
Tá mandáid ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas treoir a thabhairt do chomhlachtaí poiblí agus iad a spreagadh chun beartais agus dea-chleachtas a fhorbairt maidir le cearta daonna agus comhionannas.
D’fhorbraíomar an dara heagrán seo dár dtreoir um Dhualgas um Chomhionannas na hEarnála Poiblí agus um Chearta an Duine, ag teacht lenár sainordú, faoi Alt 42 den Acht um Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014, chun tacú le comhlachtaí poiblí a n-oibleagáidí reachtúla a thuiscint agus a chomhlíonadh.
Mar chuid den ról sin, forbraíodh an treoir nuashonraithe seo agus raon ábhar tacaíochta agus oiliúna tacaíochta eile, mar ár modúl ríomhfhoghlama.