Cé na catagóirí daoine a thagann faoin dlí faoi idirdhealú maidir le seirbhísí?

Is iad na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018 (‘na hAchtanna’) an dlí a phléann le cúrsaí idirdhealaithe maidir le hearraí agus seirbhísí.  De bharr na nAchtanna, tá cosc ar idirdhealú ar cheann ar bith de naoi bhforas shonracha.

Tá tú i dteideal go gcaithfí go comhionann leat nuair atá earraí agus seirbhísí á soláthar:

  • Más bean, fear, duine trasinscneach nó duine idirghnéasach thú (anforas inscne)
  • Is cuma má tá tú singil, pósta, scartha, colscartha, i do bhaintreach nó i bpáirtnéireacht shibhialta nó nach bhfuil (anforas stádas sibhialta)
  • Sa chás:
    • go bhfuil tú ag súil
    • gur tuismitheoir nó duine atá freagrach as páiste faoi bhun 18 mbliana d’aois thú
    • gur tú príomhchúramóir nó tuismitheoir duine faoi mhíchumas óna dteastaíonn cúram leanúnach (anforas stádais teaghlaigh)
  • Is cuma más duine aerach, leispiach, déghnéasach nó heitrighnéasach thú nó nach ea (anforas gnéaschlaonta)
  • Is cuma cén creideamh reiligiúnach atá agat, nó mura bhfuil creideamh reiligiúnach ar bith agat (anforas creidimh)
  • Is cuma cén aois thú, fad is go bhfuil tú os cionn 18 mbliana d’aois, nó faoi bhun 18 mbliana d’aois má tá ceadúnas tiomána agat agus árachas cairr uait (anforas aoise)
  • Is cuma cén cine lena mbaineann tú, nó cén dath atá ar do chraiceann, nó cén náisiúntacht thú nó cén cúlra eitneach atá agat (anforas cine)
  • Más duine den Lucht Siúil thú (anforas Lucht Siúil)
  • Má tá tú faoi mhíchumas (anforas míchumais)

Ina theannta sin, tá idirdhealú i soláthar cóiríochta agus seirbhísí agus conláiste lena mbaineann in aghaidh an dlí ar an mbunús go bhfaigheann tú forlíonadh cíosa, cúnamh tithíochta, nó íocaíocht ar bith faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh. (An foras cúnamh tithíochta.)

An gceapann tú go ndearnadh aon chineál idirdhealaithe mar seo ort, nó go bhfuil sé ag tarlú faoi láthair?