Idirdhealú ar bhonn míchumais agus an ceart chun freastal réasúnta faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta

Your Rights

Fact sheets

Céard is idirdhealú ar bhonn míchumais ann?

Tarlaíonn idirdhealú ar bhonn míchumas nuair nach gcaitear chomh maith le duine amháin agus a chaitear le duine eile nach bhfuil faoi mhíchumas, nó nach bhfuil an míchumas céanna orthu. Cuimsítear leis an téarma “míchumas” riochtaí fisiciúla, intleachtúla, meabhrach agus mothúchánacha. Faoin dlí, tá sé de ceart agat go gcaithfí go comhionann leat má tá tú faoi mhíchumas.

Céard is idirdhealú ar bhonn míchumais san fhostaíocht ann?

Deirtear sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta (“na hAchtanna”) nach bhféadfaidh fostóirí, fostóirí féideartha ná ionaid oibre idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine faoi mhíchumas.

Áirítear leis na réimsí fostaíochta a chlúdaítear fostaíocht, pá, rochtain ar fhostaíocht, gairmoiliúint, taithí oibre, téarmaí agus coinníollacha, arduithe céime, pinsin, dífhostú, agus comhaontuithe comhchoiteanna.

Le léamh faoin dlí maidir le freastal réasúnta nuair atá earraí agus seirbhísí á bhfáil, féach ar ár nóta eolais ar leith faoi idirdhealú ar bhonn míchumais agus an ceart chun freastal réasúnta faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann anseo.

Cé na cineálacha idirdhealaithe a chlúdaítear faoin dlí fostaíochta?

Clúdaítear ceithre chineál idirdhealaithe ar bhonn míchumais faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.

  • Idirdhealú díreach – nuair a chaitear ar bhealach difriúil leat, nó nuair nach gcaitear chomh maith leat le duine eile, mar gheall ar do mhíchumas.
    • Mar shampla, má íocann d’fhostóir níos lú airgid leat ná duine eile a dhéanann an post céanna mar go bhfuil tusa faoi mhíchumas ach nach bhfuil siadsan.
  • Idirdhealú indíreach – nuair a chuireann riail a bhfuil cuma neodrach uirthi thú faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid le daoine eile.
    • Mar shampla, má tá lagú radhairc ort agus tú ag cur isteach ar phost, ach nach gcuireann fostóir féideartha ach ábhair chruachóipe chaighdeánacha ar fáil don agallamh.
  • Idirdhealú go barúlach – nuair nach gcaitheann duine chomh maith céanna leat le duine eile mar go gcreideann siad go bhfuil tú faoi mhíchumas cé nach bhfuil.
    • Mar shampla, má chuireann d’fhostóir cosc ort dul chuig seisiún oiliúna mar go gcreideann siad go bhfuil míchumas foghlama ort cé nach bhfuil.
  • Idirdhealú trí bhainteacht – nuair nach gcaitear chomh maith céanna leat le daoine eile mar go bhfuil baint agat le duine atá faoi mhíchumas, cé nach bhfuil aon mhíchumas ort féin.
    • Mar shampla, mura gcaitheann d’fhostóir chomh maith céanna leat mar go bhfuil duine de do theaghlach faoi mhíchumas.

Ciapadh, gnéaschiapadh agus íospairt in ionaid oibre

Cuireann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta cosc freisin ar chiapadh, gnéaschiapadh agus íospairt san ionaid oibre.

  • Ciapadh – nuair a chaitear leat ar bhealach naimhdeach, bagrach nó maslach ag an obair mar gheall ar do mhíchumas. D’fhéadfadh gurb iad d’fhostóir, comhghleacaí leat nó cliant nó custaiméir de chuid d’fhostóra a dhéanfadh ciapadh ort.
  • Gnéaschiapadh – aon chineál iompair ghnéasaigh gan iarraidh ina gcaitear leat ar bhealach naimhdeach, bagrach nó maslach. D’fhéadfadh gur iompar gnéasach labhartha, neamhlabhartha nó fisiciúil a bheadh i gceist.
  • Íospairt – nuair a chaitheann d’fhostóir go dona nó go diúltach leat mar go ndearna tú gearán leo faoi idirdhealú, mar gur thacaigh tú le gearán fostaí eile, nó mar gur chuir tú gearán faoi idirdhealú faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre nó fóram eile dá leithéid.

Samplaí d’idirdhealú ar bhonn fostaíochta ar an bhforas míchumais

D’fhéadfadh gur idirdhealú ar an bhforas míchumais na cásanna seo a leanas:

  • Luaitear i bhfógra poist nach féidir leis an ngnó daoine a úsáideann cathaoir rothaí a fhostú.
  • Deirtear leat in agallamh nach féidir thú a fhostú toisc go bhfuil míchumas fisiciúil ort.
  • Bristear as do phost thú mar go bhfuil míchumas intleachtúil ort a fhágann go ndéanann tú do phost ar bhealach difriúil le duine nach bhfuil an míchumas sin orthu.

Cé a chlúdaítear leis na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta?

Clúdaíonn na hAchtanna thú más fostaí thú, oibrí gníomhaireachta, oiliúnaí, iarratasóir ar ghairmoiliúint, nó ball nó ball féideartha de chomhlachtaí agus comhpháirtíochtaí áirithe.

  • Fostaí – duine a oibríonn nó a d’oibrigh faoi chonradh fostaíochta. Ciallaíonn fostaíocht seirbhís a dhéanamh faoi stiúir duine eile ar íocaíocht. Áirítear le conarthaí conarthaí printíseachta agus aon chomhaontú eile i scríbhinn nó ó bhéal ina gcomhaontaíonn tú obair nó seirbhís a sholáthar do dhuine eile.
  • Oibrí gníomhaireachta – duine a chuireann obair nó seirbhís ar fáil do ghnó nó do dhuine eile thar ceann gníomhaireacht fostaíochta, bíodh an conradh sínithe ag an ngnó nó an duine eile nó ná bíodh.
  • Gairmoiliúint – teagasc sna scileanna nó eolas a theastaíonn chun post faoi leith a dhéanamh.
  • Ballraíocht i gcomhlachtaí áirithe – a bheith i do bhall d’eagraíochtaí oibrithe, ceardchumainn nó comhlachais ghairmiúla a leagann síos caighdeáin dá mbaill.

Céard nach gclúdaítear leis na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta?

Tá roinnt díolúintí i bhfeidhm faoi na hAchtanna.

Áirítear ina measc siúd:

  • Cáilíochtaí oideachais, teicniúla nó gairmiúla – Tá cead ag fostóirí diúltú d’iarratasóirí mura bhfuil na cáilíochtaí a mheastar a bheith riachtanach don phost acu.
  • Sochair d’fhostaí ag a bhfuil teaghlach – Tá cead ag fostóirí sochair áirithe a sholáthar d’fhostaithe a bhfuil teaghlach acu.
  • Oifigigh nó seirbhísigh (fostaithe) an Stáit – Ní idirdhealú é má chaithfidh roinnt fostaithe sna catagóirí seo riachtanais speisialta a chomhlíonadh, ar nós saoránacht Éireannach.
  • Múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile – Is féidir le fostóirí inniúlacht sa Ghaeilge a éileamh ar mhúinteoirí.
  • Na Fórsaí Cosanta – Tá cead ag na Fórsaí Cosanta déileáil le fostaithe ar bhealaí difriúla ar na forais aoise agus míchumais.
  • Fostaíocht in áit chónaithe duine eile – Níl feidhm ag rialacha na nAchtanna nuair a fhostaítear duine chun seirbhís phearsanta a chur ar fáil in áit chónaithe phríobháideach, mar fheighlí linbh nó cúramóir mar shampla.
  • An Garda Síochána agus Seirbhís Phríosúin na hÉireann – Féadfaidh an Garda Síochána agus an tSeirbhís Phríosúin cúraimí áirithe a leagan ar fhir amháin nó ar mhná amháin, ar nós corpchuardaigh, daoine foréigneacha faoi leith nó sluaite foréigneacha a cheansú agus gialla a tharrtháil. Is féidir leo íosriachtanas airde a shonrú freisin atá difriúil idir fir agus mná. Tá cead acu níos mó fostaithe d’inscne amháin a earcú de réir mar is gá.
  • Institiúidí áirithe creidimh, oideachais agus leighis – Féadfaidh comhlachtaí áirithe tús áite a thabhairt d’fhostaithe ó chreideamh ar leith i gcás gur réasúnach sin a dhéanamh chun éiteas creidimh na hinstitiúide a chothú. Féadfaidh siad freisin céimeanna réasúnta a ghlacadh chun cosc a chur ar fhostaí an bonn a bhaint d’éiteas creidimh na hinstitiúide sin.
  • Míchumas – I gcásanna áirithe, ceadaítear faoi na hAchtanna d’fhostóirí rátaí pá difriúla a thairiscint d’oibrithe atá faoi mhíchumas má fhágann a míchumas nach féidir leo an méid céanna oibre a dhéanamh sa tréimhse chéanna le comhghleacaí nach bhfuil faoi mhíchumas.

Céard a dhéanfaidh fostóirí chun idirdhealú ar bhonn míchumais a sheachaint?

Caithfidh fostóirí, fostóirí féideartha ná ionaid oibre “freastal réasúnta” a dhéanamh ar dhaoine faoi mhíchumas.

Dá bhrí sin, má tá tú faoi mhíchumas, caithfidh d’fhostóir nó d’fhostóir féideartha bearta éifeachtacha agus praiticiúla a ghlacadh chun a chur ar do chumas duit do phost a dhéanamh (nó cur isteach ar phost). Áirítear leis sin a chur ar do chumas duit rochtain a fháil ar fhostaíocht, páirt a ghlacadh ann agus dul chun cinn a dhéanamh i do phost nó freastal ar oiliúint.

Tá sé de cheart agat freastal réasúnta a iarraidh ag an gcéim earcaíochta agus san ionad oibre. Mar chuid den fhreastal réasúnta sin, d’fhéadfadh go ndéanfadh fostóir áitreabh a chur in oiriúint duit, uaireanta oibre a athrú nó tascanna a leagan ar dhaoine ar bhealach difriúil.

Samplaí de fhreastal réasúnta

  • Má tá tú bodhar, ateangaire Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a chur ar fáil ag d’agallamh
  • Cead a thabhairt duit oibriú sa bhaile cuid den am nó i gcónaí mar gheall ar riachtanais leighis
  • Mura bhfuil tú in ann tascanna fisiciúla áirithe a dhéanamh, iad a shannadh do dhaoine eile agus tascanna atá tú in ann a dhéanamh a shannadh duitse.
  • An t-ionad oibre a dhéanamh inrochtana do chathaoireacha rothaí trí rampaí a chur isteach

Cé na bearta a bheadh míréasúnta?

Ní gá d’fhostóirí ná d’fhostóirí féideartha bearta a ghlacadh a leagfadh “ualach díréireach” orthu. Ciallaíonn sé sin bearta a bheadh neamhphraiticiúil nó an-chostasach. Mar shampla:

  • Má fhostaíonn gnó beag thú, d’fhéadfadh bearta chun an t-áitreabh a chur in oiriúint duit a bheith ródhaor do d’fhostóir.
  • Mura bhfuil tú in ann tasc a dhéanamh go fisiciúil, agus nach bhfuil aon ról eile a d’fheilfeadh duit, d’fhéadfadh sé a bheith míréasúnta ról a chruthú duit nach bhfuil ag teastáil.
  • Mura bhfuil tú in ann dul suas agus anuas staighre, agus go mbeadh sé dodhéanta mar gheall ar struchtúr an ionaid oibre ardaitheoir a chur ann, d’fhéadfadh gur “ualach díréireach” é sin.

Bíonn cúinsí difriúla i gceist le cinneadh a dhéanamh an ualach réasúnta nó díréireach é beart. Áirítear orthu sin costais, méid agus acmhainní airgeadais an ghnólachta, agus an bhfuil deontais nó maoiniú poiblí ar fáil.

Tá Ciste um Fhreastal Réasúnta ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, a d’fhéadfadh cabhrú le cuid de na costais. D’áireodh sé sin bearta chun d’ionad oibre a dhéanamh níos inrochtana, trealamh oiriúnaithe a chur ar fáil nó ateangaire teanga comharthaíochta a fhostú le haghaidh d’agallaimh. Féadfaidh tusa agus d’fhostóir nó d’fhostóir féideartha cur isteach ar an gciste sin.

Ba cheart d’fhostóir cinntí a dhéanamh faoi fhreastal réasúnta ar bhonn an cháis féin agus machnamh cúramach a dhéanamh ar a bhfuil oiriúnach duit i do chúinsí áirithe féin. Fiú má chreideann siad go mbeadh na bearta ródhaor nó nach mbeidís praiticiúil, caithfidh siad measúnú foirmiúil a dhéanamh ar na féidearthachtaí. Ní fhéadfaidh siad diúltú duit gan na cúinsí a mheas.

An gcaithfidh mé mo mhíchumas a mhíniú do m’fhostóir nó m’fhostóir féideartha?

Cé nach bhfuil aon oibleagáid ort do mhíchumas a chur in iúl dóibh, ní fhéadfaidh fostóir ná fostóir féideartha freastal réasúnta a dhéanamh ort mura bhfuil a fhios acu faoin míchumas. D’fhéadfadh míchumais áirithe a bheith soiléir d’fhostóir, ar nós duine a úsáideann cathaoir rothaí, ach má tá míchumas folaithe nó dofheicthe ort, d’fhéadfadh go mbeadh ciall ann labhairt le fostóir faoi fhreastal réasúnta a theastódh.

Ach tabhair faoi deara, sa chás go bhféadfadh do mhíchumas thusa nó duine eile a chur i mbaol, tá dualgas dlíthiúil ort an míchumas a nochtadh d’fhostóir.

An gcaithfidh fostóir dul i gcomhairle liom faoi fhreastal réasúnta?

Níl oibleagáid dhlíthiúil ar fhostóirí dul i gcomhairle leat faoi fhreastal réasúnta ar do riachtanais. Ach moltar dóibh sin a dhéanamh mar go gcabhróidh sé leo an dlí a chomhlíonadh. Tugtar “rannpháirtíocht fhónta” ar an gcomhairliúchán sin.

Samplaí de rannpháirtíocht fhónta:

  • Má tá cúpla rogha ag d’fhostóir faoin gcaoi le freastal réasúnta a dhéanamh ort, ba cheart dóibh do thuairim a fháil faoin gceann is oiriúnaí.
  • Ba cheart do d’fhostóir do thuairim a fháil faoi na bearta a cheapann tú a chuirfeadh ar do chumas duit do phost a dhéanamh.
  • Ba cheart dóibh thú a choinneáil ar an eolas mura bhfuil siad in ann freastal réasúnta a dhéanamh ort agus mar sin go mbeadh orthu thú a bhriseadh as do phost.

Bheadh fostóir ag séanadh rannpháirtíocht fhónta ort sna cásanna seo a leanas:

Iarrann tú freastal réasúnta agus diúltaíonn siad duit é gan an próiseas measúnaithe a phlé leat ar dtús

Ní théann siad i gcomhairle leat faoi roghanna freastail réasúnta.

Sampla: Bhuaigh Cúntóir Riachtanas Speisialta a cás sa Chúirt Uachtarach in aghaidh scoil ar theip uirthi freastal réasúnta a dhéanamh uirthi

Cuireadh pairilis ar Chúntóir Riachtanas Speisialta ón mbásta síos i ndiaidh timpiste, agus briseadh as a post í nuair a rinne sí iarracht filleadh ar an obair. Dúirt an scoil nach raibh sí in ann a post a dhéanamh i ndiaidh na timpiste, cé gur chinn teiripeoir saothair go bhféadfadh sí go leor dá tascanna a dhéanamh dá n-athródh an scoil cuid dá dualgais. Thug an Cúntóir Riachtanas Speisialta an cás an bealach ar fad go dtí an Chúirt Uachtarach agus bhuaigh sí, cás inar maíodh nár chloígh an scoil lena hoibleagáidí dlíthiúla iarracht a dhéanamh freastal réasúnta a aimsiú.

Leag an Chúirt Uachtarach treoir chabhrach amach sa cás sin maidir le raon oibleagáide fostóra freastal réasúnta a dhéanamh ar a fhostaithe. Go háirithe:

–        Áirítear dualgais lárnacha a athdháileadh le freastal réasúnta, chomh maith le dualgais neamhlárnacha.

–        Tá dualgas éigeantach ar fhostóirí gach “beart iomchuí” a ghlacadh chun freastal ar fhostaí faoi mhíchumas seachas dá mba “ualach díréireach” an beart sin.

–        Cuirfidh fostóir críonna rannpháirtíocht fhónta ar fáil, ní hamháin leis an té atá ag lorg freastal réasúnta ach le fostaithe eile freisin.

–        Caithfidh fostóir an fhéidearthacht a bhaineann le cur isteach ar mhaoiniú poiblí nó cúnamh eile a fhiosrú nuair atá siad ag machnamh an bhfuil sé d’acmhainn acu freastal réasúnta a dhéanamh ar fhostaí.

Tá níos mó eolais faoin gcás seo ar fáil ar shuíomh an Choimisiúin anseo.

Céard nach mór do m’fhostóir cuimhneamh air nuair atá freastal réasúnta orm á chinneadh?

  • Má tá d’fhostóir nó fostóir féideartha ar an eolas faoi do mhíchumas, caithfidh siad an freastal réasúnta a d’fhéadfaidís a chur ar fáil duit a mheas.
  • Caithfidh siad é sin a dhéanamh ar bhonn an cháis ar leith i bhfianaise do chúinsí áirithe.
  • D’fhéadfaidís measúnú leighis nó saothair a iarraidh.
  • Ba cheart dóibh dul i gcomhairle leat faoi na roghanna atá ar fáil chun freastal réasúnta a dhéanamh ort.
  • Caithfidh siad a fháil amach an bhfuil cistí poiblí ar fáil chun íoc as bearta freastail réasúnta.
  • Má chinneann d’fhostóir go mbeadh freastal réasúnta ródhaor i dtéarmaí airgeadais agus riaracháin, caithfidh siad a bheith in ann fianaise ar an méid sin a thaispeáint.

Ní gá don fhostóir post nua a chruthú duit, toisc gur ualach díréireach a bheadh ansin.

An idirdhealú é má chuireann mo mhíchumas bac orm post a fháil?

Níl sé d’oibleagáid ar fhostóir duine a fhostú nach bhfuil in ann dualgais an róil a chomhlíonadh. Ach mura bhfuil tú in ann dualgais áirithe a dhéanamh mar gheall ar mhíchumas, caithfidh an fostóir measúnú a dhéanamh fós ar fhreastal réasúnta a dhéanamh ort. Caithfidh siad gach gné de d’fhostaíocht a mheas, an tionchar a bheadh ar oibrithe eile ina measc.

Mura bhfuil tú in ann do ról a dhéanamh ina iomláine, fiú le freastal réasúnta, ní hionann diúltú do d’iarratas agus idirdhealú.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán faoi idirdhealú ar bhonn míchumais ag an obair?

Má chreideann tú go ndearnadh idirdhealú nó ciapadh ort san ionad oibre, nó má chreideann tú nach ndearna fostóir freastal réasúnta ort, ba cheart duit dul i dteagmháil le IHREC nó comhairle dhlí a fháil faoi do chuid roghanna. Ná cuir aon mhoill ort féin agus tú ag lorg comhairle dhlí toisc go bhfuil an teorainn ama chun gearán a dhéanamh an-ghearr.

Cuirtear gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC).

Chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar cheart gearán a dhéanamh, is féidir leat eolas a iarraidh ar d’fhostóir ar dtús, le foirm EE2 ar shuíomh gréasáin WRC. Mar shampla, d’fhéadfá fiafraí de d’fhostóir cén fáth a ndearna siad cinneadh faoi do dhualgais nó ar chaith siad leat ar bhealach faoi leith.

Chun do ghearán a dhéanamh, úsáid an fhoirm ghearáin ar líne ar shuíomh gréasáin WRC. Ba cheart duit a rá cén uair a tharla an t-idirdhealú den chéad uair agus den uair dheireanach nó má tá sé fós ar bun. Bí cinnte go n-úsáideann tú ainm ceart d’fhostóra. Is féidir leat é sin a sheiceáil ar do dhuillín pá nó ar shuíomh gréasáin na hOifige um Chlárú Cuideachtaí.

Caithfidh tú do ghearán a dhéanamh laistigh de shé mhí den dáta deiridh idirdhealaithe. Féadfaidh WRC sé mhí eile a chur leis an teorainn ama sin ar “chúis réasúnta”, mar shampla, sa chás gur féidir leat fianaise a sholáthar go raibh tú an-tinn le linn na chéad tréimhse sé mhí. Ach is go fíorannamh a dhéanann WRC amhlaidh, agus ba cheart duit a chinntiú go ndéantar do ghearán laistigh de shé mhí nuair is féidir.

Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi le gearán a chur faoi bhráid WRC inár nóta eolais ar leith atá ar fáil anseo.

Céard a dhéanann WRC le gearán?

Nuair atá foirm ghearáin WRC á gcomhlánú agat, tabharfar rogha duit idirghabháil a dhéanamh roimh éisteacht breithnithe.

Idirghabháil

Má roghnaíonn tú idirghabháil, buailfidh idirghabhálaí leat agus le d’fhostóir nó fostóir féideartha chun a fheiceáil an féidir libh teacht ar réiteach le chéile. Ní oibríonn idirghabháil seachas sa chás go n-aontaíonn an dá thaobh páirt a ghlacadh sa phróiseas.

Bíonn an t-idirghabhálaí neodrach. Is é an post atá acu siúd oibriú leis an dá pháirtí chun teacht ar chomhaontú. Má éiríonn leo, caithfidh an dá pháirtí téarmaí an tsocraithe a chomhaontú, agus beidh an socrú rúnda agus ina cheangal de réir an dlí.

Mura dteastaíonn uait tabhairt faoi idirghabháil, nó mura n-éiríonn leis an idirghabháil, leanfaidh do ghearán ar aghaidh go héisteacht breithnithe.

Breithniú (Éisteacht)

Sannfaidh WRC dáta éisteachta agus oifigeach breithnithe do do chás. Is féidir éisteacht a reáchtáil go fisiciúil nó go cianda.

Má theastaíonn uait aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil (.i. argóintí i scríbhinn ina gcuirtear an dlí i bhfeidhm ar fhíricí do ghearáin), ba cheart duit sin a dhéanamh 15 lá oibre ar a laghad roimh dháta na héisteachta. Féadfaidh tú finnéithe a thabhairt chuig an éisteacht chun fianaise a chur i láthair, chomh maith le d’ionadaí ceardchumainn nó dlíthiúil má tá ceann agat.

Tabharfaidh tú fianaise faoi mhionn nó faoi dhearbhasc. Déanfaidh d’fhostóir agus na finnéithe eile ar fad amhlaidh. Féadfaidh an t-oifigeach breithnithe éisteacht le hargóintí dlí ón dá thaobh ansin.

I ndiaidh na héisteachta

I ndiaidh dóibh cinneadh a dhéanamh faoi thoradh gearáin, seolfaidh an t-oifigeach breithnithe a gcinneadh chugat i scríbhinn. Braitheann an tréimhse chun cinneadh a fháil ar an gcás, ach d’fhéadfadh go mbeadh cúpla mí i gceist i ndiaidh lá d’éisteachta.

Má chinneann an t-oifigeach breithnithe go ndearnadh idirdhealú nó ciapadh ort, nó nach ndearnadh freastal réasúnta ort, féadfaidh siad sásamh a bhronnadh ort. Bíonn go leor cineálacha sásaimh ann agus d’fhéadfaí go gcuimseofaí, mar shampla, cúiteamh airgeadais nó ordú d’fhostóir nó fostóir féideartha tabhairt faoi ghníomh faoi leith, ar nós thú a athfhostú i bpost nó oiliúint a chur ar an bhfoireann ar fad.

Má chinneann an t-oifigeach breithnithe nach ndearnadh idirdhealú ort, agus nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh, is féidir leat achomharc a dhéanamh leis an gCúirt Oibreachais laistigh de 42 lá de dháta an chinnidh.

Teagmháil le seirbhís Do Chearta

  • Glaoigh orainn ar 01 858 3000 nó Íosghlao 1890 245545
  • Seol ríomhphost chugainn ar YourRights@ihrec.ie
  • Scríobh chuig:

Do Chearta

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

16–22 Sráid na Faiche

Baile Átha Cliath 7

D07 CR20