Díolúintí a bhaineann le haon cheann amháin nó níos mó de na naoi bhforas

Is ann do chásanna áirithe nach bhfuil cuimsithe faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015 (‘na hAchtanna’), ina ndéileáiltear le leithcheal san áit oibre. Díolúintí a thugtar orthu sin.  Baineann cuid díobh sin le cineálacha áirithe comparáide (foras).  Mar shampla, áirítear leo sin díolúintí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

Dlíthe eile: lena n-áirítear, mar shampla:

  • rud ar bith atá dleathach faoin Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, agus faoin Acht um Shaoire Uchtaíoch, 1995, ní leithcheal atá ann faoin bhforas stádais shibhialta
  • rud ar bith atá dleathach faoin Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996, agus faoin an Acht um Pá Íosta Náisiúnta, 2000, ní leithcheal atá ann faoin bhforas aoise
  • i ndáil le leithcheal ar bhonn náisiúntachta, níl cosc faoi na hAchtanna ar bhearta arna nglacadh faoin Acht um Cheadanna Fostaíochta, 2003.

Stádas teaghlaigh

Is féidir le fostóirí tairbhí a chur ar fáil go sonrach d’fhostaithe a bhfuil clann acu.  Mar shampla, is féidir leo áiseanna cúram leanaí a chur ar fáil agus laethanta spraoi do theaghlaigh a reáchtáil.  Idirdhealú dearfach a thugtar ar an gcineál tairbhe sin.

Stádas sibhialta

Ní leithcheal atá ann má chuireann fostóir tairbhí ar fáil go sonrach trí thagairt d’imeacht ina dtiocfaidh athrú ar stádas sibhialta fostaí.

Foras inscne:

Ní leithcheal faoin bhforas inscne atá i dtairbhí a chuireann fostóirí ar fáil d’fhostaithe atá ag iompar clainne nó a thugann cothú brollaigh dá bpáiste.

Foras aoise:

Is féidir le fostóir na nithe seo a leanas a dhéanamh, mar shampla:

  • 18 mbliana d’aois a leagan síos mar aois íosta le linn earcaíochta
  • aois scoir a leagan amach, ach ní mór é sin a dhlisteanú go hoibiachtúil agus go réasúnta le haidhm dhlisteanach, agus ní mór don chaoi chun an aidhm sin a bhaint amach a bheith cuí agus riachtanach
  • sochair ceirde éagsúla (amhail sochar breoiteachta nó pá scarúna) a thairiscint bunaithe ar aois fostaí. Mar sin féin, ní bhaineann an éagsúlacht sin sa chaoi a gcaitear le daoine ach leis an bhforas aoise amháin.

Foras creidimh

Is féidir le hinstitiúidí áirithe creidimh, leighis agus oideachais caitheamh ar bhealach níos fabhraí le fostaithe faoin bhforas creidimh, agus is féidir leo beart a ghlacadh chun cosc a chur ar fhostaí baint d'éiteas creidimh na hinstitiúide.

Mar sin féin, má fhaigheann an institiúid cistí poiblí, ní féidir leithcheal a dhéanamh faoi cheann ar bith de na naoi bhforas mar gheall ar chaitheamh níos fabhraí le duine faoin bhforas creidimh, agus ní mór gur fíor-riachtanas gairme atá ann.

Ar an gcaoi chéanna, ní mór dlisteanú oibiachtúil a bheith ag gabháil le haon bheart a ghlactar i gcoinne fostaí ionas nach mbainfear d’éiteas creidimh na hinstitiúide, agus ní mór don chaoi chun an aidhm sin a bhaint amach a bheith cuí agus riachtanach.

Foras míchumais

Íocann fostóirí níos lú pá le fostaithe atá faoi mhíchumas mura bhfuil ar a gcumas an obair chéanna a dhéanamh sa tréimhse ama chéanna.  Mar sin féin, dá bhféadfaí athruithe a dhéanamh san áit oibre a chabhródh le duine faoi mhíchumas an obair a dhéanamh, ní mór don fhostóir na hathruithe a dhéanamh.  Bearta iomchuí a thugtar ar na hathruithe sin sna hAchtanna.

Comhlachtaí oiliúna scileanna

Tá cead ag comhlachtaí oiliúna scileanna táillí éagsúla a iarraidh agus rialacha éagsúla a chur i bhfeidhm i ndáil le háiteanna a thabhairt do dhaoine ar náisiúnaigh de Bhallstáit an AE iad.  Tá cead acu freisin caitheamh le daoine ar bhealach éagsúil agus áiteanna á dtabhairt do mhic léinn aibí (foras aoise) agus maidir le haois agus náisiúntacht nuair a bhíonn deontais agus scoláireachtaí á ndámhachtain.  Mar sin féin, ní mór don dámhachtain cloí le traidisiúin na hinstitiúide.

Cuimsítear cineálacha eile díolúine sna hAchtanna freisin:

Cliceáil ar na naisc lena fháil amach an mbaineann siad le do chás-sa féin.