Skip to content
Guidance

Tá Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2026-27 de chuid Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ar oscailt anois agus ag glacadh le hiarratais go dtína 3pm, Dé Máirt, 19 Bealtaine 2026. 

Is é cuspóir Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais tacú le tionscadail a reáchtálann an tsochaí shibhialta agus ceardchumainn chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn.  Tá €350,000 ar an iomlán ar fáil chun tionscadail bheaga a mhaoiniú suas le €7,000 agus tionscadail ghinearálta suas le €22,000.