Tuismitheoirí Aonair i Measc na nDaoine Is Mó Míbhuntáiste i gCóras Tithíochta na hÉireann

Léiríodh i dtaighde nua gur tuismitheoirí aonair agus a bpáistí iad 53% de na teaghlaigh gan dídean ar fad, agus gur mó i bhfad an seans go mbeidh drochthithíocht acu ná cineálacha eile teaghlach. Tarraingítear aird sa tuarascáil freisin ar na míbhuntáistí a bhíonn roimh dhaoine óga, imircigh, daoine atá faoi mhíchumas, an Lucht Siúil agus daoine eile i gcóras tithíochta na hÉireann.

Tá impleachtaí ag “Monitoring Adequate Housing in Ireland”, a d’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) do fhreagraí beartais i ndiaidh na paindéime.

Tá an ceart chun tithíocht dhóthanach ina phríomhchuid de chomhaontuithe idirnáisiúnta um chearta an duine a bhfuil Éire ina sínitheoir díobh. Féachtar sa tuarascáil ar shé ghné de leordhóthanacht tithíochta – inrochtaineacht, inacmhainneacht, slándáil tionachta, leordhóthanacht chultúrtha, cáilíocht, agus suíomh. Forbraítear uirlis ann chun monatóireacht a dhéanamh ar thithíocht dhóthanach, trí na táscairí sin a shainaithint chun dul chun cinn a thomhas. Tugtar figiúirí bonnlíne freisin faoi chás tithíochta raon grúpaí sóisialta roimh phaindéim COVID-19, nó go han-luath sa phaindéim.

Déantar anailís sa taighde ar raon bunachar sonraí náisiúnta agus áiríodh leis próiseas comhairliúcháin le 30 páirtí leasmhar a rinne ionadaíocht ar raon leathan eagraíochtaí agus grúpaí.

Áirítear leis na príomhthorthaí:

  • Tionchar suntasach ar thuismitheoirí aonair:Thuairiscigh níos lú ná 25% de na tuismitheoirí aonair gur leo a n-áit chónaithe, i gcomparáid le 70% den daonra iomlán. Bhí rátaí níos airde i measc tuismitheoirí aonair d’fhadhbanna inacmhainneachta (19%) i gcomparáid leis an daonra ginearálta (5%), agus bhí siad i mbaol fadhbanna cáilíochta tithíochta go háirithe, ar nós taise agus easpa téimh lárnaigh (32% i gcomparáid le 22% den daonra ginearálta).
  • Plódú: Tá riosca i bhfad níos airde plódaithe i measc grúpaí mionlach eitneach. Cónaíonn os cionn 35% de dhaoine Áiseacha/Éireannach-Áiseacha, 39% den Lucht Siúil agus os cionn 40% de dhaoine Gorma/Éireannach-Gorma i gcóiríocht phlódaithe, i gcomparáid le 6% den daonra ginearálta.
  • Tionchar ar imircigh: Cónaíonn 48% d’imircigh san earnáil phríobháideach chíosa i gcomparáid le 9% díobh siúd a rugadh in Éirinn. Is mó seans go gcónóidh imircigh, go háirithe iad siúd ó Oirthear na hEorpa (28%) agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach (27%) in áiteanna plódaithe.
  • Míchumas agus cáilíocht tithíochta: Bíonn fadhbanna cáilíochta tithíochta ag 29% díobh siúd a chónaíonn le míchumas, i gcomparáid leo siúd nach bhfuil faoi mhíchumas (21%). Is mó an seans freisin go dtuairisceoidh daoine atá faoi mhíchumas nach bhfuil siad in ann a n-áit chónaithe a choinneáil te agus go bhfuil riaráistí cíosa nó íocaíochtaí morgáiste orthu.
  • Easpa dídine: Tá fadhb leanúnach na heaspa dídine ag tarraingt aird ar chuid den phobal atá faoi mhíbhuntáiste mór agus nach bhfuil an beart is bunúsaí de thithíocht dhóthanach mar a bheartaítear faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta um chearta an duine á chomhlíonadh ina leith.

Áirítear leis na príomhdhúshláin a sonraíodh sa staidéar:

  • COVID agus easpa dídine:Tá fíor-riosca ann fós go n-ardóidh leibhéil na heaspa dídine i ndiaidh deireadh a chur le cosaintí na paindéime mar gheall ar an srian a cuireadh ar ghníomhaíocht tógála a chuir teorainn leis an soláthar tithíochta. Ní áirítear sna figiúirí easpa dídine iad siúd atá i gcásanna ‘easpa dídine faoi cheilt’ – na daoine atá ag fanacht le cairde nó le gaolta, atá ag fanacht ar tholg daoine eile, nó iad siúd nach bhfuil ag plé le seirbhísí easpa dídine.
  • Cíosanna ag ardú níos tapa ná tuarastail:D’ainneoin thabhairt isteach na gCriosanna Brú Cíosa go mall in 2016, mhéadaigh cíosanna beagnach 40% i mBaile Átha Cliath agus 20% sa chuid eile den tír. Tá costais chíosa tar éis méadú ag ráta níos airde ná an meántuilleamh i mBaile Átha Cliath agus sa chuid eile den tír. In 2020, measadh go raibh an meánchíos míosúil ionann le 31% den mheántuilleamh míosúil.
  • Úsáid cóiríochta príobháidí cíosa:Tá an t-aistriú beartais go daoine ag a bhfuil riachtanais tithíochta, lena n-áirítear na grúpaí i mbaol, a chur i gcóiríocht phríobháideach chíosa le tacaíocht ó HAP ag tarraingt ceisteanna anuas faoi shlándáil agus cáilíocht na tithíochta sin.
  • Sonraí ar iarraidh:Bíonn níos mó idirdhealaithe le sárú ag mionlaigh eitneacha, ar nós an Lucht Siúil agus an ghrúpa eitnigh Ghoirm, agus iad ag lorg cóiríochta, agus is mó i bhfad an riosca go mbeidh plódú agus easpa dídine ina measc. Ach ar fhormhór na dtáscairí faoi leordhóthanacht tithíochta, ní thomhaistear eitneacht, ná stádas teifeach nó iarrthóra tearmainn.

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

 “Bíonn cur chuige bunaithe ar chearta i leith na tithíochta ag aithint ní hamháin go bhfuil níos mó i gceist le tithíocht ná ballaí agus díon, téann sé i ngleic freisin leis an neamhionannas i dtithíocht – neamhionannas atá fite fuaite in earnáil tithíochta na hÉireann mar a léirítear sa tuarascáil seo.

“Tá rochtain ar thithíocht dhóthanach ina cheart daonna bunúsach a chosnaítear i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus i gcomhaontuithe eile, ach léirítear sa tuarascáil seo go bhfuil bacainní tromchúiseacha ar thithíocht dhóthanach i measc tuismitheoirí aonair, daoine i ngach glúin, an Lucht Siúil agus imircigh.

“Cuireann tithíocht dhóthanach ar a gcumas do dhaoine ní hamháin maireachtáil, ach maireachtáil go maith agus a lánchumas a bhaint amach, chomh maith le sochaí níos córa, níos ionchuimsithí agus níos inbhuanaithe a chruthú.”

Dúirt príomhúdar na tuarascála, Helen Russell ó ESRI:

“Tá tithíocht dhóthanach riachtanach don cháilíocht saoil. Baineann tithíocht easnamhach le drochshláinte idir fhisiciúil agus mheabhrach, agus cuirtear srian ar chumas daoine páirt a ghlacadh in oideachas, i bhfostaíocht agus sa phobal.

“Tugtar creat sa taighde seo chun monatóireacht a dhéanamh ar thithíocht dhóthanach in Éirinn agus tarraingítear aird ann ar na príomhdhúshláin a bhaineann le tithíocht dhóthanach a bhaint amach, an easpa soláthar tithíochta agus fadhbanna inacmhainneachta ina measc. Tá tábhachtach na slándála ag fás freisin de bharr chomh mór agus atáthar ag brath ar an earnáil chíosa anois, ach níl bearta cuí slándála ar leibhéal an duine aonair againn faoi láthair.”

 

CRÍOCH

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 087 0697095. Brian.Dawson@ihrec.ie

Helen Russell (Ollamh Taighde, ESRI), Fón póca 086 8175571. helen.russell@esri.ie

Ivan Privalko (Taighdeoir Iardhochtúireachta, ESRI), Fón póca 085 1636980. ivan.privalko@esri