Cineálacha éagsúla leithcheala san áit oibre

Is sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015, (‘na hAchtanna’) a dhéileáiltear le leithcheal san áit oibre.  Is é aidhm na nAchtanna a chinntiú go mbíonn comhdheiseanna ag daoine maidir le scileanna, oiliúint, poist agus arduithe céime. Tá míniú sna hAchtanna ar na cineálacha éagsúla leithcheala a d’fhéadfadh tarlú san áit oibre atá in aghaidh an dlí.

Tarlaíonn leithcheal díreach nuair nach gcaitear le duine éigin chomh fabhrach céanna le duine eile mar gheall ar an gcineál duine atá ann.  Tarlaíonn leithcheal díreach freisin má deir bainisteoir le hoibrí leithcheal a dhéanamh ar dhuine eile.

Tarlaíonn leithcheal neamhdhíreach nuair a bheadh duine faoi mhíbhuntáiste áirithe faoi cheann ar bith de na naoi bhforas leithcheala mar thoradh ar fhoráil nach cosúil gur fhoráil idirdhealaitheach í, ar an gcoinníoll nach féidir é sin a dhlisteanú go hoibiachtúil.

Sampla Sonraítear i bhfógra poist nach mór do dhaoine a bheith os cionn airde áirithe chun iarratas a chur isteach. Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh mná agus daoine ó chúlraí eitneacha áirithe a bheith faoi mhíbhuntáiste.

B’fhéidir nach mbeadh sé i gceist ag an bhfostóir leithcheal a dhéanamh, ach cuireann an fógra teorainn leo siúd atá in ann iarratas a dhéanamh. Leithcheal neamhdhíreach atá ann, mura féidir leis an bhfostóir a léiriú go bhfuil cuspóir dlisteanach ag baint leis an riachtanas, agus gur cuí agus gur gá a leithéid freisin.

Sa sampla áirithe seo, cuir i gcás, beidh ar an bhfostóir a léiriú cén fáth go bhfuil sé riachtanach go mbeadh an fostaí ionchais os cionn na hairde atá luaite san fhógra.

Tarlaíonn leithcheal trí bheith bainteach nuair nach gcaitear le duine éigin chomh fabhrach céanna le duine eile mar gheall ar an mbaint atá aige/aici le duine atá cosanta de réir ceann de na naoi bhforas leithcheala.

Sampla Déantar ciapadh ar dhuine ag an obair (tugtar ainmneacha air/uirthi, mar shampla, agus imrítear cleasa magaidh air/uirthi) toisc go bhfuil duine muinteartha leis/léi homaighnéasach.

Tarlaíonn leithcheal de bharr líomhna nuair nach gcaitear le duine éigin chomh fabhrach céanna le duine eile mar gheall go gcuirtear lipéad air/uirthi go mbaineann sé/sí le ceann de na naoi bhforas leithcheala.

Sampla Ní ligeann fostóir d’fhostaí a bheith ag plé le hairgead mar ceapann an fostóir gur duine den lucht siúil é an fostaí.

Ciapadh – tá cosc faoi na hAchtanna ar iompraíocht naimhdeach nach bhfuil ag teastáil bunaithe ar cheann de na naoi bhforas leithcheala, agus ar iompraíocht nach bhfuil ag teastáil de chineál gnéasach (gnéaschiapadh).

Íospairt – rud a tharlaíonn nuair a bhriseann fostóir duine as a p(h)ost, nó nuair a chaitheann an fostóir go dona leis/léi, toisc go ndearna an duine sin gearán faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann.

An bhfuil tú den tuairim go ndearnadh aon cheann de na cineálacha leithcheala seo ort?