Skip to content
Press Release
Thug Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) cabhair dhlíthiúil le deireanaí do náisiúnach de SAM agus tacadóir míchumais, ar thug an Ard-Chúirt cead di mí Dheireadh Fómhair seo caite dúshlán a thabhairt in aghaidh cinneadh imirce trí athbhreithniú breithiúnach. D’fhéach an t-iarratasóir le hagóid a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Aire Dlí agus Cirt gan cead a thabhairt d’iarratas cead imirce Stampa 1 dá cuid a athrú chun go bhféadfadh sí a bheith féinfhostaithe nó gnó a thosú. Bhí an cead teoranta di a bheith i bhfostaíocht amháin, ach bhí deiseanna féinfhostaíochta ag ár gcliant, duine atá faoi mhíchumas, ar theastaigh uaithi a thapú agus thug sí faoin dúshlán dá bharr sin. Ghlac an Coimisiún leis an gcás agus é feasach ar na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine atá faoi mhíchumas teacht ar fhostaíocht. In 2019, léirigh tuarascáil a chomhfhoilsigh an Coimisiún go raibh an ráta fostaíochta do dhaoine atá faoi mhíchumas (41 faoin gcéad) 32 pointe céatadáin faoi bhun an mheáin náisiúnta (73 faoin gcéad), rud a tharraing aird ar bhearna shuntasach i bhfostaíocht. Socraíodh an cás i bhfabhar ár gcliaint agus fáiltíonn an Coimisiún roimh an toradh dearfach. Tá iarratas nua an chliaint ar athrú ar a cead á machnamh as an nua anois agus leanann an Coimisiún ag soláthar cabhair dhlíthiúil. Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
 “Táimid an-sásta go rabhaimid in ann cabhrú lenár gcliant toradh fabhrach a bhaint amach sna himeachtaí seo. Léiríodh i dTuarascáil Tíre 2022 an Choimisiúin Eorpaigh d’Éirinn go bhfuil an bhearna fostaíochta míchumais is mó san Aontas Eorpach ag Éirinn, ag 38.6%. Tá sé de dhualgas orainn ar fad ár seacht míle dícheall a dhéanamh cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas a bheith páirteach sa lucht saothair más mian leo. Leanann IHREC ag cabhrú lenár gcliant cead a fháil a bheith féinfhostaithe ionas gur féidir léi páirt dhearfach a ghlacadh i sochaí na hÉireann.”
CRÍOCH/