Cé na catagóirí daoine a chuimsítear faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta?
Is sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015, (‘na hAchtanna’) a dhéileáiltear le leithcheal san áit oibre. Cuireann siad cosc ar an leithcheal faoi naoi fhoras shonraithe.
Tá tú i dteideal caitheamh cothrom i ndáil le cúrsaí oibre agus poist:
- Más fear, bean, duine trasinscneach nó duine idirghnéasach thú (an foras inscne)
- Má tá nó mura bhfuil tú singil, pósta, scartha, colscartha, i do bhaintreach nó i do bhaintreach fir, nó i bpáirtnéireacht shibhialta (an foras stádais shibhialta)
- Más tuismitheoir thú nó má tá tú freagrach as leanbh atá níos óige ná 18 mbliana d’aois, nó más tú príomhchúramóir nó tuismitheoir duine atá faoi mhíchumas a bhfuil cúram leanúnach de dhíth air/uirthi (an foras stádais teaghlaigh)
- Má tá nó mura bhfuil tú homaighnéasach, leispiach, déghnéasach, nó heitrighnéasach (an foras gnéaschlaonta)
- Is cuma cén creideamh atá agat, nó mura bhfuil creideamh ar bith agat (an foras creidimh)
- Is cuma cén aois thú, ar an gcoinníoll go bhfuil tú os cionn an aois fágála scoile dhlíthiúil (an foras aoise)
- Is cuma cén cine, dath, náisiúntacht nó bunadh eitneach lena mbaineann tú (an foras cine)
- Más duine den lucht siúil thú (an foras lucht siúil)
- Má tá tú faoi mhíchumas (an foras míchumais).