Rialaíonn an Chúirt Uachtarach in Aghaidh Úsáid an Dlí Pleanála ag Comhairle Contae an Chláir chun Teaghlach ón Lucht Siúil Nach Raibh Aon Áit Chónaithe Eile Acu a Dhíshealbhú

Fáiltíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) roimh rialú suntasach na Cúirte Uachtaraí inniu i gcás díshealbhaithe teaghlaigh den Lucht Siúil i gContae an Chláir (McDonagh v. Chomhairle Contae an Chláir).

Sheas an Chúirt le hachomharc an teaghlaigh in aghaidh a ndíshealbhaithe, agus rialáil cúigear breithiúna de chuid na Cúirte Uachtaraí d’aon ghuth ar son mhuintir McDonagh. Dhírigh an cás ar a láithreacht neamhúdaraithe ar láithreán ar leis Comhairle Contae an Chláir é, toisc nár thug an Chomhairle cóiríocht oiriúnach aon áit eile dóibh.

Gné lárnach an achomhairc seo ab ea scrúdú na Cúirte Uachtaraí ar cibé an bhfuil oibleagáid ar údarás áitiúil breithniú a dhéanamh ar thionchar an díshealbhaithe ar dhaoine ar nós na n-iarratasóirí agus a n-ionchais chun cóiríocht dhleathach a fháil áit eile, chomh maith le leasanna, cumhachtaí agus oibleagáidí na Comhairle féin mar úinéir talún agus mar údarás tithíochta agus pleanála.

Leagtar amach i rialú an lae inniu gur faoi Chomhairle atá sé ar deireadh a chur ina luí ar na cúirteanna i gcásanna amach anseo gur chomhlíon sí a hoibleagáidí, agus gur faoi na Cúirteanna é measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht ghníomhartha na Comhairle.

Ina ról dleathach mar amicus curiae (‘cara na cúirte’) mhaígh an Coimisiún gur theip ar Chomhairle Contae an Chláir ina hoibleagáidí reachtúla measúnú ceart agus comhréireach a dhéanamh ar chearta teaghlaigh den Lucht Siúil sular agair sí dlíthe pleanála chun iad a dhíshealbhú ó láithreán sa chontae.

Leag an Breitheamh Hogan amach mura gcuirfí deireadh leis an urghaire a cheadaigh an díshealbhú, nach mbeadh aon áit eile ag muintir McDonagh le dul gan treaspás a dhéanamh ar thailte duine eile.

Dúirt an Breitheamh Hogan: “Tá an breithiúnas seo á thabhairt beagán le cois 100 bliain ó bhí an chéad Rialtas Sealadach do Stát Éireannach neamhspleách á bhunú. Is fiú mar sin féin machnamh a dhéanamh go bhfuil grúpa ar leith – Lucht Siúil na hÉireann – fós ina mionlach leochaileach ar imeall shochaí na hÉireann céad bliain níos deireanaí. Tá baill an phobail sin ag streachailt ó shin le haghaidh aitheantas dá bhféiniúlacht chultúrtha féin agus a stíl mhaireachtála.”

Tá muintir McDonagh ag lorg cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach, rud a bhfuil siad ina theideal mar mhionlach eitneach aitheanta. Chónaigh siad mar thionóntaí na Comhairle ar feadh cúpla bliain i bhforbairt bheag tithíochta don Lucht Siúil go sonrach. I ndiaidh do thine a n-áit chónaithe a scriosadh, chónaigh siad i dtithíocht phríobháideach ar feadh cúpla bliain, ach b’éigean dóibh an chóiríocht ar cíos a fhágáil nuair a theastaigh seilbh na cóiríochta ón tiarna talún chun í a athchóiriú. D’aistrigh siad chuig an láithreán folamh ar leis an Chomhairle é agus atá i lár an cháis seo ina dhiaidh sin.

Le blianta beaga anuas, tá an Coimisiún ag obair go crua ar chearta an Lucht Siúil do chóiríocht atá oiriúnach dá gcultúr. D’úsáid sé a chumhachtaí dlíthiúla chun tabhairt faoi Athbhreithnithe Comhionannais le gach údarás áitiúil sa Stát ar sholáthar cóiríochta don Lucht Siúil go sonrach, agus tá sé páirteach i gcás eile dá leithéid atá os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine faoi láthair (Faulkner v. na hÉireann).

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

“Leagtar amach leis an rialú seo nach leor é d’Údarás Áitiúil teaghlaigh den Lucht Siúil a dhíbirt as talamh phoiblí gan aon mhachnamh ar a riachtanais chóiríochta.

“Tá an Chúirt Uachtarach soiléir gurb é an tÚdarás Áitiúil an comhlacht tithíochta, agus go bhfuil oibleagáid air cóiríocht oiriúnach a thairiscint. Caithfear an oibleagáid sin a chomhlíonadh seachas í a sheachaint.

“Tá ag teipeadh ar chomhairlí ar fud na tíre aghaidh a thabhairt i gceart agus go cuí ar chóiríocht don Lucht Siúil. Tá daoine á bhfágáil ina gcónaí i ndálaí a dhéanann dochar ar deireadh dá sláinte, do shláinte a bpáistí, a chuireann isteach ar an bhfáil a bhíonn acu ar oideachas, fostaíocht agus a gcaighdeán saoil. Caithfidh deireadh teacht leis sin.”

CRÍOCH/

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

087 0697095

bdawson@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC