Idirdhealú seirbhísí in Éirinn

Mínítear príomhghnéithe na nAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018 ar na leathanaigh seo. Tá sé d’aidhm ag na hAchtanna seo daoine a chosaint ar chineálacha áirithe idirdhealaithe, ciaptha agus gnéaschiaptha a d’fhéadfadh tarlú ó lá go lá in Éirinn.

Gheobhaidh tú treoir chéim ar chéim anseo ar do chearta a éileamh faoi na hAchtanna, má cheapann tú go ndearnadh idirdhealú ort. Is chun críche eolais amháin a thugtar an treoir seo. Má tá comhairle dhlí uait, téigh i dteagmháil le gairmí dlí cáilithe.