Inrochtaineacht an Fhoirgnimh
Tá oifig Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas lonnaithe in 16-22 Sráid na Faiche, Baile Átha Cliath 7. Is é D07 CR20 an eircode agus tá léarscáil den láthair ar fáil anseo. https://goo.gl/maps/m1oNAiwmdNH2
Tá dhá spás páirceála inrochtana ar Shráid na Faiche, díreach taobh amuigh den bhealach isteach go dtí an Coimisiún. Is féidir páirceáil ansin saor in aisce má tá cead bailí páirceála agat atá le feiceáil go soiléir. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach gréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Tá páirceáil sráide a n-íoctar aisti ar fáil ar Shráid na Faiche freisin, ach tá teorainn leis an líon spásanna a bhíonn ar fáil. Tá an stad bus is gaire (bealach 83) cúig nóiméad siúil ón gCoimisiún, ar Shráid an Teampaill.
Tá an Coimisiún ag úsáid trí urlár den fhoirgneamh. Táimid ar urlár na talún/fáiltiú agus ar an gcéad agus ar an tríú hurlár. Is féidir dul go dtí an chéad agus an tríú hurlár in ardaitheoir.
Tá saoráid leithris Changing Places atá go hiomlán inrochtana ar fáil ar urlár na talún. Tá níos spáis agus an trealamh iomchuí ar fáil sa tsaoráid do dhaoine a dteastaíonn cúnamh uathu ó chúramóir chun aire a thabhairt dá sláinteachas pearsanta go sábháilte agus go compordach. Tá eolas níos mionsonraithe faoi ghnéithe agus úsáid na saoráide ar ár leathanach gréasáin Changing Places.
Tá leithris inrochtana ar gach urlár.
Tá sé mar aidhm againn spás imeachtaí uileghabhálach agus fáilteach a chur fáil do chách. Chun ár gcuid imeachtaí a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir, inis dúinn má tá aon riachtanais shonracha agat (aiste bia, cúrsaí leighis, teicneolaíochtaí cúnta nó aon riachtanais phearsanta eile) agus déanfaimid ár ndícheall freastal ort.
Tá spás imeachtaí an Choimisiúin lonnaithe ar urlár na talún den fhoirgneamh agus tá sé go hiomlán oiriúnach do chathaoireacha rothaí.
Tá córas lúb ionduchtúcháin sa halla. Inis dúinn roimh ré má tá tú le freastal ar imeacht agus go dteastaíonn an córas lúibe uait.
Tá ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil d’fhormhór na n-imeachtaí móra a eagraíonn an Coimisiún. Inis dúinn roimh ré má tá tú le freastal ar imeacht agus go dteastaíonn ateangaire uait.
Is féidir na suíocháin sa halla a bhogadh thart le go mbeidh dóthain spáis ann do dhaoine a úsáideann cathaoir rothaí.
Tá fáilte roimh mhadraí cuidithe nó madraí treorach san fhoirgneamh agus is féidir socruithe a dhéanamh má chaitheann an madra dul chuig an leithreas.
Is í Philomena Guerin an tOifigeach Rochtana ainmnithe le haghaidh Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.
Má tá aon duine faoi mhíchumas ag cuardach eolais nó comhairle faoi sheirbhísí an Choimisiúin a úsáid, is féidir dul i dteagmháil le Philomena ar an nguthán nó ar ríomhphost:
Guthán: (01) 8589601