Seolann Trí Choimisiún Moltaí Taighde agus Beartais: Tionchar an Bhreatimeachta ar Éagsúlachtaí idir Cearta agus Dea-Chleachtas ar Oileán na hÉireann.

Bhí ról suntasach ag Comhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta) i bhfeabhsú comhionannais agus chearta an duine i dTuaisceart Éireann. 25 bliain i ndiaidh an Chomhaontaithe sin, tá imní anois faoi thionchar an Bhreatimeachta ar na cearta sin.

Tá níos lú cosaintí comhionannais agus chearta an duine ag muintir Thuaisceart Éireann cheana féin i roinnt réimsí i gcomparáid lena gcontrapháirtithe in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. Tá Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann, Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine agus Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ag tabhairt rabhadh go rachaidh an éagothroime sin i méid mura ngníomhaíonn Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Roimh an mBreatimeacht, bhí go leor de dhlíthe an Aontais Eorpaigh (AE) i bhfeidhm go huathoibríoch i dTuaisceart Éireann, sa chuid eile den Ríocht Aontaithe (RA) agus in Éirinn. Chabhraigh sé sin lena chinntiú go raibh dlíthe comhionannais agus chearta an duine ailínithe ar fud RA uile agus na hÉireann.

Thug Rialtas RA tiomantas nach laghdófaí cosaintí áirithe atá i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann a bhaineann le cearta, cosaintí agus forálacha comhionannais deiseanna mar gheall ar imeacht RA as an Aontas Eorpach. Thug sé tiomantas freisin go bhfanfadh cuid de dhlíthe ceart comhionannais Thuaisceart Éireann ar aon chéim le hathruithe ar dhlí comhionannais AE amach anseo.

Mar chuid dá gcomhfhreagrachtaí faoi Airteagal 2 de Chreat Windsor, sheol na trí Choimisiún tuarascáil taighde neamhspleách ag imeacht an lae inniu, chomh maith lena moltaí chun gnímh, ag féachaint ar thionchar an Bhreatimeachta agus an baol a bhaineann le bearnaí atá ag méadú i gcearta ar fud oileán na hÉireann.

Rinne comhúdar na tuarascála, an Dr Eleni Frantziou, Ollamh Cúnta i nDlí Poiblí agus Cearta an Duine in Ollscoil Durham, cur i láthair ar na príomhthorthaí ón taighde. Chualathas freagairtí ag an imeacht ansin maidir leis na príomhthorthaí sin ón Ollamh Christopher McCrudden, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; Annmarie O’Kane, an Lárionad um Staidéar Trasteorann; agus David Fennelly, Free Legal Advice Centres.

Dúirt Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, Sinéad Gibney:

“I ndomhan dúshlánach an lae inniu i ndiaidh an Bhreatimeachta, tá obair ár dtrí choimisiún chun comhionannas agus cearta an duine a dhaingniú do chách ar fud ár n-oileáin níos tábhachtaí ná riamh. Leanaimid orainn ag obair le chéile chun aghaidh a thabhairt ar aon éagsúlachtaí ar oileán na hÉireann.

Tá cosaintí comhionannais agus chearta an duine ina mbunbhloic thógála le haghaidh sochaí shíochánta, rathúil ar ár n-oileán comhroinnte. Sin é an fáth a bhfuilimid ag moladh go n-oibreodh Rialtas na hÉireann, Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus Rialtas RA chun cosaintí comhionannais agus chearta an duine a fheabhsú agus a chomhchuibhiú ar an oileán, agus iad ailínithe lena sainchúraim faoi seach, agus tiomantas soiléir a thabhairt d’oibriú i dtreo coibhéis Thuaidh Theas a chinntiú.”

Dúirt Alyson Kilpatrick, Príomh-Choimisinéir Choimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine:

“Tá cearta an duine a chosaint ag croí Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta. Thug Rialtas RA tiomantas do chorprú an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine (CECD), rud a baineadh amach tríd an Human Rights Act 1998. Tá an Comhaontú soiléir go bhfuil comhlíonadh CECD ina ‘chosaint’ thábhachtach don phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann. Tá Bille um Chearta le haghaidh Thuaisceart Éireann ina thiomantas Comhaontaithe nár cuireadh i bhfeidhm fós agus i gcomhthéacs na mbagairtí níos leithne do chearta an duine, d’fhéadfadh sé dearbhú breise a sholáthar. Is cosaint thábhachtach é Airteagal 2 de Chreat Windsor, ach ní leor é in áit chreat cuimsitheach chearta an duine.”

Ag labhairt di thar ceann an Choimisiúin Comhionannais, dúirt an Príomh-Choimisinéir Geraldine McGahey:

“Tá comhionannas ag croí Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta agus tá dlíthe an Aontais Eorpaigh tar éis cur go mór leis na cearta sin a fheabhsú. Cúig bliana is fiche tar éis an Chomhaontaithe sin, tá bearnaí suntasacha fós sa chosaint a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu, agus i ndiaidh an Bhreatimeachta, tá baol ann go méadóidh na bearnaí sin tuilleadh.

“Caithfidh Rialtas na Ríochta Aontaithe seasamh lena thiomantais do chomhionannas agus cearta an duine i dTuaisceart Éireann. Caithfear ár ndlíthe comhionannais a neartú, de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta.”

Féachfaidh na Coimisiúin anois le bualadh le hoifigigh rialtais chun aird a tharraingt ar thorthaí agus moltaí a gcomhthaighde chun a chinntiú go leantar ag cosaint agus ag neartú an chomhionannais agus chearta an duine i dTuaisceart Éireann.

CRÍOCH/

Nóta d’Eagarthóirí:

Is féidir cóip iomlán de mholtaí na dtrí Choimisiún a íoslódáil ar: https://www.ihrec.ie/documents/policy-recommendations-european-union-developments-in-equality-and-human-rights-the-impact-of-brexit-on-the-divergence-of-rights-and-best-practice-on-the-island-of-ireland/

Is féidir cóip iomlán a íoslódáil freisin den tuarascáil ‘Equality and rights on the island of Ireland after Brexit: Annual Joint report on IHREC, ECNI and NIHRC on the implementation of Article 2 of the Ireland/Northern Ireland Protocol’: https://www.ihrec.ie/documents/equality-and-rights-on-the-island-of-ireland-after-brexit/

 Forbhreathnú ar na Coimisiúin

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC), a cheapann Uachtarán na hÉireann agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é institiúid náisiúnta na hÉireann um chearta an duine é agus an comhlacht náisiúnta comhionannais freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe. Tugann na Náisiúin Aontaithe creidiúnú ‘A-Stádais’ dó le haghaidh Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine.

Is comhlacht poiblí neamhroinne é Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine (NIHRC) a bunaíodh i ndiaidh Chomhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta) agus de bhun an Achta um Thuaisceart Éireann 1998. Is Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine é NIHRC ag a bhfuil creidiúnú ‘A-Stádais’ ó na Náisiúin Aontaithe.

Is comhlacht poiblí neamhroinne é Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann (ECNI) ag a bhfuil cumhachtaí agus dualgais a dhíorthaíonn ón reachtaíocht in aghaidh idirdhealú i dTuaisceart Éireann agus an tAcht um Thuaisceart Éireann 1998.

Leagann Sceideal 3 d’Acht an Aontais Eorpaigh (Comhaontú um Tharraingt Siar) 2020 feidhmeanna nua ar NIHRC agus ECNI chun a chur ar a gcumas dóibh feidhmiú mar chuid den ‘sásra tiomanta’ chun críche mhonatóireacht, chomhairliú, thuairisciú agus fhorfheidhmiú chloí na Ríochta Aontaithe lena tiomantas faoi Airteagal 2 den Phrótacal nach laghdófar aon chearta, cosaintí ná comhionannas deiseanna i dTuaisceart Éireann mar gheall ar imeacht RA as an Aontas Eorpach.

Oibreoidh NIHRC, ECNI agus IHREC le chéile chun maoirseacht a chur ar fáil ar cheisteanna ceart agus comhionannais, agus tuairisciú orthu, mar a bhaineann sé le raon feidhme an cheanglais lena mbaineann gné oileán na hÉireann.

Chun níos mó a fhoghlaim faoi thiomantas Rialtas na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 2 de Phrótacal na hÉireann/Thuaisceart Éireann nó faoi ghearán a dhéanamh i gcás sárú líomhnaithe ar an tiomantas sin, téigh i dteagmháil le Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann www.equalityni.org/brexit nó le Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine www.nihrc.org/human-rights-after-brexit.

CRÍOCH/