Mar an Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine, déanaimid monatóireacht ar chearta an duine in Éirinn. Tugaimid moltaí agus cuirimid bonn eolas faoi mheasúnuithe na gcomhlachtaí monatóireachta ar an gcaoi a bhfuil Éire ag comhlíonadh a hoibleagáidí faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta um chearta an duine.
Tá trí chóras ann faoina dtuairiscíonn Éire maidir le cearta an duine:
- Na Náisiúin Aontaithe
- Comhairle na hEorpa
- An tAontas Eorpach
Na Náisiúin Aontaithe
Tugaimid moltaí do na Náisiúin Aontaithe faoin méid seo a leanas:
- Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach
- An Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus i gcoinne Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach
- An Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú
- An Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas
- An Coinbhinsiún um Chearta an Linbh
- An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú
- An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla
- An Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha
- Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann

Comhairle na hEorpa
Pléimid le Comhairle na hEorpa faoin méid seo a leanas:
- An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR)
- Cairt Shóisialta na hEorpa (ESC)
- An coinbhinsiún chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (GREVIO)
- An Coinbhinsiún um Ghníomhaíocht i gcoinne Gáinneála ar Dhaoine (GRETA)
- An Coimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI)
- Creat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta
- Creat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint (FCNM)
- Coiste Chomhairle na hEorpa chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc (CPT)

An tAontas Eorpach
Pléimid leis an Aontas Eorpach faoin méid seo a leanas:
- Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
- An Seimeastar Eorpach
- Sásra an Smachta Reachta
