Disability discrimination & the right to reasonable accommodation under the Equal Status Acts

Your Rights

Fact sheets

Céard is idirdhealú ar bhonn míchumais ann?

Tarlaíonn idirdhealú ar bhonn míchumas nuair nach gcaitear chomh maith le duine amháin agus a chaitear le duine eile nach bhfuil faoi mhíchumas, nó nach bhfuil an míchumas céanna orthu. Cuimsítear leis an téarma “míchumas” riochtaí fisiciúla, intleachtúla, meabhrach agus mothúchánacha.

Faoin dlí, tá sé de ceart agat go gcaithfí go comhionann leat má tá tú faoi mhíchumas. Cuireann na hAchtanna um Stádas Comhionann bac ar idirdhealú, ciapadh agus gnéaschiapadh i gcás:

  • Díol earraí agus seirbhísí;
  • Soláthar tithíochta; agus
  • Rochtain ar oideachas.

Cosnaíonn an tAcht Deochanna Meisciúla, 2003 thú ar idirdhealú, ciapadh agus gnéaschiapadh nuair atá tú in áitreabh ceadúnaithe nó ag dul isteach in áitreabh ceadúnaithe m.sh. teach tábhairne nó beár óstáin.

Le léamh faoin dlí maidir le freastal réasúnta san ionad oibre, féach ar ár nóta eolais ar leith faoi idirdhealú ar bhonn míchumais agus freastal réasúnta faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta anseo.

Cé na cineálacha idirdhealaithe a chlúdaítear faoin dlí?

Bíonn go leor cineálacha difriúla idirdhealaithe ann.

Áirítear ina measc siúd:

  • Idirdhealú díreach – nuair a chaitear ar bhealach difriúil leat, nó nuair nach gcaitear chomh maith leat le duine eile, mar gheall ar do mhíchumas.
    • Mar shampla, diúltaíonn siopa rud éigin a dhíol leat nó diúltaíonn tiarna talún árasán a scaoileadh ar cíos leat mar gheall ar do mhíchumas.
  • Idirdhealú indíreach – nuair a chuireann riail a bhfuil cuma neodrach uirthi thú faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid le daoine eile.
    • Mar shampla, má chuireann bialann cosc ar gach madra, d’fhéadfadh go ndéantar idirdhealú indíreach ar dhuine a dteastaíonn madra cuidithe uathu.
  • Idirdhealú go barúlach – nuair nach gcaitheann duine chomh maith céanna leat le duine eile mar go gcreideann siad go bhfuil tú faoi mhíchumas cé nach bhfuil.
    • Mar shampla, má cheapann teagascóir go héagórach go bhfuil míchumas foghlama ort agus go gcuirtear cosc ort páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ghrúpa dá bharr.
  • Idirdhealú trí bhainteacht – nuair nach gcaitear chomh maith céanna leat le daoine eile mar go bhfuil baint agat le duine atá faoi mhíchumas, cé nach bhfuil aon mhíchumas ort féin.
    • Mar shampla, má dhiúltaíonn tiarna talún thú a chur ar an liosta feithimh cóiríochta mar go bhfuil duine de do theaghlach faoi mhíchumas.

Ciapadh agus gnéaschiapadh

Anuas ar idirdhealú a chosc, toirmeascann na hAchtanna um Stádas Comhionann ciapadh agus gnéaschiapadh i soláthar seirbhísí.

  • Ciapadh – nuair a chaitear leat ar bhealach naimhdeach, bagrach nó maslach mar gheall ar do mhíchumas.
  • Gnéaschiapadh – aon chineál iompair ghnéasaigh gan iarraidh ina gcaitear leat ar bhealach naimhdeach, bagrach nó maslach. D’fhéadfadh gur iompar gnéasach labhartha, neamhlabhartha nó fisiciúil a bheadh i gceist.

Céard é an ceart chun freastal réasúnta?

Ciallaíonn freastal réasúnta na bearta a chaithfear a dhéanamh chun a chur ar a gcumas do dhuine faoi mhíchumas seirbhís a úsáid.

Ciallaíonn sé sin má tá tú faoi mhíchumas go gcaithfidh soláthraí seirbhíse gach a bhfuil réasúnta a dhéanamh chun freastal ar do riachtanais, dá mbeadh sé dodhéanta nó an-deacair ort rochtain a fháil ar an tseirbhís gan an freastal réasúnta sin. D’fhéadfadh go mbeadh beart nó saoráidí speisialta a chur ar fáil mar chuid de sin.

Samplaí de fhreastal réasúnta

  • Má tá tú bodhar, ateangaire theanga chomharthaíochta na hÉireann a chur ar fáil ar scoil nó i gcoláiste
  • Má úsáideann tú cathaoir rothaí, rampa a chur ar fáil le gur féidir leat dul isteach san áitreabh
  • Má tá máchail fhisiciúil ort nó má tá tú dall, ball foirne a chur ar fáil le thú a threorú trí fhoirgnimh oifigí agus tú ar cuairt

Má tá gnó nó seirbhís le húsáid agat den chéad uair, cé nach bhfuil aon oibleagáid ort ina leith, b’fhéidir gur maith an smaoineamh a bheadh ann a chinntiú go bhfuil a fhios acu go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go dtuigeann siad an cineál freastail réasúnta a bheidh orthu a eagrú duit.

Céard faoi chostais an fhreastail réasúnta?

Ní chaithfidh soláthraí seirbhíse freastal réasúnta a thairiscint dá gcosnódh sé níos mó ná costas ainmniúil. Braitheann an cinneadh ar céard is ainmniúil ann ar chúinsí éagsúla, ina measc méid an ghnó, a acmhainní airgeadais agus na fíorchostais a bheadh ar an bhfreastal réasúnta.

Ba cheart do sholáthraí seirbhíse dul i gcomhairle leat agus do thuairim a iarraidh faoi bhealaí le freastal ar do chuid riachtanas.

Céard is costais ainmniúla ann?

  • Má tá máchail fhisiciúil ort nó má tá tú dall agus go dteastaíonn duine den fhoireann uait chun thú a threorú tríd an áitreabh, is dócha gur costas ainmniúil a bheadh ansin mar go mbeadh an ball foirne le híoc ar chuma ar bith.
  • Má tá lagú radhairc ort, d’fhéadfadh nach mbeadh níos mó ná méid ainmniúil le híoc as faisnéis scríofa a chur ar fáil i gcló níos mó.
  • Má tá máchail fhisiciúil ort agus go dteastaíonn uait dul isteach i bhfoirgneamh stairiúil, ach go dteastódh athchóiriú mór chun é a dhéanamh inrochtana, is dócha go mbeadh na costais sin níos mó ná ainmniúil.

Samplaí de chostais ainmniúla

  • Níl scoláire céad bhliana in ann freastal ar ranganna mar nach bhfuil sí in ann a cathaoir rothaí a thabhairt aníos na céimeanna go dtí an príomh-halla léachtaí. Aontaíonn an coláiste a ranganna a bhogadh go seomraí ar urlár na talún ar an bpríomhchampas.
  • Comhlacht busanna ag íoc €5 breise in aghaidh na seachtaine chun éascaíocht a dhéanamh ar iompar duine a bhfuil lagú radhairc orthu agus a madra treorach.

Samplaí a mbeadh níos mó ná costas ainmniúil i gceist leo

  • Níl sé d’acmhainn ag leantóir spóirt faoi mhíchumas íoc as ticéid chuig cluichí CLG agus iarrann siad go dtabharfaí ticéid dóibh saor in aisce. Diúltaíonn an club dóibh, ag rá go mbeadh níos mó ná costas ainmniúil i gceist le ticéid a chur ar fáil saor in aisce do gach duine faoi mhíchumas.

Cá bhfaighidh mé eolas faoi bheartais maidir le freastal réasúnta?

Is dea-chleachtas é do ghnóthaí agus do sholáthraithe seirbhíse beartas a bheith acu i scríbhinn faoin gcaoi a ndéanann siad freastal réasúnta ar dhaoine faoi mhíchumas. Ba cheart go leagfaí amach ann an chaoi ar féidir leat do mhíchumas a chur in iúl dóibh i dteannta aon socrú speisialta a theastaíonn. D’fhéadfaí an beartas sin a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin i bhformáidí inrochtana.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán faoi idirdhealú ar bhonn míchumais?

Má chreideann tú go ndearnadh idirdhealú nó ciapadh ort, nó mura ndearna gnó freastal réasúnta ort, is féidir leat gearán a dhéanamh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann.

Gearán faoi idirdhealú faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Is féidir leat gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) má chreideann tú go ndearna soláthraí earraí, seirbhísí, cóiríochta nó oideachais idirdhealú ort ar an bhforas míchumais, go ndearna siad ciapadh ort nó nach ndearna siad freastal réasúnta ort.

Céim 1: Sula dtugann tú cás chuig WRC, caithfidh tú scríobh chuig an duine nó an eagraíocht faoina bhfuil tú ag gearán, laistigh de dhá mhí den dáta deiridh idirdhealaithe/an dáta deiridh nach ndearnadh freastal réasúnta ort. Ba cheart duit Foirm ES.1 atá ar fáil ar shuíomh gréasáin WRC a úsáid.

Féadfaidh WRC dhá mhí eile a chur leis an teorainn ama sin ar “chúis réasúnta”, mar shampla, sa chás gur féidir leat fianaise a sholáthar go raibh tú an-tinn le linn na chéad tréimhse dhá mhí. I gcásanna eisceachtúla, feadfaidh WRC cinneadh a dhéanamh an riachtanas faoi fhógra a thabhairt a leagan ar leataobh ar fad má chreideann sé go bhfuil sé “ceart agus réasúnta” sin a dhéanamh. Ach is go fíorannamh a úsáideann WRC na cumhachtaí sin, agus ba cheart duit a chinntiú go dtugtar an fógra laistigh de dhá mhí nuair is féidir.

Céim 2: Mura bhfaigheann tú freagra laistigh de mhí amháin, nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú, is féidir leat do ghearán a chur faoi bhráid WRC laistigh de shé mhí den dáta deiridh idirdhealaithe. Ba cheart duit Foirm Ghearáin WRC atá ar fáil ar shuíomh gréasáin WRC a úsáid. I gcásanna nach dtarlaíonn ach go fíorannamh, féadfaidh WRC síneadh sé mhí eile a chur leis an teorainn ama sin mar gheall ar “chúis réasúnta”.

Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi le gearán a chur faoi bhráid WRC inár nóta eolais ar leith atá ar fáil anseo.

Gearán faoi áitreabh ceadúnaithe a chur faoi bhráid na Cúirte Dúiche

Má chreideann tú go ndearnadh idirdhealú ort in áitreabh ceadúnaithe nó ag an mbealach isteach chuig áitreabh ceadúnaithe agus go dteastaíonn uait gearán a dhéanamh, caithfidh tú an gearán a chur faoi bhráid na Cúirte Dúiche in áit WRC. Is áit é áitreabh ceadúnaithe, ar nós teach tábhairne, bialainne nó óstáin, ina bhfuil cead dlíthiúil trí cheadúnas alcól a dhíol.

Sáraíonn aon idirdhealú ar an bhforas míchumais an tAcht Deochanna Meisciúla, 2003. Dá bhrí sin, má tharla an t-idirdhealú san áitreabh ceadúnaithe, caithfear an cás a thabhairt os comhair na Cúirte Dúiche ábhartha .i. sa cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil an t-áitreabh ceadúnaithe.

Eisceacht: Má tharla an t-idirdhealú i limistéar neamhcheadúnaithe an áitribh cheadúnaithe, ba cheart an gearán a chur faoi bhráid WRC faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, mar atá thuasluaite.

Tá níos mó eolais faoina dtarlaíonn sa Chúirt Dúiche inár dtreoir: Alt 19 den Acht Deochanna Meisciúla, 2003 agus Idirdhealú ar Áitreabh Ceadúnaithe.

Teagmháil le seirbhís Do Chearta

  • Glaoigh orainn ar 01 858 3000 nó Íosghlao 1890 245545
  • Seol ríomhphost chugainn ar YourRights@ihrec.ie
  • Scríobh chuig:

Do Chearta

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

16–22 Sráid na Faiche

Baile Átha Cliath 7

D07 CR20