Léim go dtí an t-ábhar

Mar Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine agus Comhlacht Comhionannais Náisiúnta, neartaítear muid mar gheall ar ár gcomhaltas i líonraí domhanda chearta an duine agus comhionannais. Ar cheann dár gcuid tosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh 2025-2027 tá:

Ár ról idirnáisiúnta mar chuid de líonra domhanda d’Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus Comhlachtaí Comhionannais Náisiúnta a chomhlíonadh.

Faoin tosaíocht sin, thugamar tiomantas don mhéid seo a leanas a dhéanamh:

  • Plé le hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus Comhlachtaí Comhionannais Náisiúnta ar fud na hEorpa agus go hidirnáisiúnta chun foghlaim a chomhroinnt, agus chun dea-chleachtais inár n-oibríochtaí a shainaithint agus a chur chun cinn.
  • Tacú le hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus Comhlachtaí Comhionannais Náisiúnta, agus dlúthpháirtíocht leo a léiriú, nuair atá siad i mbaol mar go bhfuil an daonlathas, an tsíocháin agus an smacht reachta faoi bhagairt.

Plé le líonraí idirnáisiúnta d’Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus de Chomhlachtaí Comhionannais

Is comhalta muid de:

  • Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (ENNHRI)
  • Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais Náisiúnta (Equinet)
  • An Comhaontas Domhanda d’Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (GANHRI)
  • Bord Bainistíochta Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)

ENNHRI

Is é ENNHRI Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine.

Tá breis agus 40 Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine san Eoraip aontaithe le chéile in ENNHRI. Cuidíonn sé sin le borradh a chur faoi chur chun cinn agus cosaint chearta an duine ar fud an réigiúin. Cruthaíonn an líonra ardán chun oibriú le chéile ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine. Tugann sé guth aontaithe san Eoraip do na hInstitiúidí sin freisin.

Oibríonn ENNHRI chun tacú le hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus chun iad a neartú agus a nascadh ar fud na hEorpa.

Glacaimid páirt in obair leanúnach ENNHRI:

  • An Grúpa Oibre Dlí
  • An Grúpa Oibre le haghaidh Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha
  • Grúpa Oibre an Choinbhinsiúin ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas
  • An Grúpa Oibre Cumarsáide
  • An Grúpa Oibre Tearmainn agus Imirce
  • An Grúpa Oibre Intleachta Saorga
  • An Ghéarchéim Aeráide agus Cearta an Duine
  • Grúpa Oibre Gnó agus Chearta an Duine
Lógó ENNHRI

Equinet

Is é Equinet Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais Náisiúnta.

Is grúpa comhaltais é a chuireann comhionannas chun cinn san Eoraip. Tacaíonn sé le Comhlachtaí Comhionannais Náisiúnta ina gcuid oibre agus cumhachtaíonn sé iad. Cuidíonn sé le Comhlachtaí Comhionannais oibriú go neamhspleách. Fágann sé sin go mbíonn siad éifeachtach chun sochaithe níos cothroime a chruthú.

Oibríonn Equinet chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Comhlachtaí Comhionannais a neartú chun comhionannas a bhaint amach do chách agus tacú leis na Comhlachtaí é sin a dhéanamh
  • gníomhú mar ghuth saineolach na gComhlachtaí Comhionannais san Eoraip maidir le comhionannas agus neamh‑idirdhealú
  • acmhainneacht Equinet mar Líonra láidir, athléimneach agus nuálach a choinneáil ar bun agus a fheabhsú

Glacaimid páirt in obair leanúnach ENNHRI:

  • An Grúpa Oibre Cumarsáide
  • Braisle ar Mhíchumas
  • An Grúpa Oibre ar Thaighde agus Sonraí
  • An Grúpa Oibre Ceaptha Beartas
  • An Grúpa Oibre Dlí Comhionannais
  • An Grúpa Oibre Intleachta Saorga
  • An Grúpa Oibre Comhionannais Inscne
Lógó Equinet

GANHRI

Is é GANHRI an Comhaontas Domhanda d’Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine.

Tá an Comhaontas Domhanda d’Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine ar cheann de na líonraí is mó ar domhan um chearta an duine. Déanann sé ionadaíocht do bhreis agus 110 Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine ar fud na réigiún uile. Comhoibríonn GANHRI le ceithre líonra réigiúnacha d’Institiúidí dá leithéid: an Afraic, Críocha Mheiriceá, an Áise agus an tAigéan Ciúin, agus an Eoraip. Cruthaíonn sé sin struchtúr láidir, aontaithe de líonraí neamhspleácha. Tá siad freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus iad a chreidiúnú chun a chinntiú go gcomhlíonann siad Prionsabail Pháras. Is éard is Prionsabail Pháras ann caighdeáin íosta a chaithfidh na hInstitiúidí sin a chomhlíonadh chun bheith inchreidte.

Tá GANHRI aitheanta ag na Náisiúin Aontaithe agus ina chomhpháirtí iontaofa dá gcuid. Tá ceangail láidre tógtha aige le hOifig na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, UNDP agus le gníomhaireachtaí eile de chuid NA. Oibríonn sé le heagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha, leis an tsochaí shibhialta, agus leis an saol acadúil freisin.

Buailimid le GANHRI go bliantúil chun a bhfuil foghlamtha a roinnt agus chun eolas a mhalartú.

Lógó GANHRI

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)

Is eagraíocht ar leith í FRA san Aontas Eorpach, a chosnaíonn agus a chuireann cearta an duine chun cinn.

Cuidíonn siad chun cearta bunúsacha gach duine a chónaíonn san Aontas Eorpach a chosaint.

Sainmhíníonn cearta bunúsacha caighdeáin íosta chun a chinntiú go gcaitear le dínit le cách.

Tá saineolaithe ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach ar Bhord Bainistíochta FRA. Rud a thugann siad leo is ea eolas ar chearta bunúsacha ó na Ballstáit, ón gCoimisiún Eorpach, agus ó Chomhairle na hEorpa.

Tá FRA comhdhéanta de na daoine seo a leanas:

  • duine neamhspleách amháin atá ceaptha ag gach ceann de 27 Ballstát an Aontais Eorpaigh agus ag gach ceann de na Stáit a bhfuil stádas mar bhreathnóir acu
  • duine neamhspleách amháin atá ceaptha ag Comhairle na hEorpa
  • beirt ionadaithe ó Choimisiún an Aontais Eorpaigh.

D’fhéadfadh comhalta malartach, a roghnaítear de réir an nós imeachta chéanna, cúnamh a thabhairt do gach comhalta.

Sonraítear in Acht IHREC go roghnaítear an t-ionadaí ó Éirinn ó bhaill Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.

Is é Jim Clarken ceapaí reatha an Choimisiúin. Atoghadh Jim Clarken ina Chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta FRA i mí na Nollag 2024.  Is í an Dr Salome Mbugua an t-ionadaí malartach dó.

Lógó FRA