Is cúis áthais do Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas tús a chur leis an gcomhairliúchán poiblí chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an chéad Ráitis Straitéise eile dár gcuid.
Mar chuid d’fhorbairt ár gcéad ráitis straitéise eile, a bheidh i bhfeidhm ó 2025 go 2027, táimid i mbun comhairliúchán forleathan leis an bpobal agus lenár bpríomhpháirtithe leasmhara.
Tá dualgas reachtúil orainn Ráiteas Straitéise a chur i dtoll a chéile gach trí bliana.
Beidh Ráiteas Straitéise 2022-2024, ár ráiteas straitéise reatha, i bhfeidhm go deireadh 2024.
Táimid ag lorg aighneachtaí ó dhaoine (daoine a bhfuil cearta acu), grúpaí sochaí sibhialta, comhlachtaí poiblí agus ó pháirtithe leasmhara eile a oibríonn chun an t-idirdhealú a dhíchur, agus cearta an duine agus an comhionannas a chur chun cinn agus a chosaint.
Tabharfaidh an méid a roinneann tú léargas ar na ceisteanna a chreideann tú gur cheart dúinn a chur san áireamh nuair atáimid ag forbairt ár dtosaíochtaí straitéiseacha do na chéad trí bliana eile.
Tá an Spriocdháta d’aigheachtaí curtha siar go dtí 5in, Dé Luain, 22ú Aibreán 2024.
Aighneacht i scríbhinn
Chun aighneacht a sheoladh i scríbhinn, íoslódáil agus comhlánaigh ár bhfoirm Word inrochtana.
Is féidir an fhoirm seo a sheoladh chuig:
Úsáid an líne ábhair: “Aighneacht faoi Chomhairliúchán IHREC ar Ráiteas Straitéise 2025–2027”.
Is féidir an fhoirm seo a sheoladh sa phost freisin chuig:
Comhairliúchán ar Ráiteas Straitéise 2025–2027
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
16–22 Sráid na Faiche
Rotunda
Baile Átha Cliath 7 D07CR2
Aighneacht ar fhíseán
Má theastaíonn uait aighneacht ar fhíseán a dhéanamh (3 nóiméad ar a mhéad), i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann ina measc, uaslódáil d’fhíseán ar ár dtairseach slán ar líne.
Beidh ort an pasfhocal a thabhairt: Consultation
Tabhair faoi deara nach gá duit thú féin a chur in aithne san fhíseán, ach má tá tú ag déanamh ionadaíocht ar ghrúpa nó eagraíocht, chabhródh sé ainm an ghrúpa/na heagraíochta a thabhairt.
Nasc chun físeán a uaslódáil: https://ihrec.fs.gov.ie/url/StrategyConsultation2527
pasfhocal: Consultation
Tabhair faoi deara: nuair a chuireann tú físeán faoinár mbráid, toilíonn tú go n-úsáidfimid an fhaisnéis a thugann tú chun Ráiteas Straitéise 2025–2027 dár gcuid a fhorbairt.
An chaoi a n-úsáidfimid d’eolas
Ní roinnfear d’aighneachtaí ach go hinmheánach agus lenár gcomhairleoirí ceaptha chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an chéad Ráitis Straitéise eile. Ní scaipfear d’aighneachtaí taobh amuigh den Choimisiún. Ní dhéanfar an fhaisnéis a thugtar a úsáid chun críoch ar bith eile. Stórálfar go daingean í agus ní choinneofar ach ar feadh 12 mhí í. Is mór againn do chuid ama agus d’ionchur luachmhar sa phróiseas comhairliúcháin seo.
Tá bosca toilithe sonrach a gcaithfidh tú tic a chur ann ar an bhfoirm, ach más aighneacht ar fhíseán atá i gceist, nuair a chuireann tú an físeán ar ár dtairseach slán, toilíonn tú go n-úsáidfimid an fhaisnéis a thugann tú chun Ráiteas Straitéise 2025–2027 dár gcuid a fhorbairt.
Naisc áisiúla
Íoslódáil an fhoirm Word inrochtana
Uaslódáil d’fhíseán ar ár tairseach slán pasfhocal: Consultation