Skip to content

Quickly leave this site and open Google

Press Release

Sheol Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) feachtas feasachta náisiúnta suntasach inniu dar teideal Cúram a Dhéanamh den Chomhionannas. Is é seo an tríú cuid den tsraith feachtas “Mar gur daoine muid ar fad, is mar a chéile muid ar fad”. Cé gur dhírigh na feachtais roimhe seo ar mheonta i leith ciníochais agus míchumais, tugann Cúram a Dhéanamh den Chomhionannas dúshlán na meonta seanbhunaithe sa tsochaí faoi nádúr thar a bheith inscneach an chúraim, idir chúram gan phá agus chúram ar phá íseal, agus an chaoi a dtéann sé sin i bhfeidhm ar mhná san ionad oibre. Beidh an feachtas náisiúnta gan script ar siúl i gcaitheamh mhí Eanáir ar fhógraíocht teilifíse, raidió, shóisialta agus dhigiteach ó inniu, Dé hAoine, 6 Eanáir, nó Lá Nollag na mBan. Léirítear agallaimh le mná ó chúlraí difriúla agus roinneann siad a ndearcthaí pearsanta ar an gcaoi a dtéann neamhionannas inscne agus obair chúraim i bhfeidhm ar a saol ó lá go lá, ar a bhféidearthachtaí gairme agus ar a dtodhchaí. Féachann an feachtas le daoine a chumasú le gnéasachas laethúil agus struchtúrtha a aithint agus a dhúshlán a thabhairt sa bhaile agus san ionad oibre, ag nochtadh dhofheictheacht luach an chúraim sa tsochaí agus na neamhionannas inscne dá mbarr. Dúirt rannpháirtithe an fheachtais: “Ní ceist a bhaineann le mná amháin é cúram. Baineann cúram le gach duine. Beidh freagrachtaí cúraim orainn ar fad ó chliabhán go cróchar. Caithfimid glacadh leis sin agus caithfimid tacú leis trí chórais agus struchtúir a chur i bhfeidhm do dhaoine, seachas brath ar mhná é a dhéanamh díreach ‘mar gurb in a dhéanann siad’. Linda K. “Tá an oiread dár n-obair mar dhaoine a thugann aire do dhaoine eile gan phá. Agus nuair a chuirtear i dtimpeallacht ghairmiúil é, tá sé tearc-íoctha. Is éard a léiríonn sé fúinn i ndáiríre ná gur cuma linn. Is cuma linn mar go n-íocaimid na daoine a thugann aire do dhaoine eile, na daoine a dhéanann an obair sin, pá beag bídeach.” Ailbhe S. Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Rud amháin atá i bpáirt againn ar fad – idir mhná agus fhir, idir óg agus aosta – ná go gcaithfidh daoine eile aire a thabhairt dúinn i rith tréimhsí áirithe dár saol. Tá cúram riachtanach le go mairfimid, mar dhaoine aonair agus mar shochaí. Ní haon áibhéil a rá go dtitfeadh ár sochaí agus an geilleagar mar a thuigimid é as a chéile gan an obair chúraim a dhéanann mná. “Tá an chaoi a gcaitheann an tsochaí le cúram lárnach sa chomhionannas. Má leantar á mheas faoina luach, táimid ag rá go coinsiasach nach meastar mar an gcéanna an infheistíocht ama agus chúraim a dhéanann leath an daonra.  Agus, dá réir, nach meastar mná mar an gcéanna. “Má táimid dáiríre faoi chearta an duine agus comhionannas, ní mór d’Éirinn caidreamh nua a aimsiú idir róil fostaíochta íoctha, cúraim agus inscne, agus bearta mar bhonn faoi chun tacú le tuismitheoirí fostaithe agus cúramóirí eile.”
CRÍOCH/ Déanfaidh Fennels grianghraif don fheachtas Cúram a Dhéanamh den Chomhionannas a shindeacáitiú an 5 Eanáir lena n-úsáid an 6 Eanáir. Tá na fógraí teilifíse ar fáil anseo: Teilifís: https://vimeo.com/ihrec/lindak Físeán ar éileamh (VOD): https://vimeo.com/ihrec/ailbhe Tá leathanach gréasáin an fheachtais ar fáil anseo: www.ihrec.ie/careaboutequality Rannpháirtithe an Fheachtais Grúpa Comhairliúcháin an Fheachtais Gabhaimid buíochas leis na comhaltaí a leanas den ghrúpa comhairliúcháin a chur le forbairt an fheachtais seo: Bridget Kelly, Claire Duffy, Colm Kelly Ryan, an Dr Rosaleen McDonagh, Karen Kiernan, Mariaam Bhatti, Orla O’Connor, Ursula Barry, Síona Cahill agus Suzy Byrne.