Siobhán Mullally

siobhan-mullallyTá Siobhán Mullally ina Ollamh Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) agus ina Stiúrthóir ar an Ionad um Dlí Coiriúil agus Cearta an
Duine san Ollscoil í. Lena chois sin, tá Siobhán ina ball de Chúirt Bhuan Eadrána sa Háig, de Ghrúpa Saineolaithe Chomhairle na hEorpa maidir le gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine, d'Ard-Chomhairle na hInstitiúide Ollscoile Eorpaí, chomh maith le bheith ina Saineolaí Tíre thar ceann na hÉireann de Líonra Saineolaithe an AE ar Shaorghluaiseacht Oibrithe. Tá sí ina hionadaí  Tíre thar ceann na hÉireann ar Líonra Odysseus an AE de Shaineolaithe ar Dhlíthe Tearmainn agus Inimirce. Roimhe sin bhí sí ina saineolaí dlí don UNDP agus ina cathaoirleach ar Bhord Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann.  Tá go leor ábhar foilsithe aici maidir le comhionannas inscne, dlíthe tearmainn dídine, cearta imirceach, gáinneáil ar dhaoine, agus obair éigeantais.  Bhain sí Teastas amach i Múineadh na gCeart Daonna ó Institiúid René Cassin, céim Bhaitsiléara sa Dlí Sibhialta ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), LLM ó Scoil Eacnamaíochta Londain, agus PhD ón Institiúid Ollscoile Eorpach.