí na hÉireann – méadú ó 88% roimh an bpaindéim in 2018.*

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:

“Is ré chinniúnach í seo, inar féidir linn mar shochaí glacadh le cur chuige difriúil. Is féidir linn ár luachanna agus ár dtosaíochtaí a athchalabrú agus iarracht chomhfhiosach a dhéanamh aire níos fearr a thabhairt dá chéile, roghnú ár gcosúlachtaí a fheiceáil níos mó ná ár ndifríochtaí, agus teacht le chéile mar aitheantas don mhéid a d’fhoghlaimíomar sa phaindéim seo – gur treise muid nuair a chaithimid lena chéile mar phobal, ag tacú lena chéile agus ag gníomhú in éindí.

“Sular ghéaraigh an phaindéim cás ár gcúraim sláinte, ár dtithíochta, na ndaoine a fhulaingíonn idirdhealú agus eisiamh i siopaí agus ar an tsráid, bhí na fadhbanna sin ar fad in Éirinn cheana féin. Agus muid ar fad ag lorg tearmainn sa bhaile, thug an phaindéim léargas níos fearr dúinn ar na fadhbanna lasmuigh dár ndoras tosaigh.

“Inniu leis an Ráiteas Straitéise seo, táimidne in IHREC ag lorg athmhachnamh ar chur chuige na hÉireann i leith chearta an duine agus comhionannais. Go mbeifí réamhghníomhach, go haonarach agus mar shochaí. Go rachfaí amach agus éisteacht le guthanna, dearcthaí agus tuairimí na ndaoine is lú a chloistear, agus is mó a mbíonn tionchar ag an gcinnteoireacht orthu. Go smaoineofaí faoin gcomhionannas agus an dínit a bhíonn uainn ar fad, agus é a chuimsiú sa chaoi a ndeartar ní hamháin áiteanna cónaithe na todhchaí, ach freisin na beartais, na cláir agus na hinstitiúidí a bheidh ag na glúine atá le teacht. Agus go ríthábhachtach, gan fanacht ar an éagóir agus ar an ngortú sula lorgaíonn daoine an ceartas.”

CRÍOCH/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

01 8589601 / 087 0697095

bdawson@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC