Tithíocht agus Idirdhealú ar bhonn Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta
Tarlaíonn idirdhealú ar an bhforas cúnaimh tithíochta nuair a dhéileáiltear le duine le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine eile, mar go bhfuil duine amháin ag fáil forlíonadh cíosa, cúnamh tithíochta nó aon íocaíocht leasa shóisialaigh agus nach bhfuil an duine eile.
Tá cosaint ar idirdhealú ar an bhforas cúnaimh tithíochta i bhfeidhm i gcás na cóiríochta amháin, agus ní bhaineann sé le soláthar earraí ná seirbhísí, forais oideachais ná clubanna faoi na hAchtanna.
Is é an riail ghinearálta nach féidir idirdhealú a dhéanamh ar an bhforas Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta maidir le:
- aon eastát a dhiúscairt;
- tionóntacht a fhoirceannadh;
- cóiríocht, nó aon seirbhísí nó taitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht a sholáthar; nó
- scor de chóiríocht a sholáthar.
Caithfidh an t-áitreabh nó an chóiríocht a bheith ar fáil don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal.
Céard ba cheart dom a bheith san airdeall air maidir le hidirdhealú tithíochta?
D’fhéadfadh go mbeadh idirdhealú i gceist le tiarnaí talún nó gníomhairí ligin –
- ag diúltú ligean duit an réadmhaoin a fheiceáil
- ag diúltú an réadmhaoin a ligean ar cíos duit
- ag diúltú glacadh le forlíonadh cíosa nó íocaíochtaí cúnamh tithíochta
- ag diúltú na foirmeacha riachtanacha a líonadh isteach le go bhféadfá forlíonadh cíosa nó íocaíochtaí cúnaimh tithíochta a fháil
- ag cur téarmaí nó coinníollacha idirdhealaithe i léasanna nó i gcomhaontuithe tionóntachta eile, bíodh siad i scríbhinn nó ó bhéal
- ag diúltú do léas nó comhaontú tionóntachta eile a athnuachan
- ag cur deireadh le do léas nó comhaontú tionóntachta eile
- ag cur deireadh le seirbhísí a bhaineann leis an réadmhaoin, nó ag cruthú deacrachtaí duit na seirbhísí sin a fháil.
Céard is féidir liom a dhéanamh faoi fhógraíocht tithíochta idirdhealaitheach?
Tá cosc ar fhógra a fhoilsiú, a thaispeáint, nó a chur faoi deara go bhfoilseofaí nó go dtaispeánfaí fógra, a chuireann in iúl go mbeartaítear idirdhealú a dhéanamh nó go bhféadfaí a thuiscint le réasún uaidh go bhfuil sé sin beartaithe.
Tá sé de chumhacht ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas gearán faoi fhógraíocht idirdhealaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre lena bhreithniú. Is comhlacht gar-bhreithiúnach é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre a bunaíodh chun líomhaintí faoi idirdhealú a fhiosrú, a idirghabháil, a éisteacht agus a chinneadh.
Advertisements that contain any of the following phrases may indicate an intention to discriminate on the housing assistance ground –
- ‘ní ghlacfar leis an liúntas cíosa/le híocaíochtaí cúnaimh tithíochta’;
- ‘daoine gairmiúla amháin’;
- ’d’fheilfeadh sé do dhaoine gairmiúla’;
- ‘teistiméireachtaí oibre/gairmiúla ag teastáil’.
If you see a discriminatory advertisement you can let us know by filling out this form.
Céard faoi mura bhfuil sé d’acmhainn agam mo chíos a íoc?
Ní idirdhealú é má dhiúltaíonn tiarna talún nó duine eile réadmhaoin a ligean ar cíos leat nuair nach bhfuil tú in ann cíos an mhargaidh a íoc.
If you think the landlord is being unfair in setting or reviewing rent, or you have a dispute with your landlord, you can contact the An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe.
Céard a chuimsítear?
Déanann na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018:
- comhionannas a chur chun cinn;
- prohibit certain kinds of discrimination (with some exemptions) across a number of specified grounds (Age, Civil Status, Disability, Family Status, Gender, Housing Assistance Payment, Membership of the Traveller Community, Race, Religion, Sexual Orientation);
- prohibit sexual harassment and harassment across a number of specified grounds;
- cosc a chur ar íospairt;
- freastal réasúnta a éileamh ar dhaoine faoi mhíchumas;
- raon leathan bearta gníomhaíochta dearfaí a cheadú.
Cuireann na hAchtanna um Stádas Comhionann an dá Threoir seo a leanas ón Aontas Eorpach i bhfeidhm freisin: an Treoir maidir le Cine agus an Treoir maidir le Comhionannas Inscne maidir le Rochtain ar Earraí agus Seirbhísí.
Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuiltear ag déileáil liom le níos lú fabhair?
Tá cosc ar chineálacha difriúla idirdhealaithe faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, ina measc:
Idirdhealú díreach
Sainmhínítear é sin mar dhéileáil le duine le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine eile i gcás inchomparáide, mar nach ionann iad faoi cheann ar bith de na naoi bhforas thuasluaite. Is difríocht é sin:
- atá ann faoi láthair;
- a bhíodh ann ach nach bhfuil ann a thuilleadh;
- a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; nó
- a chuirtear i leith an té lena mbaineann (tarlaíonn sé seo nuair a mheastar go bhfuil duine difriúil faoi na forais shonraithe, cé nach fíor é sin).
Idirdhealú trí bhainteacht
Tarlaíonn sé seo nuair a dhéileáiltear le duine a bhaineann le duine eile le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine eile mar go bhfuil an dara duine difriúil faoi cheann de na forais shonraithe.
Idirdhealú indíreach
Tarlaíonn sé seo nuair is cosúil nach bhfuil foráil, critéar nó cleachtas achrannach ar dtús, ach go gcuirtear duine atá difriúil faoi cheann de na forais shonraithe faoi mhíbhuntáiste ar leith, i gcomparáid le duine eile, mar sin féin. Ní hionann an fhoráil, an critéar nó an cleachtas sin agus idirdhealú más féidir a léiriú:
- go bhfuil údar oibiachtúil lena mbaineann aidhm dhlisteanach leis an bhforáil, critéar nó cleachtas; agus
- go bhfuil na bealaí chun an aidhm sin a bhaint amach cuí; agus
- go bhfuil na bealaí chun an aidhm sin a bhaint amach riachtanach.
Idirdhealú a thabhairt chun críche
Is cion é faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann idirdhealú, ciapadh nó gnéaschiapadh a thabhairt chun críche nó iarracht a dhéanamh duine eile a chur ina mbun.
Cé na freagrachtaí a bhíonn ar sholáthraithe seirbhísí?
Gníomhaíocht dhearfach
Ceadaítear bearta dearfacha (nó cóir fhabhrach) faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, a bhfuil sé beartaithe ar bhonn bona fide ina leith:
- comhionannas deiseanna a chur chun cinn; do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste
- freastal do riachtanais speisialta daoine, nó earnála daoine, a mbeidh de dhíth orthu, mar gheall ar a n-imthosca, saoráidí, socruithe, seirbhísí nó cúnamh.
Anuas air sin, ceadaítear faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann go ngearrfaí táille, muirear nó ráta fabhrach réasúnach i leith aon ní a thairgtear nó a sholáthraítear do theaghlaigh, do lánúineacha pósta, do dhaoine níos sine nó níos óige, nó do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Dliteanas ionadach
Tá fostóirí freagrach as gníomhartha idirdhealaithe fostaí i rith na fostaíochta.
Ní cosaint é go ndearnadh an gníomh i ngan fhios don fhostóir nó gan a chead murar féidir leis an bhfostóir a chruthú go ndearna sé bearta is indéanta go réasúnach chun an t-iompar a chosc.
Is cosaint é más féidir leis an bhfostóir a léiriú go ndearnadh bearta is indéanta go réasúnach chun an fostaí a chosc ar an méid sin a dhéanamh, nó gníomhartha dá leithéid.
Aon ní a dhéanfaidh duine mar ghníomhaire do dhuine eile, le húdarás (cibé acu sainráite nó intuigthe) ón duine eile sin, pléifear leis mar ní a rinne an duine eile sin freisin.
Céard is féidir liom a dhéanamh má tá ciapadh nó gnéaschiapadh á dhéanamh orm?
Ciapadh agus gnéaschiapadh
Tá cosc ar ghnéaschiapadh agus ar chiapadh i soláthar earraí agus seirbhísí. Ní dhéanfaidh duine (‘an ciapóir’) duine eile (‘an t-íospartach’) a chiapadh ná a ghnéaschiapadh nuair atá an t-íospartach ag féachaint le hearraí nó seirbhísí a sholáthraíonn an ciapóir a úsáid.
Céard is ciapadh agus gnéaschiapadh ann?
Is ionann ciapadh agus aon chineál iompair neamh-inmhianaithe a bhaineann le ceann ar bith de na foráis shonraithe. Is ionann gnéaschiapadh agus aon chineáil iompair ghnéasaigh labhartha, neamhlabhartha nó fhisiciúil neamh-inmhianaithe ar bith.
Sa dá chás, is iompar é a bhfuil de chuspóir nó de thionchar aige go sáraítear dínit duine agus go gcruthaítear timpeallacht bhagrach, dhoicheallach, mhaslach, náireach nó ghránna don duine.
Sa dá chás, d’fhéadfadh go mbeadh gníomhartha, iarratais, focail labhartha nó gothaí i gceist leis an iompar neamh-inmhianaithe, chomh maith le focail scríofa, ríomhphoist agus na meáin shóisialta, teachtaireachtaí téacs, pictiúir nó ábhar eile a tháirgeadh, a thaispeáint nó a scaipeadh.
Ní fhéadfaidh aon duine eile leas a bhaint as diúltú duine do gnéaschiapadh nó ciapadh eile, ná glacadh duine le gnéaschiapadh nó ciapadh eile, mar bhunús do chinneadh a rachaidh i gcion ar an duine sin.
Cé hé an duine freagrach?
Aon duine atá freagrach as oibriú aon áite ina dtairgtear earraí, saoráidí nó seirbhísí don phobal, sainítear an duine sin mar ‘dhuine freagrach’.
Caithfidh an ‘duine freagrach’ a chinntiú nach ndéantar gnéaschiapadh ná ciapadh eile ar aon duine a bhfuil de cheart aige a bheith ansin. It shall be a defence for the responsible person to prove that he or she took steps as are ‘reasonably practicable’ to prevent the sexual harassment or harassment for occurring.
Céard faoi má dhéantar frithbheart i mo choinne toisc go ndearna mé gearán?
Íospairt
Is íospairt é má bhagraítear ar dhuine nó má chaitear go dona le duine mar go ndearna sé nó sí gearán faoi idirdhealú i leith soláthar earraí agus seirbhísí. Íospairt is against the law.
Mar shampla, is íospairt é má bhagraítear ort nó má chaitear go dona leat mar gheall ar chúinsí mar seo a leanas:
- rinne tú gearán faoi idirdhealú in aghaidh soláthraí seirbhísí;
- bhí baint agat le cás idirdhealaithe ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre;
- chabhraigh tú le duine eile éileamh a dhéanamh;
- bhí baint agat mar fhinné le cás idirdhealaithe ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre;
- thug tú éileamh idirdhealaithe chun na cúirte;
- dúirt tú le soláthraí seirbhísí go bhfuil sé i gceist agat aon rud a luaitear sa liosta a dhéanamh.
Céard nach gcuimsítear?
Tá cúpla díolúine shuntasach sna hAchtanna um Stádas Comhionann a bhaineann le soláthar tithíochta agus cóiríochta.
Ba cheart na díolúintí sin a léamh go sriantach agus níor cheart go gcuirfidís teorainn mhíchuí ar an gcosc ginearálta ar idirdhealú.
Díolúintí ar an bhForas Cúnaimh Tithíochta
Ní idirdhealú é faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann go mbeadh sé ina choinníoll ag tiarna talún don soláthar cóiríochta go n-íoctar forlíonadh cíosa go díreach leis an tiarna.
Díolúintí le haghaidh catagóirí áirithe daoine
Ní idirdhealú é faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann aon áitreabh nó cóiríocht a bheith in áirithe le húsáid ag daoine atá i gcatagóir áirithe daoine, ina measc:
- chun críocha creidimh;
- dídeanaithe;
- tithe altranais;
- tithe scoir;
- tithe do dhaoine faoi mhíchumas; nó
- brú do dhaoine gan chónaí nó chun críche dá samhail.
Díolúintí ar gach foras
Dlí a rialaíonn soláthar cóiríochta
Níl difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine neamhdhleathach i gcás cóiríochta, nó taitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht, a sholáthar sa chás go n-éilítear an difríocht sa dlí a rialaíonn soláthar cóiríochta.
Áit chónaithe duine
Níl feidhm ag na hAchtanna um Stádas Comhionann nuair atá seomra ar cíos ag duine ina áit chónaithe (seachas cuid ghlanscartha ar leithligh) sa chás go dtéann soláthar na cóiríochta i gcion ar shaol príobháideach nó teaghlaigh an duine nó ar shaol príobháideach nó teaghlaigh aon duine eile a chónaíonn ansin freisin.
Sampla Má fheiceann an t-úinéir go bhfuil an lóistéir ag cur isteach ar shaol an teaghlaigh, is féidir iarraidh ar an lóistéir bogadh go háit eile.
Uachtanna/bronntanais
Níl feidhm ag na hAchtanna um Stádas Comhionann nuair atá maoin á tabhairt le huacht nó mar bhronntanas.
Díolúintí ginearálta eile
Gníomh a theastaíonn de réir an dlí nó faoin dlí
Foráiltear le díolúine ghinearálta nach gcuirfidh aon rud sna hAchtanna um Stádas Comhionann cosc ar aon ghníomh a dhéanamh a theastaíonn mar gheall ar:
- foráil reachtúil nó ordú cúirte;
- aon ghníomh a dhéanann nó aon bheart a ghlacann an tAontas Eorpach; nó
- aon chonradh idirnáisiúnta a chuireann oibleagáid ar an Stát.
Ní chuimsítear ach gníomhartha éigeantacha. Má tá roinnt discréide sa bheart, tá na forálacha frith-idirdhealaithe i bhfeidhm.
Baol iompair atá coiriúil nó easordúil
Féadfaidh soláthraí earraí nó seirbhísí, nó duine a sholáthraíonn cóiríocht nó seirbhísí lena mbaineann, seirbhís nó cóiríocht a dhiúltú do dhuine dá dtabharfaí ar dhuine aonair réasúnach, ag a mbeadh eolas agus taithí an tsoláthraí, a chreidiúint go mbeadh ann, de bharr sholáthar na seirbhíse nó na cóiríochta don chustaiméir, baol mór iompair nó iompraíochta atá coiriúil nó easordúil, nó baol mór go ndéanfaí damáiste do mhaoin san áit a soláthraítear an tseirbhís nó an chóiríocht.
Náisiúnaigh áirithe ó thíortha eile
Ceadaítear difríochtaí sa chaoi a gcaitheann údaráis áitiúla le náisiúnaigh áirithe ó thíortha eile, ar bhonn a náisiúntachta, atá lasmuigh den Stát nó sa Stát go neamhdhleathach (chun críocha an Achta Inimirce, 2004) nó de réir aon fhoráil nó coinníoll a rinneadh le nó faoi aon achtachán, agus ag eascairt as iontráil nó cónaí an náisiúnaigh sa Stát.
Breithiúnas cliniciúil
Ní hionann difríocht sa chaoi a gcaitear le duine agus idirdhealú má dhéileáiltear amhlaidh leis i bhfeidhmiú breithiúnais chliniciúil i dtaca le tinneas a fháthmheas nó lena chóireáil mhíochaine.
Inniúlacht conradh a dhéanamh
Ní hionann difríocht sa chaoi a gcaitear le duine agus idirdhealú má tá an duine neamhinniúil ar chonradh infhorfheidhmithe a dhéanamh, nó ar thoiliú feasach a thabhairt agus, ar an ábhar sin, go bhfuil an difríocht réasúnach.
Case Studies
“I don’t take social welfare” – Renting on Housing Assistance Payment
Case | A Prospective Tenant v. A Landlord |
---|---|
Topic | Faced with imminent homelessness, the man responded to an online advert for a rental property. In response to a written question from the landlord, he advised that the property would be for him and his family and that the rent would be paid by HAP. The landlord replied, “I don’t take social welfare, sorry about that.” |
Outcome | The man submitted his complaint to the WRC. In its decision, the WRC ordered the landlord to pay €4,000 in compensation. |
Law | ESA |
Year | 2019 |
“Looking for professionals only” – Renting on Housing Assistance Payment
Case | A Tenant v. A Landlord |
---|---|
Topic | The woman contacted a landlord to arrange a viewing of a rental property. The landlord questioned whether she was in full-time employment. The woman responded that, currently, she was not, but she was in receipt of HAP and she further indicated a willingness to pay an extra rent top-up of €100 per month. She received a reply stating the landlord was “looking for professionals not on the HAP scheme.” |
Outcome | The WRC ruled that the landlord’s preference for non-HAP tenants was discriminatory. It ordered the landlord to pay a total of €750 in compensation to the woman. |
Law | ESA |
Year | 2019 |
Discrimination and harassment and the Housing Assistance Payment
Case | A Tenant v. a Landlord |
---|---|
Topic | In this case, a tenant asked their landlord to sign a HAP form following an unexpected reduction in their income. The landlord refused to sign the form, putting the tenant’s family at risk of homelessness. The tenant informed the landlord that refusing to accept HAP was discriminatory. The landlord issued a notice of termination of the lease in response. The tenant applied to the Commission for legal assistance, the Commission referred a complaint to the WRC on her behalf. |
Outcome | The landlord did not attend the WRC hearing and the complainant was awarded €3,500 for discrimination and €2,000 for harassment. |
Law | ESA |
Year | 2018 |
Renting and Membership of the Traveller Community
Case | An Applicant v. A Limited Company |
---|---|
Topic | The Commission provided legal representation to a woman in her successful challenge of discrimination under the ESA’s housing assistance ground in the provision of accommodation. The case focused on the woman’s experience in viewing and seeking to confirm a property for rental in March 2016. In their exchanges about the property, the woman informed the estate agent that she was in receipt of rent supplement. The estate agent requested to speak to the woman’s Community Welfare Officer(‘CWO’) and, in exchanges, stated that he would not be willing to hold the property while the woman’s application for rent supplement was being processed, nor guarantee her the property |
Outcome | In November 2017 the Workplace Relations Commission (‘the WRC’), determined that the woman had been directly discriminated against on the housing assistance ground, and ordered €2,500 in compensation to be paid. The WRC also instructed that all employees acting as the company’s estate agents are to be provided with the proper appropriate training in relation to all provisions of the ESA. |
Law | ESA |
Year | 2017 |
“HAP doesn’t suit me” – Renting on Housing Assistance Payment
Case | A Tenant v. A Letting Agent |
---|---|
Topic | The woman was offered the tenancy of a property. However when she advised the letting agent that she would be paying the rent through the Housing Assistance Payment (‘HAP’) scheme, she was informed that this would not suit the landlord. |
Outcome | The woman made her complaint to the WRC. Resolved through mediation. The letting agent agreed to pay compensation, make a donation to charity, provide equality training to its staff, and draft and publish on its website an equality policy and equality statement. |
Law | ESA |
Year | 2019 |
Search database for more case studies
Céard í an chéad chéim eile?
Cuir gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC)
Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) an príomhchomhlacht a éisteann le gearáin agus a chinneann cúiteamh de bharr idirdhealú faoi dhlíthe comhionannais na hÉireann. Ní bhíonn aon táille ar chás a thabhairt os comhair an Choimisiúin agus is féidir gearáin a dhéanamh ar líne.
Learn more about the WRC process
Téigh i dteagmháil linn
Tá ról faoi leith againne, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, troid in aghaidh an idirdhealaithe agus an comhionannas agus cearta an duine a chur chun cinn in Éirinn. Is féidir linn eolas a thabhairt duit faoi do chearta, agus i gcásanna teoranta ar leith is féidir linn cúnamh dlí a thabhairt duit. Ach tabhair faoi deara nach cúirt muid agus nach gcinnimid éilimh idirdhealaithe.
Learn more about how to contact us
Téigh i dteagmháil le heagraíocht eile
D’fhéadfadh go mbeadh eagraíocht eile in ann cúnamh níos fearr a thabhairt duit.
-
Legal advice
Free Legal Advice Centres
The Free Legal Advice Centre (FLAC) provide confidential, basic legal advice for free and in person across all areas of law. FLAC offers a network of advice clinics around Ireland and you may be able to identify the most suitable one at the following link: Legal Advice Clinic.
Free Legal Advice Centres,
13 Lower Dorset Street,
Dublin 1,
Ireland
Phone: Lo-Call: 1890 350 250
Web: https://www.flac.ie/
-
Anti-racism
INAR (the Irish Network Against Racism)
INAR (the Irish Network Against Racism) is a national network of anti-racism civil society organisations which aims to work collectively to highlight and address the issue of racism in Ireland.
Irish Network Against Racism
28 North Great George’s Street
Dublin 1
REPORT RACISM: www.iReport.ie -
Intellectual disability
Inclusion Ireland
Inclusion Ireland champions the rights of people with an intellectual disability in Ireland through securing the full implementation of the United Nations Convention on the Rights of People with Disabilities (UNCRPD).
Inclusion Ireland
Unit C2, The Steelworks,
Foley Street,
Dublin 1 -
Personal data protection
Data Protection Commissioner
The Office of the Data Protection Commissioner was established to protect individuals’ right to privacy by enabling people to exercise control over how their personal information is used, in accordance with the Data Protection Acts 1988 and 2003. If a person or organisation holds personal information about you on computer or on paper file, you may ask them if they hold such information and to give you access to it. Section 3 of the Data Protection Acts provides that you have a right to find out and/or be given a description free of charge, of information held about you. Section 4 of the Data Protection Acts says that you have a right to obtain a copy of such information.
Data Protection Commissioner
Canal House
Station Road
Portarlington
Co. Laois -
Migrant and refugee rights
Nasc
Nasc is the Irish word for “link”. They link migrants and refugees to their rights.
34 Paul Street, 1st Floor
Cork City, T12 W14H
-
Atheism
Atheist Ireland
Atheist Ireland is a democratic advocacy group for secularism, rationality, pluralism and human rights.
Email: info@atheist.ie
Web: www.atheist.ie
-
Employment rights / Equal treatment in services
Workplace Relations Commission
Information and Customer Services (ICS), formerly known as Workplace Relations Customer Services, is responsible for the provision of information relating to employment rights, equality and industrial relations matters by means of a telephone call-in service manned by experienced Information Officers
Information and Customer Services
Workplace Relations Commission
O’Brien Road
Carlow
R93 E920
Phone: 059 9178990 | Lo-call: 1890 80 80 90 * (09.30 - 17.00, Monday to Friday)
Web: https://www.workplacerelations.ie/en/contact_us/contact-details/
-
Disability rights
National Disability Authority
The National Disability Authority (NDA) is the independent statutory body that provides information and advice to the Government on policy and practice relevant to the lives of persons with disabilities.
25 Clyde Rd
Ballsbridge
Dublin, D04 E409 -
Support for housing rights
Threshold
Threshold’s mission is to prevent homelessness and to campaign for housing as a right by providing independent advice and advocacy to vulnerable people.
Threshold
21 Stoneybatter,
Dublin 7
Phone: 1800 454 454
-
Immigration and asylum
The Refugee Legal Service
The Legal Aid Board provides confidential and independent legal services to persons applying for international protection in Ireland. If you are applying for international protection in Ireland, you can obtain legal advice and assistance from the Legal Aid Board to assist you with your application. You may register with the Legal Aid Board at any stage of the asylum process, but it is advisable to do so at the earliest possible stage of the process.
The Refugee Legal Service
48-49 North Brunswick Street
George’s Lane
Dublin 7
Browse the database of organisations working on human rights and equality issues in Ireland.