Skip to content

Quickly leave this site and open Google

Press Release

• An Coimisiún le díriú ar cheithre théama, lena n-áirítear teacht ar cheartas a chur chun cinn, cearta socheacnamaíocha, ciníochas a shárú, agus cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn
• Cuireann an Príomh-Choimisinéir imní in iúl faoi dhúshláin reatha na gceart bunúsach agus maidir le tuairiscí faoi bhacainní ar fhoirceannadh dleathach a fháil.

 Leagan Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) amach inniu a thosaíochtaí straitéiseacha agus ar a ndíreofar do 2019–2021 agus an dara Ráiteas Straitéise dá chuid á sheoladh.

Leagtar amach sa Ráiteas Straitéise na ceithre thosaíocht straitéiseacha a bheidh an Coimisiún ag iarraidh a bhaint amach as seo go ceann trí bliana: 

Tosaíocht Straitéiseach 1 - Cearta na ndaoine aonair a bhfuil na constaicí is mó ina mbealach chun ceartas a bhaint amach a chosaint

Tosaíocht Straitéiseach 2 - Tionchar a imirt ar reachtaíocht, beartas agus cleachtas

Tosaíocht Straitéiseach 3 - Plé leis na príomheagraíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus sárú ar chearta an duine

Tosaíocht Straitéiseach 4 - Caighdeán an idirphlé ar cheisteanna chearta an duine agus comhionannais a ardú agus raon an idirphlé sin a fhairsingiú

Tá an Coimisiún tiomanta freisin dá chuid oibre a dhíriú as seo go ceann trí bliana ar dhul chun sna ceithre réimse seo a leanas:

• Teacht daoine ar cheartas a chur chun cinn
• Dul chun cinn ar chearta socheacnamaíocha i réimsí na tithíochta, na sláinte agus na hoibre cuibhiúla
• Ciníochas a shárú agus tuiscint idirchultúrtha a chur chun cinn
• Cearta Míchumais
 

Cuireadh an Ráiteas Straitéise faoi bhráid Thithe an Oireachtais de réir cheanglais an Achta fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Cuireadh an Straitéis i dtoll a chéile i ndiaidh próisis, a raibh comhairliúchán poiblí mar chuid de agus ionchuir ó eagraíochtaí ilghnéitheacha agus grúpaí sa tsochaí shibhialta a bhíonn ag plé le cearta an duine agus an comhionannas a chur chun cinn nó a chosaint.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an Príomh-Choimisinéir Emily Logan nár cheart na maidí a ligean le sruth maidir le cearta bunúsacha:

“Ní thógfá orainn é dá gceapfaimis go bhfuil an tAontas Eorpach – an tionscadal síochána is rathúla riamh – tar éis noirm dhosháraithe a chruthú ar an Mór-roinn.  Tá forbairtí le deireanaí, ar chonradh síochána Chomhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste, agus impleachtaí an Bhreatimeachta do chearta mhuintir na Breataine agus Thuaisceart Éireann, thar aon ní eile, ag léiriú nach féidir na maidí a ligean le sruth áfach.

“Tá an dioscúrsa polaitiúil idirnáisiúnta ar chúrsaí caomhnaitheachta ag dul i méid faoi láthair – tá sé tábhachtach go gcuimhneodh Éire ar a tiomantas sheanbhunaithe don idirnáisiúnachas, do chearta an duine agus a chinntiú go dtagann ár gcáil idirnáisiúnta leis an méid a dhéanaimid anseo sa bhaile.”

Chuir an Príomh-Choimisinéir imní faoi leith in iúl maidir le fáil ar chúram sláinte i gcás an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018.

“Chualamar go bhfuil feidhmiú laistigh de chreat dlí chomh nua seo dúshlánach do chleachtóirí agus do lucht déanta beartas, ach caithfimid a bheith san airdeall go gcosnaítear cearta na n-othar, atá ina reacht anois.  

“Mar Choimisiún, tá sainordú againn beartas agus reachtaíocht a athbhreithniú seasta.  Beimid i mbun monatóireachta ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, go háirithe maidir le tuairiscí faoi na bacainní ar fhoirceannadh dleathach a fháil. Teastaíonn uaim a rá go soiléir go ngníomhóidh an Coimisiún, i pé cáil atá ar fáil dó, chun tacú le mná agus cailíní a gcearta a chosaint.”

Críoch/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

01 8589601 / 087 0697095

[email protected]

Lean muid ar twitter @_IHREC

Nóta Eagarthóra

Tá téacs iomlán an Ráitis Straitéise, 2019–2021 ar fáil ar an nasc seo a leanas

Ráiteas Straitéise 2019–2021

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainordú reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn, agus cultúr measa ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a thógáil sa Stát.

Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.