Díolúintí a bhaineann le cineálacha áirithe fostaíochta

Is ann do chásanna áirithe nach bhfuil cuimsithe faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015 (‘na hAchtanna’), ina ndéileáiltear le leithcheal san áit oibre. Díolúintí a thugtar orthu sin.

Baineann cuid díobh sin le cineálacha áirithe fostaíochta:

Fostaíocht i dteach duine eile

I gcás ina gcuirtear cúram pearsanta ar fáil i dteach duine (mar shampla, feighlíocht leanaí, cabhair phearsanta), níl an fostóir faoi réir ag na hAchtanna i rith an phróisis earcaíochta.

Mar shampla, is féidir leis an bhfostóir inscne an fhostaí a shonrú.  Mar sin féin, nuair a bheidh an duine fostaithe, beidh sé/sí i dteideal na dtéarmaí agus na gcoinníollacha céanna le hoibrithe eile, agus beidh siad faoi chosaint ag na hAchtanna faoi mar atá gach duine eile.

Fostaithe Stáit

Ní mór d’fhostaithe Stáit áirithe coinníollacha áirithe a chomhlíonadh, mar shampla bheith ina saoránach d’Éirinn, bheith in ann Gaeilge a labhairt, nó bheith ina gcónaí i gceantar áirithe.

Is ann do rialacha áirithe nach mbaineann ach le fostaithe Stáit. Mar shampla:

  • tá rialacha éagsúla maidir leis na forais aoise agus míchumais i bhfeidhm le haghaidh Óglaigh na hÉireann
  • is féidir leis na Gardaí agus leis an tSeirbhís Príosún tascanna áirithe a shannadh ar fhir amháin nó ar mhná amháin. Baineann na tascanna sin le cúrsaí príobháideachta (mar shampla corpchuardach) nó sluaite a rialú nó daoine foréigneacha a choimeád faoi smacht go hiondúil
  • tá cead ag na Gardaí agus an tSeirbhís Príosún líon níos mó fear nó ban a earcú má bhíonn gá leo.

D’fhéadfadh cineálacha eile fostaithe Stáit, amhail oibrithe údaráis áitiúil agus fostaithe na seirbhíse sláinte, a bheith faoi réir díolúintí freisin.

Cuimsítear dhá chineál díolúine eile sna hAchtanna freisin:

Cliceáil ar na naisc lena fháil amach an mbaineann siad le do chás-sa féin.