Ár bhFeidhmeanna

Tá sainordú leathan reachtúil ag an gCoimisiún maidir le cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.

Feidhmeanna Foriomlána

Leagtar amach in Alt 10 (1) den Acht feidhmeanna foriomlána an Choimisiúin:

  • cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn
  • forbairt cultúir ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát
  • tuiscint agus feasacht ar thábhacht chearta an duine agus an chomhionannais a chur chun cinn sa Stát,
  • dea-chleachtas a spreagadh sa chaidreamh idirchultúrtha, caoinfhulaingt agus glacadh leis an éagsúlacht sa Stát agus meas ar shaoirse agus ar dhínit gach duine a chur chun cinn, agus
  • oibriú chun drochbhearta maidir le cearta an duine, le hidirdhealú agus le hiompar toirmiscthe a dhíchur.

Feidhmeanna Sonracha

Foráiltear in Alt 10(2) den Acht d’fheidhmeanna sonracha atá ceaptha chun feidhmeanna foriomlána an Choimisiúin a chur chun cinn, mar a leagtar amach in Alt 10(1).  Áirítear leo siúd:

  • faisnéis a sholáthar don phobal i ndáil le cearta an duine agus leis an gcomhionannas;
  • leordhóthanacht agus éifeachtacht an dlí agus an chleachtais sa Stát a bhaineann le cosaint chearta an duine agus an chomhionannais a choimeád faoi athbhreithniú;
  • aon togra reachtaíochta a scrúdú agus a thuairimí i dtaobh aon impleachtaí i leith chearta an duine nó an chomhionannais a thuairisciú;
  • moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais i ndáil le bearta chun cearta an duine agus an comhionannas sa Stát a neartú agus a chosaint agus chun tacú leis an gcéanna;
  • iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Uachtaraí ar chead a fháil láithriú mar amicus curiae in imeachtaí a bhfuil cearta an duine nó na cearta comhionannais atá ag aon duine i gceist iontu nó a bhaineann leis an gcéanna;
  • cabhair phraiticiúil, lena n-áirítear cabhair dhlíthiúil, a sholáthar, do dhaoine le linn a gcearta a shuíomh;
  • imeachtaí a thionscnamh i gcúrsaí áirithe;
  • dul i gcomhairle le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí náisiúnta, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh nó comhlachtaí nó gníomhaireachtaí idirnáisiúnta a bhfuil eolas nó oilteacht acu i réimse chearta an duine nó an chomhionannais;
  • a bheith mar an comhlacht arna ainmniú chun críocha Threoir 2014/54/AE maidir le bearta lena n-éascaítear feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs saorghluaiseacht d’oibrithe;
  • taighde agus gníomhaíochtaí oideachais a ghabháil de láimh, a urrú nó a choimisiúnú nó cabhair airgeadais nó cabhair eile a sholáthar don chéanna;
  • oideachas agus oiliúint ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus leis an gcomhionannas a sholáthar nó cabhair a thabhairt chun an céanna a sholáthar;
  • cláir gníomhaíochtaí agus tionscadal a ghabháil de láimh, a urrú nó a choimisiúnú chun imeascadh imirceach agus mionlach eile, an comhionannas (lena n-áirítear comhionannas inscne) agus meas ar dhínit agus ar dhifríochtaí cultúir a chur chun cinn nó cabhair airgeadais nó cabhair eile a thabhairt don chéanna;
  • athbhreithnithe comhionannais a dhéanamh agus pleananna gníomhaíochta comhionannais a ullmhú nó iarraidh ar dhaoine eile déanamh amhlaidh;
  • cabhrú le comhlachtaí poiblí de réir Alt 42 den Acht ina n-éilítear ar chomhlacht poiblí, le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, aird a thabhairt ar an ngá atá ann: (a) an t-idirdhealú a dhíchur; (b) comhionannas deiseanna agus córa dá fhoireann agus do na daoine dá soláthraíonn sé seirbhísí a chur chun cinn; agus (c) cearta an duine atá ag a chomhaltaí, a fhoireann agus na daoine dá soláthraíonn sé seirbhísí a chosaint;
  • fiosrúcháin a sheoladh faoi alt 35 den Acht má mheasann an Coimisiún go bhfuil fianaise ann (i) ar shárú tromaí ar oibleagáidí a bhaineann le cearta an duine nó le cóir chomhionann i leith duine nó aicme daoine, nó (ii) ar mhainneachtain chórasúil oibleagáidí a bhaineann le cearta an duine nó le cóir chomhionann a chomhlíonadh;
  • tuarascálacha a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear tuarascálacha i dtaobh aon taighde a bheidh gafa de láimh, urraithe nó coimisiúnaithe aige nó a mbeidh cabhair tugtha aige dó nó i ndáil le fiosrúcháin a rinneadh;
  • páirt a ghlacadh sa Chomhchoiste le Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine de réir an Chomhaontaithe Ilpháirtí atá i gceangal le Comhaontú na Breataine-na hÉireann (Comhaontú na Breataine-na hÉireann).